YouVersion Logo
Search Icon

Síorach 2

2
Eagla Dé in Am an Ghátair
1A mhic, má thugann tú faoi sheirbhís a dhéanamh don Tiarna,
ullmhaigh thú féin chun cathú a sheasamh.
2Bíodh croí ionraic buanseasmhach ionat,
agus ná bí buartha in am na hanachana.
3Cloígh leis [an Tiarna] agus ná himigh uaidh,
agus tabharfar onóir duit ag deireadh do shaoil.
4Cibé cor a thabharfar ort, ná diúltaigh dó;
agus bí foighneach fadaraíonach má thugtar isliú céime duit.
5Óir tástáiltear ór sa tine;
agus tástáiltear daoine tofa i bhfoirnéis an anró.
6Bíodh muinín agat as an Tiarna agus fóirfidh sé ort;
déan díreach do chuid bealaí agus cuir do dhóchas ann.
7Sibhse a bhfuil eagla an Tiarna oraibh, bígí ag tnúth lena thrócaire;
ná hiompaígí i leataobh ar eagla go dtitfeadh sibh ar lár.
8Sibhse a bhfuil eagla an Tiarna oraibh, bíodh muinín agaibh as;
agus ní cheilfear bhur luach saothair oraibh.
9Sibhse a bhfuil eagla an Tiarna oraibh, bígí ag súil leis an maith,
agus le haoibhneas síoraí agus trócaire.
10Breathnaígí na glúine atá imithe romhaibh, agus osclaígí bhur súile,
cé a chuir a mhuinín sa Tiarna riamh agus gur náiríodh é?
Nó cé a raibh eagla air roimhe go buan agus gur tréigeadh é?
nó cé a ghlaoigh air riamh agus gur tugadh cluas bhodhar dó?
11Óir tá an Tiarna truachroíoch agus trócaireach;
maitheann sé ár bpeacaí agus sábhálann sé sinn in aimsir na trioblóide.
12Is mairg do chroíthe gan mhisneach, agus do lámha gan fhuinneamh,
agus don pheacach a shiúlann mar Thadhg an dá thaobh.
13Is mairg don chroí fann, mar go bhfuil sé gan mhuinín,
agus ní bhfaighidh sé dídean dá bharrsan.
14Is mairg daoibhse ar theip ar bhur dtairiseacht,
céard a dhéanfaidh sibh nuair a fhiosróidh an Tiarna sibh?
15An mhuintir a bhfuil eagla an Tiarna orthu, ní dhéanann siad neamhaird dá bhriathra;
an mhuintir a bhfuil grá acu dó, leanfaidh siad dá bhealaí.
16An mhuintir a bhfuil eagla an Tiarna orthu, beidh siad ag iarraidh é a shásamh;
agus beidh an mhuintir a bhfuil grá acu dó lán den dlí.
17An mhuintir a bhfuil eagla an Tiarna orthu, déanfaidh siad a gcroí a ullmhú;
agus iad féin a isliú ina láthair.
18Titimis i lámha an Tiarna,
seachas i lámha daoine;
óir mar atá a mhórgacht,
is amhlaidh dá thrócaire.

Currently Selected:

Síorach 2: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in