YouVersion Logo
Search Icon

Síorach 5

5
Saibhreas
1Ná bíodh do chroí i do chuid maoine,
agus ná habair: “Fágann seo beag beann ar gach duine mé.”
2Ná géill do do dhrochchlaonta ná do do neart,
agus ná déan beart de réir ainmhianta do chroí.
3Ná habair: “Cén duine a mbeidh údarás aige ormsa?”
óir imreoidh an Tiarna díoltas ort go cinnte.
4Ná habair: “Pheacaigh mé! Ach céard a tharla dom dá dheasca?”
mar is foighneach é an Tiarna.
5Ná bí baothdhochasach i dtaobh an mhaithiúnais
sa tslí go ndéanann tú peaca ar pheaca.
6Ná habair: “Is mór í a thrócaire;
maithfidh sé mo pheacaí go léir dom”;
óir tá idir thrócaire agus fhearg ag baint leis
agus luíonn a chuthach go trom ar na peacaigh.
7Iompaigh chun an Tiarna gan a thuilleadh moille,
ná cuir ar cairde é ó lá go lá;
óir tiocfaidh racht feirge ar an Tiarna go tobann,
agus díothófar tú go hiomlán lá an díoltais.
8Ná bíodh do chroí casta agat i maoin choiriúil,
óir ní rachaidh sí chun tairbhe duit lá na tubaiste.
Ionracas
9Ná déan do chaitheadh le gach gaoth,
agus ná siúil ar gach casán,
(sin é nós an pheacaigh chalaoisigh).
10Bí seasmhach i do aigne,
agus bíodh do bhriathar gan ghuagacht.
11Tabhair cluas go pras le héisteacht,
agus freagair go fadaraíonach.
12Má thuigeann tú an scéal, tabhair freagra ar do chomharsa;
mura dtuigeann, cuir do lámh thar do bhéal.
13Tagann glóir agus aithis ón gcaint,
agus bíonn a theanga ina cheap tuisle ag an duine.
14Ná bíodh cáil an chúlchainteora ort,
agus ná bíodh do theanga ar tinneall mar ghaiste agat;
óir bíonn an naire i ndán don ghadaí,
agus daorbhreith throm don chalaoiseach.
15Seachain an t‑ainbheart sa bheag agus sa mhór,
agus ná déantar namhaid díot in áit a bheith i do chara;

Currently Selected:

Síorach 5: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in