YouVersion Logo
Search Icon

Seanfhocal 5

5
Grá an Eagnaí
1A mhic, tabhair aird ar m'eagna,
agus tabhair cluas go géar do mo chuid cainte.
2Le go mbeadh críonnacht agus eolas do do chosaint,
agus iad mar gharda ar do bheola.
3[Ná tóg aon cheann de bhean bhaoth,]
óir tá mil ar sileadh le beola an strainséir mná seo
agus is míne a beola ná ola.
4Ach níl de thoradh orthu ach mar a bheadh mormónta searbh,
chomh géar le claíomh dhá fhaobhar.
5Gabhann a cosa síos chun an bháis,
agus seolann a céimeanna síos chun Seól;
6In áit bealach na beatha a leanúint,
gabhann sí bealaí fáin gan stuaim.
7Éist liomsa anois, [a mhic],
agus ná scar le briathra mo bhéil.
8Stiúir do chúrsa i bhfad uaithi;
agus ná téigh in aon ghiorracht do dhoras a tí,
9Nó imeoidh d'onóir le daoine eile
agus blianta do shaoil le duine gan trócaire,
10Agus cothófar coimhthígh ar do chuid,
rachaidh do shaothar chun sochair teaghlaigh strainséartha,
11Agus déanfaidh tú osna i ndeireadh do shaoil,
nuair a bheidh do cholainn is d'fheoil caite;
12Agus déarfaidh tú: “Nach agam a bhí fuath don smacht!
agus an drochmheas i mo chroí agam ar gach ceartú.
13Níor éist mé le glór mo mháistrí,
ná níor thug mé cluas do mo lucht teagaisc.
14Táim anois in umar na haimléise
i bhfianaise an chomhthionóil go léir.”
15Ól uisce as do thaiscumar féin,
agus fíoruisce as do thobar féin.
16[Ná] lig do do thoibreacha sceitheadh amú,
ná do do shrutháin sníomh trí na sráideanna.
17Fágtar fút féin amháin iad,
agus ní faoi strainséirí san am céanna.
18Go raibh beannacht ar fhoinse do thobair!
agus bíodh suáilceas agat i gcomhluadar na mná a phos tú i d'óige,
19Eilit chórach, fia maisiúil;
[bíodh sise mar chuideachta agat;]
bíodh a cíochasan mar shólás agat i gcónaí,
agus a grásan i gcónaí do do chuibhreach.
20Cén fáth, a mhic, go meallfadh bean dheoranta thú,
agus go mbéarfá barróg ar bhrollach strainséir mná?
21Óir tá bealaí an duine os comhair súile an Tiarna,
agus faireann sé a shlite go léir.
22Bíonn cionta an urchóidigh mar ghaiste ina thimpeall,
agus gabhtar é i líonta a pheaca féin.
23Faigheann sé bás cheal smachta,
agus téann sé amú le barr baoise.

Currently Selected:

Seanfhocal 5: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy