YouVersion Logo
Search Icon

Síorach 6

6
1Óir tuilleann míchlú táir agus tarcaisne,
agus is mar sin a tharlaíonn don pheacach calaoiseach.
2Ná [géill] do thnúthán do chroí,
le heagla go dtollfadh sé dʼanam mar tharbh buile,
3Agus go n‑alpfadh sé do dhuilliúr agus go geaillfeá do thorthaí
agus go bhfágfaí thú mar chrann feoite.
4Scriosann drochmhianach an té ag a bhfuil sé,
agus déanann ceap magaidh de ag a naimhde.
Caradas
5Dá shéimhe an comhrá is ea is líonmhaire iad na cairde;
dá dhea-mhúinte í an teanga is ea is iomadúla iad na dea-bhéasa.
6Bíodh lucht aitheantais gan áireamh agat,
ach ná bíodh ach duine as míle ina chomhairleoir agat.
7Sula ndéanann tú cairdeas le duine, cuir tástáil air;
ná cuir do mhuinín ann go róluath.
8Tá cara atá ina chara nuair a oireann dó,
ach ná seasfaidh le do thaobh in am an ghátair.
9Tá cara eile ann a thitfeadh amach leat
agus a sceithfeadh ar an aighneas, rud a náireodh thú.
10Tá cara eile fós ann a chaithfeadh béile i do chuideachta,
ach nach seasódh le do thaobh ar uair na práinne;
11Nuair atá ag éirí go maith leat, bíonn sé ar chomhchéim leat féin,
agus déanann sé buannaíocht ar do chuid seirbhíseach.
12Ach má leagtar ar lár thú choíche, iompóidh sé i do choinne,
agus rachaidh sé i bhfolach ó do radharc.
13Fan amach ó do chuid naimhde,
agus bí ar dʼaire ar do chairde.
14Dídean dhaingean is ea cara dílis;
an té a fhaigheann ceann, is stór atá faighte aige.
15Níl malairt chuí le fáil ar chara dílis;
ní féidir a luach a mheas.
16Sláníoc na beatha is ea cara dílis;
na daoine a bhfuil eagla an Tiarna orthu, gheobhaidh siad ceann.
17An té a bhfuil eagla an Tiarna air, déanann sé cairdeas mar is cóir;
óir, mar atá an duine, sin mar a bhíonn a chomharsa chomh maith.
Printíseacht don Eagna
18A mhíc, ó dʼóige ar aghaidh, togh an teagasc
agus beidh an eagna á haimsiú agat go laethe liatha.
19Tar chuici mar dhuine a threabhann agus a chuireann síol,
agus fan lena fómhar fónta;
óir déanfaidh tú saothar ar feadh tamaill ina seirbhís,
ach ní fada go n‑íosfaidh tú a torthaí.
20Nach garbh í don mhuintir gan mhúineadh,
agus ní fada a fhanann an t‑éaganta ina fochair;
21Luífidh sí air mar [dhearbhchloch] throm,
agus ní dhéanfaidh sé moill ach í a chaitheamh de.
22Óir tá an eagna de réir a hainm,
agus ní léir dá lán í.
23Éist, a mhic, agus glac le mo bhreith,
agus ná diúltaigh do mo chomhairle;
24Cuir do chosa ina laincisí,
agus do mhuineál faoina cuing.
25Cuir do ghualainn fúithi agus iompair í;
agus ná bí ag tarraingt in aghaidh a srianta.
26Tar chuici le lánchroí,
agus cloígh lena cosáin le lán do nirt.
27Déan í a thóraíocht agus a lorg, agus cuirfidh tú aithne uirthi;
agus nuair a gheobhaidh tú greim uirthi, ná lig uait í.
28Faoi dheireadh gheobhaidh tú suaimhneas inti,
agus déanfar í a chlaochlú in aoibhneas duitse.
29Beidh a laincisí ansin mar dhídean dhaingean agat,
agus a ceanrach mar éide ghlórmhar.
30Libhré óir atá uirthi,
agus ribín gorm a srianta.
31Caithfidh tú í mar a dhéanfá éide ghlórmhar,
agus cuirfidh tú ar do cheann í, mar a dhéanfá coróin áthais.
32Más mian leat é, déanfar thú a theagasc, a mhic,
agus má chuireann tú chuige beidh tú ildánach.
33Más breá leat bheith ag éisteacht, beidh foghlaim ort
agus má bhíonn cluas le héisteacht ort, beidh tú eagnaí.
34Déan freastal ar chomhthionóil na seanóirí;
agus cloígh leis an eagnaí cibé é féin.
35Éist le fonn le haon tuairisc a thagann ó Dhia,
agus na scaoil aon seanfhocail ghaoise thar do chluasa.
36Má fheiceann tú duine tuisceanach, tabhair cuairt air go luath;
agus caith a thairseach le rian do choise.
37Déan do mhachnamh ar orduithe an Tiarna,
agus bí de shíor ag déanamh cúraim dá aitheanta;
eisean a shoilseoidh do chroí,
agus tabharfar duit an eagna lena bhfuil tú ag tnúth.

Currently Selected:

Síorach 6: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in