YouVersion Logo
Search Icon

Seanfhocal 4

4
An Eagna le Roghnú
1Éistigí, a chlann mhac, le teagasc athar;
tugaigí aird agus foghlaimigí céard í an tuiscint ghrinn.
2Aitheanta córa a thugaim daoibh
agus ná tréigigí mo theagasc.
3Ba mhac mise freisin le hais m'athar,
agus ba aonmhac muirneach mé ag mo mháthair.
4Sé mhúin sé dom agus sé a dúirt:
“Bíodh mo bhriathra i gcochall do chroí;
coinnigh m'aitheanta agus mairfidh tú beo.
5Bíodh eagna agat, agus bíodh tuiscint;
ná déan dearmad di, agus ná claon ó bhriathra mo bhéil.
6Na tréig í agus coimeádfaidh sí slan thú;
tabhair grá di agus cosnóidh sí thú.
7Tús na heagna, an eagna a ghnothú:
faigh an tuiscint mar sin fiú má chosnaíonn sí a bhfuil agat.
8Bíodh ardmheas agat uirthi, agus tabharfaidh sí ardú céime duit;
tuillfidh sí onóir duit, má theannann tú í le do chroí.
9Cuirfidh sí mionn maisiúil ar do cheann,
agus bronnfaidh sí ort coróin ghlórmhar.”
10Éist, a mhic, agus glac le mo bhriathra,
agus mairfidh tú an céad.
11Múinfidh mé slí na heagna duit,
treoróidh mé thú ar bhealaí díreacha.
12Ag siúl duit ní chuirfear bac ar do choiscéimeanna;
nuair a rithfidh tú ní bhainfear tuisle asat.
13Beir greim docht ar an dea-theagasc, agus ná lig uait é;
cosain é ós é do bheatha é.
14Ná leag cos leat ar chosán na n‑urchóideach;
ná siúl bealach na gciontach.
15Seachain é, ná gabh an treo sin;
tabhair cul leis, gabh thairis.
16Ní théann aon chodladh orthu gan olc a dhéanamh;
fágtar gan codladh iad mura mbíonn duine ar lár acu;
17Sí an urchóid is bia acu,
agus an lámh láidir an fíon a ólann siad.
18Tá bealach na bhfíréan mar an láchan,
agus a solas ag dul i ngile go hard an lae.
19Tá bealach na n‑urchóideach mar an duibheagán domhain;
ní eol dóibh céard a bhaineann tuisle astu.
20Tabhair aird ar mo bhriathra, a mhic,
agus éist go cúramach le briathra mo bhéil.
21Ná scaoil as do radharc iad,
coinnigh i gcochall do chroí iad.
22Óir is beatha iad don mhuintir a aimsíonn iad,
agus is sláinte iad don cholainn ar fad.
23Thar aon ní eile, bíodh faire agat ar do chroí,
óir is ann atá foinsí na beatha.
24Tabhair cúl leis an mbéal mealltach,
agus seachain an comhrá claon.
25Féachadh do shúile díreach romhat,
agus bíodh d'amharc romhat amach.
26Bíodh an cosán faoi do chosa réidh,
agus do shlite go léir daingean.
27Ná claon ar dheis ná ar chlé,
seachain do chos ar an olc.

Currently Selected:

Seanfhocal 4: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy