YouVersion Logo
Search Icon

Síorach 3

3
Tuismitheóirí
1A leanaí, éistigí liomsa, bhur n‑athair;
agus déanaigí rud orm le go mbeadh sibh slán.
2Tugann an Tiarna onóir don athair trí bhíthin a chlainne,
agus déanann sé údarás na máthar ar a cuid clainne a dhaingniú.
3An té a mbíonn urraim aige dá athair, déanann sé leorghníomh ina pheacaí.
4An té a thugann onóir dá mháthair, is cosúil é le duine atá ag cnuasach stóir dó féin.
5An té a mbíonn urraim aige dá athair, beidh a chlann féin ina n‑ábhar áthais dó,
agus nuair a dhéanfaidh sé guí, éistfear leis.
6An té a thugann onóir dá athair, beidh fad saoil aige,
agus an té a dhéanann rud ar an Tiarna, tabharfaidh sé sólás dá mháthair.
7Agus déanfaidh sé seirbhís dá thuismitheoirí dála an daoir.
8Bíodh urraim agat do dʼathair ó ghníomh agus ó bhriathar,
i dtreo go dtiocfaidh beannacht ort uaidh.
9Óir daingníonn beannacht athar tithe na clainne,
ach déanann mallacht máthar iad a staitheadh óna mbonn.
10Ná bí ag maíomh as ábhar aithise do dʼathair,
óir ní glóir duitse aithis dʼathar.
11Is ón urraim a thugann sé dá athair a bhláthaíonn glóir dhuine,
agus is náire do leanaí masla a thabhairt dá máthair.
12A mhic, glac cúram dʼathar ort féin i ndeireadh a shaoil
agus ná cuir brón air fad is beo dó.
13Fiú amháin má thagann meath ar a mheabhair, bí foighneach leis;
ná bíodh drochmheas agat air, toisc, tú féin a bheith i mbarr do mhaítheasa.
14Óir an charthanacht a dhéanann tú ar dʼathair, ní dhéanfar dearmad uirthi choíche,
agus cuirfear síos duit é in aghaidh do pheacaí.
15I lá na cúngrachta rachaidh a chuimhne chun sochair duit;
leáfaidh do pheacaí dála an tseaca san aimsir bhreá.
16An té a thréigeann a athair, ní fearr é ná diamhaslóir;
agus an té a chuireann fearg ar a mháthair, tá mallacht an Tiarna air.
An Umhlaíocht
17A mhic, déan do chuid oibre le ceansacht;
agus an mhuintir is gean leis an Tiarna, beidh grá acu duit.
18Dá airde céim thú, is amhlaidh is córa duit thú féin a ísliú,
agus beidh gnaoi an Tiarna ort.
19(Is líonmhar iad lucht mustair agus toirtéise,
ach is don mhuintir uiríseal a nochtann sé a rúin.)
20Is éachtach í cumhacht an Tiarna,
agus tugann lucht na huirísle onóir dó.
21Ná bí ag lorg eolais ar nithe atá ródheacair duit,
agus ná cuir fiafraí ar nithe atá thar do chumas.
22Déan machnamh ar na horduithe a tugadh duit,
ní gá duit bheith buartha faoi na nithe atá folaithe uait.
23Ná bí ag gabháil de nithe atá os cionn dʼacmhainne,
24Óir na nithe a taispeánadh duit cheana féin,
sáraíonn siad tuiscint an duine.
25Is iomaí duine ar chuir a bharúil féin ar seachrán é,
agus ar chlaon a bhaoth-thuairimí féin a chumas breithúnais.
An tUabhar
26Déanfar an duine ceanndána a chiapadh ar deireadh;
agus an té ar gean leis an dainséar, caillfear ann é.
27Déanfar an duine ceanndána a bhuaireamh le triobloidí,
agus déanfaidh an peacach peaca a charnadh ar pheaca.
28Níl leigheas ar ghalar an uaibhrigh,
mar phréamhaigh planda den olc ann.
29Déanfaidh an duine críonna machnamh ar pharabal ina chroí,
agus cluas le héisteacht is mian leis an eagnaí.
An Déirc
30Múchann uisce tine loiscneach,
agus déanann an déirc leorghníomh i bpeacaí.
31An té a dhíolann an comhar, tá sé ag smaoineamh ar an lá amárach;
nuair a thitfidh sé gheobhaidh sé tacaíocht.

Currently Selected:

Síorach 3: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in