Síorach 7
7
Comhairlí
1Ná déan olc, agus ní bhainfidh olc duit.
2Seachain an urchóid, agus casfaidh sí i leataobh uait.
3A mhic, ná cuir síol i gclaiseanna na héagóra,
agus ní bhainfidh tú a fhómhar faoi seacht.
4Ná loirg tosaíocht ón Tiarna,
ná cathaoir ná honóra ón rí.
5Ná bí ag maíomh as dʼfhíréantacht os comhair an Tiarna,
ná as dʼeagna i láthair an rí.
6Ná bí ag iarraidh a bheith i do bhreitheamh,
le heagla nach bhféadfá an éagóir a scrios,
agus go mbeadh lé agat le duine cumhachtach,
agus go gcuirfeá smál ar dʼionracas.
7Ná déan coir in aghaidh na coitiantachta,
agus ná hísligh thú féin i súile an phobail.
8Ná mealltar chun peaca faoi dhó thú,
óir ní thabharfaidh tú na cosa leat ón bpionós ar son aon chinn amháin.
9Ná habair: “Tabharfaidh [Dia] aird ar líon mo thíolacthaí,
agus nuair a dhéanfaidh mé íobairt don Té is Airde, glacfaidh sé liom.”
10Ná bíodh lagmhisneach ort i mbun dʼurnaí,
agus ná déan faillí sa déirc.
11Ná déan ceap magaidh den té atá searbh ina chroí,
óir tá neach ann a íslíonn agus a uaislíonn.
12Ná beartaigh bréag in aghaidh do dhearthár,
agus ná déan a leithéid in aghaidh do charad.
13Ná hinis bréag ar bith
óir ní théann nós an mbréag chun tairbhe.
14Seachain an leadrán cainte i gcomhthionól na seanóirí;
agus ná bí ag dul siar ar do phaidreacha.
15Ná bíodh col agat le saothar dian,
ná leis an bhfeirmeoireacht, rud a chruthaigh an Té is Airde.
16Ná cuir le slua na bpeacach;
cuimhnigh air nach ndéanann an fhearg moill.
17Umhlaigh thú féin go talamh,
mar is í an tine agus an chruimh pionós na n‑éagráifeach.
18Ná reic cara ar shochar,
ná bráthair dílis ar ór Óifír.
19Ná tréig bean chríonna fhónta;
óir is luachmhaire ná ór cluain a scéimhe.
20Ná bí garg le seirbhíseach a dhéanann a ghnó go hionraic;
ná le fostúch a thaobhaíonn é féin leat.
21Bíodh cion ó do chroí agat ar sheirbhíseach eagnaí,
agus ná tóg uaidh a shaoirse.
Clann agus Tuismitheoirí
22An bhfuil stoc agat? Tabhair aire dóibh;
má tá siad ag dul chun sochair duit, coimeád iad.
23An bhfuil clann ort? Oil iad,
agus crom a muineál don chuing óna n‑óige.
24An bhfuil iníonacha agat? Tabhair aire dá gcorp,
ach ná samhlaigh a bheith róbhog leo.
25Cuir iníon i gcrích agus beidh beart mór déanta agat,
ach tabhair dʼfhear stuama í.
26An bhfuil bean ar do mhian agat? Ná caith amach í,
ach mura dtaitníonn sí leat, ná taobhaigh thú féin léi.
27Tabhair onóir do dʼathair ó do chroí go hiomlán,
agus ná déan dearmad ar íona do mháthar.
28Cuimhnigh gur tríothu a tháinig tú ar an saol,
agus cén cúiteamh cóir a dhéanfaidh tú in a ndearna siad duit?
Na Sagairt
29Bíodh urraim agat don Tiarna ó do chroí go hiomlán,
agus tabhair ómós dá shagairt.
30Bíodh grá agat do do chruthaitheoir ó do chroí go hiomlán,
agus na tréig a mhinistrí.
31Bíodh eagla an Tiarna ort, agus tabhair urraim don sagart,
agus tabhair dó a chuid mar atá ordaithe duit:
na céadtorthaí, na híobairtí cúitimh, an ofráil ghuailleach,
an íobairt naomhaithe agus céadtorthaí na nithe naofa.
Na Bochtáin agus Lucht Anró
32Sín do lámh don bhochtán,
le go mba fhoirfe do bheannacht.
33Bí fial le do thabhartais do gach duine beo
agus ná ceil dʼfhéile fiú ar an marbh.
34Ná teip ar lucht an olagóin,
ach caoin le lucht an chaointe.
35Ná seachain turas ar an easlán,
óir oibreacha mar sin a thuillfidh cion ort.
36I do bhearta go léir, cuimhnigh ar chríoch do shaoil,
agus ní dhéanfaidh tú peaca go brách.
Currently Selected:
Síorach 7: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.