YouVersion Logo
Search Icon

Uimhreacha 9

9
An Cháisc
1Labhair an Tiarna le Maois i bhfásach Shíonái an chéad mhí den dara bliain tar éis dóibh teacht amach as tír na hÉigipte agus dúirt: 2“Coimeádadh clann Iosrael an Cháisc san am atá ceaptha di. 3An ceathrú lá déag den mhí seo, idir dhá sholas tráthnona, an t‑am atá ceaptha daoibh í a choimeád. Ní foláir daoibh í a cheiliúradh de réir gach dlí agus gnás a bhaineann léi.” 4Dʼordaigh Maois do chlann Iosrael dá bhrí sin an Cháisc a choimeád. 5Cheiliúradar an Cháisc i bhfásach Shíonái, ar an gcéad mhí, ar an gceathrú lá déag den mhí sin, idir dhá sholas tráthnóna. Rinne clann Iosrael go cruinn beacht mar a dʼordaigh an Tiarna dóibh.
6Bhí fir áirithe a bhí neamhghlan mar gur bhaineadar le corpán agus nárbh fhéidir dóibh an Cháisc a cheiliúradh an lá sin. Thángadar go Maois agus go hÁrón an lá sin féin, 7agus dúirt siad leis: “Táimid fágtha neamhghlan mar gur bhaineamar le corpán; cén fáth a bhfuiltear a chosc orainne ofráil a dhéanamh don Tiarna ag an am cuí in éineacht leis an gcuid eile de chlann Iosrael?” 8Dʼfhreagair Maois iad: “Fanaigí mar a bhfuil sibh go gcluine mé cad é an t‑ordú a thabharfaidh an Tiarna fúibh.”
9Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: 10“Abair le clann Iosrael: ‘Má bhíonn aon duine agaibhse nó de bhur sliocht neamhghlan mar gur bhain sé le corpán, nó má bhíonn sé ar aistear i gcéin, is féidir dó Cáisc a choimeád don Tiarna mar sin féin. 11Coimeádaidís í ar an dara mí, ar an gceathrú lá déag, idir dhá sholas tráthnóna; caithidís an t‑uan le harán slim agus le luibheanna searbha; 12ná fágtar aon chuid de go maidin, agus ná bristear aon chnámh ann; coimeádaidís an Cháisc seo ar aon dul díreach le gnás na Cásca. 13Ach an té atá glan agus nach bhfuil ar aistear, ach nach gcoimeádann an Cháisc san am céanna, gearrtar an duine sin amach óna phobal, mar nár ofráil sé ofráil an Tiarna ag an am a bhí ceaptha; bíodh ualach a pheaca ar an té sin. 14Má bhíonn coimhthíoch ag cur faoi in bhur measc agus go gcoimeádann an Cháisc don Tiarna, ní foláir dó í a choimeád de réir reacht agus gnás na Cásca. Bíodh an t‑aon reacht amháin in bhur measc do dheoraí agus do dhúchasach mar an gcéanna.’ ”
An Néal
15An lá a cuireadh suas an taibearnacal, chlúdaigh an néal an taibearnacal agus both na Fianaise. Ó thráthnona go maidin luigh sé ar an taibearnacal faoi chló tine. 16Dʼfholaigh an néal é gan stad dá réir sin, agus é faoi chló tine san oíche. 17Nuair a dʼardaíodh an néal ón mboth, chuireadh clann Iosrael chun siúil; cibé áit ina luíodh an néal, ansiúd a shuíodh clann Iosrael a gcampa. 18Faoi ordú an Tiarna a chuireadh clann Iosrael chun bóthair agus faoi ordú uaidh a shuídís campa. Fad a luigh an néal ar an taibearnacal, dʼfhanadar sa champa. 19Má luíodh an néal tamall fada de laethanta ar an taibearnacal, ghéilleadh clann Iosrael do threoir an Tiarna agus ní scoiridís campa. 20Ach sa chás nach luíodh an néal ach beagán laethanta os cionn an taibearnacail, shuídís campa faoi ordú an Tiarna agus scoiridís campa faoi ordú an Tiarna. 21Nuair nach luíodh an néal ach thar oíche go maidin, chuiridís chun siúil nuair a dʼardaíodh sé lá arna mhárach. Nó, nuair a dʼfhanadh sé lá agus oíche iomlán, ní bhogaidís go dtí go n‑ardaíodh sé. 22Ar uaire luíodh sé ar feadh dhá lá, nó mí, nó níos faide; dá fhad a dʼfhanadh an néal os cionn an taibearnacail, dʼfhanadh clann Iosrael sa champa san áit chéanna agus nuair a dʼardaíodh sé chuiridís chun siúil. 23Faoi ordú an Tiarna shuídís campa, faoi ordú an Tiarna a scoiridís campa. Choinnídís aithne an Tiarna de réir ordú an Tiarna trí Mhaois.

Currently Selected:

Uimhreacha 9: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Uimhreacha 9