YouVersion Logo
Search Icon

Síorach 4

4
1A mhíc, ná diúltaigh slí bheatha don bhocht,
agus ná cuir moill ar shúile na ngátarach.
2Ná goill ar an ocrach,
agus ná cuir fearg ar an té atá ar an ngannchuid.
3Ná cuir le trioblóidí fhear na feirge,
agus brostaigh le do dhéirc don bhacach.
4Ná diúltaigh an té a dhéanann achainí chugat ó umar na haimléise;
agus ná tabhair an t‑eiteachas don bhochtán.
5Ná hiompaigh do shúil ón duine atá i ngátar,
agus ná tabhair leithscéal dʼaon duine mallacht a chur ort;
6Óir, má chuireann duine mallacht ort le barr seirfin chroí,
tabharfaidh a chruthaitheoir cluas dá urnaí.
7Tuill cion an chomhthionóil,
agus crom do cheann go humhal dʼfhear an údaráis.
8Tabhair cluas don bhocht,
agus freagair é go síochánta cneasta.
9Fuascail as láimh an ghéarleantóra an té ar a bhfuil sé ag luí;
ná bí suarach ag tabhairt breithiúnais;
10Bí i dʼathair ag na dílleachtaí,
agus chomh maith le céile dá máthair;
beidh tú mar mhac leis an Té is Airde,
agus tabharfaidh sé grá duit thar mar a dhéanfadh do mháthair.
Múineann an Eagna
11Tugann an eagna ardú céime dá clann mhac féin,
agus fóireann sí ar an muintir a lorgann í.
12An té a bhfuil grá aige di, tá grá aige don bheatha;
an mhuintir a chuardaíonn í go dícheallach, líonfar le háthas iad.
13An té a chloíonn léi, tabharfar gradam dó mar oidhreacht,
agus cibé áit ina rachaidh sé, cuirfidh an Tiarna an rath air.
14Na daoine a bhíonn ag seirbhís di, is ar an Aon Naofa a dhéanfaidh siad freastal,
agus tá grá ag an Tiarna dóibh siúd a bhfuil grá acu di.
15An té a bhíonn umhal di, tugann sé breith uaidh [mar is cóir];
an té a thugann aird uirthi, mairfidh sé slan ó bhaol.
16Má chuireann sé é féin faoina coimirce, gheobhaidh sé í mar oidhreacht;
agus beidh seilbh ag a shliocht uirthi go deo.
17Óir, fiú má sheolann sí é feadh conairí cama i dtosach báire,
agus go gcuireann sí eagla agus lagmhisneach air,
í ag crá a chroí le teagasc–
nó go mbíonn iontaoibh aici as–
agus á phromhadh lena reachtanna,
18Seolfaidh sí ar ais é ar an mbóthar díreach ar deireadh thiar,
cuirfidh lúcháir air,
agus ligfidh leis a cuid rúin.
19Ach má théann sé ar seachrán, tréigfidh sí é,
agus fágfaidh sí i muinín na cinniúna é.
Náire
20A mhic, bí ag faire na faille, agus seachain an t‑olc,
agus ná tabhair náire anama duit féin.
21Óir tá náire ann a ghineann an peaca,
agus tá náire ann ar glóir agus gnaoi í.
22Ná déan leathchuma ar dhuine, rud a mbeifeá thíos leis;
agus ná bí ag lútáil le haon duine, rud a mhillfeadh thú.
23Ná diúltaigh labhairt in am an ghátair;
[agus ná ceil dʼeagna].
24Óir aithnítear an eagna ón mbriathar,
agus an t‑oideachas ó fhocail an bhéil.
25Ná bréagnaigh an fhírinne,
ach bíodh scáth ort toisc dʼaineolais.
26Ná bíodh náire ort do pheacaí a admháil,
agus ná bí ag dréim le tuile na habhann.
27Ná bí ag lútáil le hamadán,
agus ná bíodh lé agat le duine cumhachtach.
28Troid go bás ar son na fírinne,
agus fearfaidh Dia cath thar do cheann.
29Ná bí bagrach briathar,
ná spadánta leisciúil beart.
30Ná bí mar leon sa bhaile,
ná i do chnáimhseálaí ar do shearbhóntaí.
31Ná bíodh do lámh sínte amach ag súil le breith,
ach dúnta in am an riartha.

Currently Selected:

Síorach 4: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in