YouVersion Logo
Search Icon

Seanfhocal 3

3
Conas an Eagna a Aimsiú
1Ná déan dearmad de mo theagasc, a mhic,
agus coinníodh do chroí greim ar m'aitheanta.
2Óir bronnfaidh siadsan fad saoil ort,
blianta breise saoil agus sonas go fial.
3Ná tréigeadh dílseacht agus cneastacht go brách thú,
ceangail faoi do bhráid iad,
agus scríobh ar chláracha do chroí iad.
4Beidh fabhar agus dea-cháil ort dá bharrsan,
i láthair Dé agus daoine.
5Bíodh muinín agat as an Tiarna,
agus ná bíodh iontaoibh agat as do thuiscint féin;
6Bíodh aird agat air siúd cibé cúrsa ar a mbíonn tú,
agus féachfaidh sé chuige go mbeidh do chosáin réidh.
7Ná bí féin a mheas go bhfuil tú eagnaí,
ach bíodh eagla an Tiarna ort, agus tabhair cúl leis an olc.
8Beidh sin ina íocshlainte do do cholainn
agus ina fhaoiseamh do do chnámha.
9Tabhair onóir don Tiarna le do mhaoin go léir,
agus le céadtorthaí d'fhómhair go léir.
10Ansin líonfar do sciobóil go béal
agus beidh maol ar do dhabhcha le fíon.
11Ná déan díspeagadh ar smachtú ón Tiarna,
agus ná bí míshásta le ceartú uaidh.
12Óir ceartaíonn an Tiarna an té dá dtugann sé grá,
faoi mar a dhéanann athair lena mhuirnín mic.
Lúcháir na hEagna
13Is méanar don té a aimsíonn an eagna,
agus don té a fhaigheann greim ar an tuiscint,
14Is mó an sochar a ghabhann léi ná leis an airgead
agus is mó a tairbhe ná an t‑ór.
15Is luachmhaire í na péarlaí,
níl ní a shantófá is inchurtha léi.
16Ina deasláimh tá fad saoil,
agus ina ciotóg maoin agus saibhreas.
17Bealaí aoibhnis a bealaí,
agus níl ina treo ach síocháin.
18Crann na beatha í do lucht a sealbhaithe,
agus is méanar dóibh siúd a choimeadann greim uirthi.
19Bhunaigh an Tiarna an chruinne ar a máithreacha le barr eagna,
agus le barr tuisceana dhaingnigh sé na spéartha.
20Bhrúcht na duibheagáin le barr a eolais,
agus fearann na scamaill an drúcht ar an talamh.
21Cloigh, a mhic ó, le heagna stuama agus le críonnacht,
ná scaoil as do radharc iad.
22Beidh siad mar bheatha ag d'anam,
agus mar ornáid faoi do bhráid.
23Tabharfaidh tú do bhóthar ort gan bhaol,
agus ní bhainfear tuisle as do chosa.
24Ní bheidh eagla ort i do shuí duit,
agus beidh do chodladh go sámh i do luí duit.
25Ná bíodh eagla ort roimh an uafás tobann,
ná roimh ionsaí ó lucht na hurcóide;
26Óir is é an Tiarna a bheidh agat mar urra,
agus a shaorfaidh do chéimeanna ón ngaiste.
27A mhic, ná coinnigh an mhaith ón té dar dual í
nuair is féidir leat í a chur i ngníomh.
28Ná habair le do chomharsa: “Imigh leat agus fill arís;
tabharfaidh mé duit amarach é” nuair atá sé faoi do láimh.
29Ná beartaigh olc in aghaidh do chomharsan,
agus é ag maireachtáil go sochma i mbéal do dhorais.
30Na déan achrann gan ábhar
le duine nach ndearna aon dochar duit.
31Ná bí ag éad le lucht ansmachta
agus ná déan aithris orthu.
32Óir is fuath leis an Tiarna an duine urchóideach;
is leis na fíréin amháin a ligeann sé a rún.
33Tá mallacht an Tiarna ar theach an drochdhuine,
ach cuireann sé a bheannacht ar áitreabh na bhfíréan.
34Tugann sé tarcaisne do tharcaisneoirí,
ach bronnann sé a ghrásta ar lucht na huirísle.
35Onóir is oidhreacht ag lucht na heagna,
ní bhíonn ach an táire mar chuid ag amadáin.

Currently Selected:

Seanfhocal 3: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy