Uimhreacha 8
8
Na Lampaí don Choinnleoir
1Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: 2“Abair le hÁrón: ‘Nuair a dhéanfaidh tú na lampaí a chóiriú, ní foláir do na seacht lampaí a solas a chaitheamh amach os comhair an choinnleora.’ ” 3Rinne Árón amhlaidh. Chóirigh sé na lampaí le solas a chaitheamh os comhair an choinnleora mar a dʼordaigh an Tiarna do Mhaois. 4Ba dʼór buailte an coinnleoir, idir chrann agus bheangáin–ba dʼór buailte iadsan chomh maith. Rinneadh an coinnleoir de réir an phatrúin a thaispeáin an Tiarna do Mhaois.
Na Léivítigh á dTíolacadh
5Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: 6“Scar na Léivítigh ó chlann Iosrael agus íonaigh iad. 7Seo mar atá siad le híonú agat: Croith íonuisce orthu, agus bearraidís a gcorp ar fad agus nídís a gcuid éadaigh. Beidh siad glan ansin. 8Faighidís tarbh óg ansin leis an abhlann de phlúr mín measctha le hola a ghabhann leis, agus faigh-se tarbh óg eile dʼíobairt pheaca. 9Ansin tabhair na Léivítigh os comhair Bhoth na Teagmhála, agus gáir le chéile comhthionól uile chlann Iosrael. 10Nuair a bhéarfaidh tú na Léivítigh i láthair an Tiarna, leagadh clann Iosrael a lámha orthu. 11Ofráladh Árón na Léivítigh ansin mar dhleacht ar leith i láthair an Tiarna thar ceann chlann Iosrael. As sin amach beidh siad tíolactha do sheirbhís an Tiarna.
12“Leagadh na Léivítigh ansin a lámha ar cheann na dtarbh, agus déan-sa ceann acu a ofráil mar íobairt pheaca, agus an ceann eile mar íobairt loiscthe don Tiarna. Sin mar atá an gnás leorghnímh ar son na Léivíteach le comhlíonadh. 13Tar éis duit na Léivítigh a chur faoi bhráid Árón agus a chlann mhac, ofráil don Tiarna iad mar dhleacht ar leith. 14Sin mar atá na Léivítigh le cur i leataobh ón gcuid eile de chlann Iosrael i dtreo go mba liomsa iad. 15Tosóidh na Léivítigh ansin ar a seirbhís i mBoth na Teagmhála.
“Ní foláir duit iad a ghlanadh agus a ofráil mar dhleacht ar leith, 16óir tugadh dom go hiomlán mar thoirbheartaigh iad ó i measc chlann Iosrael, agus tá siad le bheith ina n‑áit siúd a dʼoscail an bhroinn, na céadghinte; rinne mé mo chuid féin díobh as clann Iosrael go léir. 17Óir is liomsa gach céadghin ar chlann Iosrael, idir fhear agus ainmhí; an lá a mharaigh mé gach céadghin i dtír na hÉigipte, rinne mé iad a choisreacan dom féin, 18agus anois thóg mé na Léivítigh in áit gach céadghin ar chlann Iosrael. 19Thug mé na Léivítigh dʼÁrón agus dá mhaca mar thoirbheartaigh de chlann Iosrael; déanfaidh siad seirbhís i mBoth na Teagmhála thar ceann chlann Iosrael, agus comhlíonfaidh siad gnás an leorghnímh ar son chlann Iosrael i dtreo nach mbuailfeadh aon phlá iadsan má rachadh aon chuid de chlann Iosrael i ngar don sanctóir.”
20Sin mar a rinne Maois agus Árón agus comhthionól uile chlann Iosrael leis na Léivítigh, go cruinn beacht mar a dʼordaigh an Tiarna do Mhaois i dtaobh na Léivíteach; sin mar a rinne clann Iosrael leo. 21Ghlan na Léivítigh iad féin ó pheaca, agus nigh siad a gcuid éadaigh; dʼofráil Árón iad mar dhleacht ar leith i láthair an Tiarna. Ansin chomhlíon Árón gnás an leorghnímh thar a gceann á nglanadh. 22Ansin ghabh na Léivítigh isteach chun a seirbhís a dhéanamh i mBoth na Teagmhála ag fónamh dʼÁrón agus dá mhaca. Rinneadh leis na Léivítigh de réir mar a dʼordaigh an Tiarna do Mhaois ina dtaobh.
23Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: 24“Baineann sé seo leis na Léivítigh. Ó aois a cúig fichead amach, ní foláir do na Léivítigh dul isteach chun a gcúram a chomhlíonadh ag freastal i mBoth na Teagmhála. 25Ó aois leathchéad amach níl aon cheangal ar Léivíteach freastal agus ná déanadh sé freastal a thuilleadh, 26ach déanadh sé fónamh dá bhráithre i mBoth na Teagmhála, chun an tseirbhís a chinntiú; ach ná déanadh sé féin aon seirbhís a thuilleadh. Féach chuige gurb í sin an riail do sheirbhís na Léivíteach.”
Currently Selected:
Uimhreacha 8: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.