Síorach 1
1
An Eagna
1Ón Tiarna an uile eagna,
agus is leis í go brách.
2Gaineamh na mara agus braonta na fearthainne,
agus laethanta na síoraíochta, cé dhéanfaidh iad a áireamh?
3Airde na spéire, agus leithead na cruinne,
agus [doimhne an dubhaigéin], cé ransóidh iad?
4Cruthaíodh an eagna roimh gach ní eile,
agus tá bua na tuigse ann ón tsíoraíocht anall.
5(Briathar Dé ar neamh foinse na heagna,
agus is iad na dlíthe síoraí a bealaí.)
6Cé dó ar foilsíodh fréamh na heagna?
cé arb eol dó a hildána?
7(Cé dó ar foilsíodh eolas na heagna,
agus a fuair tuiscint ar a hilbhealaí?)
8Níl ach aon eagnaí amháin ann; is sáruamhnach é,
agus é ina shuí ina ríchathaoir;
9Eisean an Tiarna, a chruthaigh [an eagna];
eisean a chonaic agus a mheas í,
agus a dhoirt amach í ar a oibreacha go léir.
10Thug sé mar bhronntanas í don chine daonna ar fad,
agus dháil sé í ar na daoine a bhfuil grá acu dó.
Eagla Dé
11Is glóir agus móráil í eagla an Tiarna;
is aoibhneas í agus coróin na lúcháire.
12Cuireann eagla an Tiarna lúcháir ar an gcroí,
tugann sí aoibhneas agus áthas agus fad saoil.
13An té arb eagla leis an Tiarna beidh an rath air ag ceann cúrsa;
agus beidh beannacht air lá a bháis.
14Tús na heagna, eagla an Tiarna;
gineadh í leis na creidmhigh i mbroinn a máthar.
15Rinne sí a nead i measc daoine mar dhaingean síoraí;
agus cloífidh sí lena síol go dílis.
16Comhláine na heagna í eagla an Tiarna;
cuireann sí meisce ar na daoine lena torthaí.
17Líonann sí a dteach uile le mianta a gcroí,
agus a stórais lena fómhar.
18Coróin na heagna eagla an Tiarna;
cuireann sí bláth ar an tsíocháin agus ar an tsláinte.
19Dʼfhéach an Tiarna uirthi agus rinne í a mheas;
dhoirt sé anuas léann agus eolas na tuisceana,
agus mhóraigh glóir lucht a sealbhaithe.
20Fréamh na heagna eagla an Tiarna,
agus fad saoil is ea a craobhacha.
21(Tógann eagla an Tiarna peacaí ar shiúl;
agus an té a mhaireann dílis, casann sé an fhearg i leataobh.)
Foighne
22Ní dhéanfaidh fearg [an choirpigh an coirpeach] fíréanta;
óir is é buile a fheirge a leagann ar lár é.
23Fanfaidh fear na foighne leis an uain,
agus eascróidh an t‑aoibhneas dó faoi dheireadh.
24Ceilfidh sé a bhriathra go dtaga an uain,
agus beidh cur síos ar a stuamacht ó bhéal a lán.
Fíréantacht
25I gciste na heagna tá ráite críonna,
ach is fuath leis an gcoirpeach an fhíréantacht.
26Má tá dúil agat san eagna, coimeád na haitheanta,
agus seolfaidh an Tiarna chugat í.
27Óir is é is eagna agus teagasc ann ná eagla an Tiarna,
agus is gean leis an dílse agus an cheansacht.
28Ná bí easumhal dʼeagla an Tiarna,
agus ná téigh ina gaire le croí i bpáirt.
29Ná bí ag cur i gcéill go poiblí,
agus bí aireach faoi do bhriathra.
30Ná hardaigh thú féin le heagla go dtitfeá,
agus go dtabharfá aithis ort féin;
nochtfaidh an Tiarna do rúin,
agus caithfidh anuas thú i láthair an chomhthionóil,
mar nár tháinig tú faoi eagla an Tiarna
ach do chroí lán de chalaois.
Currently Selected:
Síorach 1: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.