Uimhreacha 10
10
Na Trumpaí
1Labhair an Tiarna le Maois: 2“Déan dhá thrumpa, déan dʼairgead buailte iad. Bain feidhm astu ag gairm an chomhthionóil agus ag scor an champa. 3Nuair a shéidfear iad araon cruinníodh an comhthionól chugat ag doras Bhoth na Teagmhála. 4Nuair nach séidfear ach ceann, ansin ná cruinníodh i do thimpeall ach an lucht ceannais, ceannairí threibheanna Iosrael. 5Nuair a ghabhann gáir chatha leis an séideadh, cuireadh na campaí lastoir chun siúil. 6Nuair a dhéanfar an dara séideadh agus go mbíonn gáir chatha leis, cuireadh na campaí laisteas chun siúil. Chun an campa a scor, ní foláir gáir chatha a dhul leis an séideadh; 7ach chun an comhthionól a chruinniú, déantar an trumpa a shéideadh gan gháir chatha. 8Siad na sagairt, clann Árón, a shéidfidh na trumpaí; dlí síoraí é seo daoibh féin agus do bhur sliocht.
9“Nuair a rachaidh sibh chun cogaidh in bhur dtír féin in aghaidh namhad a bhíonn ag déanamh leatroim oraibh, ní foláir daoibh an trumpa a shéideadh leis an ngáir chatha: ‘Cuimhneofar oraibh i láthair an Tiarna bhur nDia, agus déanfar sibh a fhuascailt ó bhur naimhde!’ 10In bhur bhféilte chomh maith, in bhur sollúna cinnte agus in bhur bhféilte ré nua, déanfaidh sibh bhur dtrumpaí a shéideadh le linn bhur n‑íobairtí loiscthe agus bhur n‑íobairtí comaoineach; beidh siadsan mar shás cuimhnithe oraibh i láthair bhur nDé. Mise an Tiarna bhur nDia.”
Cuirtear chun Bealaigh
11Sa dara bliain, sa dara mí, ar an bhfichiú lá den mhí sin, dʼardaigh an néal ó thaibearnacal na Fianaise. 12Chuir clann Iosrael chun siúil faoi eagar aistir, ó fhásach Shíonái. Luigh an néal i bhfásach Phárán. 13Seo iad an mhuintir a chuir chun bealaigh ar dtús faoi ordú an Tiarna trí bhéal Mhaois: 14ar tosach bhí bratach champa chlann Iúdá faoi chóiriú catha. I gceannas ar a slua bhí Nachsón mac Amaíneádáb; 15i gceannas ar threibh chlann Íosácár faoi chóiriú catha bhí Natanael mac Zúár; 16i gceannas ar threibh chlann Zabúlun faoi chóiriú catha bhí Eilíáb mac Haelon. 17Nuair a tógadh anuas an taibearnacal, chuir clann Ghéirseon agus clann Mharáraí chun bealaigh ag iompar an taibearnacail. 18Ansin chuir bratach champa chlann Reúbaen chun bealaigh faoi chóiriú catha; i gceannas ar shlua Reúbaen bhí Eilíozúr mac Shidéúr; 19i gceannas threibh chlann Shímeon faoi chóiriú catha bhí Sealuimíéil mac Zúiríseadái; 20i gceannas threibh chlann Ghád faoi chóiriú catha bhí Eiliásáf mac Dheúael.
21Ansin chuir clann Chohát chun bealaigh agus na nithe naofa ar iompar acu (bhí an taibearnacal curtha suas roimh iad a theacht). 22Ansin tháinig bratach champa chlann Eafráim faoi chóiriú catha; i gceannas ar a slua bhí Eilíseámá mac Aimíohúd; 23i gceannas ar shlua threibh chlann Mhanaise bhí Gamailíéil mac Phadázúr; 24i gceannas ar shlua threibh chlann Bhiniáimin bhí Aibíodan mac Ghideoiní. 25Ar deireadh, thiar, mar chúlgharda ar an gcampa uile, chuir bratach champa chlann Dhán chun bealaigh, faoi chóiriú catha; i gceannas ar a slua bhí Aichíeizir mac Aimíseadái; 26i gceannas ar threibh chlann Áiséar faoi chóiriú catha bhí Paigíéil mac Ocrán; 27i gceannas ar threibh chlann Naftáilí faoi chóiriú catha, bhí Aichíora mac Aenán. 28Ba é sin eagar máirseála chlann Iosrael faoi chóiriú catha. Chuireadar chun bóthair dá bhrí sin.
29Dúirt Maois le Hobáb mac Reúael, an Midiánach, athair a chéile: “Táimid ag cur chun bóthair go dtí an tír a ndúirt an Tiarna faoi: ‘tabharfaidh mé daoibh é’. Tar linn agus déanfaimid do leas, óir gheall an Tiarna sonas do chlann Iosrael.” 30“Ní rachaidh mé faraibh,” ar sé, “imeoidh mé chun mo thíre agus mo mhuintire féin.” 31“Ná himigh uainn,” arsa Maois, “mar tá a fhios agat cár féidir dúinn ár gcampa a shuíomh san fhásach; agus beidh tú mar shúile againn. 32Má thagann tú inár gcoimhdeacht, beidh tú páirteach i ngach beannacht sonais lena mbeannóidh an Tiarna sinn.”
33Chuir siad chun siúil ó shliabh an Tiarna agus rinne siad taisteal trí lá. Ghabh áirc chonradh an Tiarna ar an aistear trí lá seo ag lorg áit lonnaithe dóibh. 34Agus bhí néal an Tiarna os a gcionn sa lá cibé uair a dʼfhágadar an campa. 35Nuair a chuireadh an áirc chun bóthair deireadh Mhaois:
“Éirigh, a Thiarna, agus go raibh scaipeadh ar do naimhde!
Agus an dream a bhfuil fuath acu duit,
Go dteithidís lena n‑anam romhat.”
36Agus nuair a stopadh sí, deireadh sé:
“Fill, a Thiarna,
Ar na mílte ar mhílte dʼIosraelaigh.”
Currently Selected:
Uimhreacha 10: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.