Uimhreacha 7
7
Ofralácha na gCeannairí
1An lá a bhí deireadh ag Maois ag cur an taibearnacail suas, rinne sé é a ungadh agus a choisreacan agus a throscán go léir chomh maith, mar aon leis an altóir agus a gréithe. Nuair a bhí sé go léir ungtha agus coisricthe aige 2rinne ceannairí Iosrael ofráil; ba iadsan ceann na dteaghlach sinsearachta, ceannairí na dtreibheanna a bhí i gceannas an daonáirimh. 3Thugadar a n‑ofrálacha i láthair an Tiarna, sé charbad iata agus dhá dhamh déag–carbad do gach dhá cheannaire agus damh an duine. Dʼofráladar iad os comhair an taibearnacail. 4Dúirt an Tiarna ansin le Maois: 5“Glac iad seo uathu agus cuirtear ar leithrigh iad do sheirbhís Bhoth na Teagmhála. Tabhair do na Léivítigh iad, do gach duine do réir mar a éileoidh a dhualgais.” 6Ghlac Maois na carbaid dá bhrí sin agus na daimh agus thug do na Léivítigh iad. 7Thug sé dhá charbad agus ceithre dhamh do chlann Ghéirseon i gcomhair na ndualgas a bhí le comhlíonadh acu. 8Agus do chlann Mharáraí, ceithre charbad agus ocht ndamh i gcomhair na ndualgas a bhí le comhlíonadh acu faoi threoir Íteámár mac Árón an sagart. 9Ach do chlann Chohát níor thug sé oiread agus ceann, mar na nithe naofa a cuireadh faoina gcúram is ar a nguaillí a bhí siad le hiompar.
An Ofráil Tíolactha
10Ansin rinne na ceannairí ofráil do thíolacadh na haltóra an lá a ungadh í; dʼofráil na ceannairí a n‑ofráil os comhair na haltóra. 11Dúirt an Tiarna le Maois: “Ofrálaidís a n‑ofrálacha, ceannaire díobh gach lá i ndiaidh a chéile, do thíolacadh na haltóra.”
12Ar an gcéad lá sé Nachsón mac Amaíneádáb de threibh Iúdá a thug an ofráil; 13sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil, báisín airgid de mheachan seachtó seicil airgid–seicil an tsanctóra is é sin–agus iad seo araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann; 14mias óir deich seicil lán de thúis; 15tarbh óg, reithe, agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe; 16pocán gabhair don íobairt pheaca, 17agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán, agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Nachsón mac Amaíneádáb.
18Ar an dara lá sé Natanael mac Zúár ceann Íosácár a thug an ofráil; 19sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil, báisín seachtó seicil airgid–seicil an tsanctóra is é sin–agus iad seo araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann; 20mias óir deich seicil lán de thúis; 21tarbh óg, reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe; 22pocán gabhair don íobairt pheaca, 23agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Natanael mac Zúár.
24Ar an tríú lá sé Eilíáb mac Haelon ceann chlann Zabúlun a thug an ofráil; 25sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín seachtó seicil airgid–seicil an tsanctóra is é sin–agus iad seo araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann; 26mias óir deich seicil lán de thúis; 27tarbh óg, reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe; 28pocán gabhair don íobairt pheaca, 29agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Eilíáb mac Haelon.
30Ar an gceathrú lá sé Eilíozúr mac Shidéúr ceann chlann Reúbaen a thug an ofráil; 31sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín seachtó seicil airgid–seicil an tsanctóra is é sin–agus iad seo araon lan de phlúr mín measctha le hola don abhlann; 32mias óir deich seicil lán de thúis; 33tarbh óg, reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe; 34pocán gabhair don íobairt pheaca, 35agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Eilíozúr mac Shidéúr.
36Ar an gcúigiú lá sé Sealuimíéil mac Zúiríseadái ceann chlann Shímeon a thug an ofráil; 37sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín seachtó seicil airgid–seicil an tsanctóra is é sin–agus iad araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann; 38mias óir deich seicil lán de thúis; 39tarbh óg, reithe, agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe; 40pocán gabhair don íobairt pheaca, 41agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Shealuimíéil mac Zúiríseadái.
42Ar an séú lá sé Eiliásáf mac Dheúael, ceann chlann Ghád a thug an ofráil; 43sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín seachtó seicil airgid–seicil an tsanctóra is é sin–agus iad araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann; 44mias óir deich seicil lan de thúis; 45tarbh óg, reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe; 46pocán gabhair don íobairt pheaca, 47agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán, agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Eiliásáf mac Dheúael.
48Ar an seachtú lá sé Eilíseámá mac Aimíohúd ceann chlann Eafráim, a thug an ofráil; 49sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín seachtó seicil airgid–seicil an tsanctóra is é sin–agus iad araon lan de phlúr mín measctha le hola don abhlann; 50mias óir deich seicil lán de thúis; 51tarbh óg, reithe, agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe; 52pocán gabhair don íobairt pheaca, 53agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán, agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Eilíseámá mac Aimíohúd.
54Ar an ochtú lá sé Gamailiéil mac Phadázúr ceann chlann Mhanaise a thug an ofráil; 55sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín seachtó seicil airgid–seicil an tsanctóra is é sin–agus iad araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann; 56mias óir deich seicil lán de thúis; 57tarbh óg, reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe; 58pocán gabhair don íobairt pheaca, 59agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán, agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Ghamailiéil mac Phadázúr.
60Ar an naoú lá sé Aibíodan mac Ghideoiní ceann chlann Bhiniáimin a thug an ofráil; 61sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín seachtó seicil airgid–seicil an tsanctóra is é sin–agus iad araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann; 62as óir deich seicil lan de thúis; 63tarbh óg, reithe, agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe; 64pocán gabhair don íobairt pheaca, 65agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán, agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Aibíodan mac Ghideoiní.
66Ar an deichiú lá sé Aichíeizir mac Aimíseadái ceann chlann Dhán a thug an ofráil; 67sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín airgid seachtó seicil airgid–seicil an tsanctóra is é sin–agus iad araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann; 68mias óir deich seicil lán de thúis; 69tarbh óg, reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe; 70pocán gabhair don íobairt pheaca, 71agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán, agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Aichíeizir mac Aimíseadái.
72Ar an aonú lá déag sé Paigíéil mac Ocrán a rinne an ofráil; 73sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín airgid seachtó seicil airgid–seicil an tsanctóra is é sin–agus iad araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann; 74mias óir deich seicil lan de thúis; 75tarbh óg, reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe; 76pocán gabhair don íobairt pheaca, 77agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán; agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Phaigíéil mac Ocrán.
78Ar an dara lá déag sé Aichíora mac Aenán ceann chlann Naftáilí a rinne an íobairt; 79sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín airgid seachtó seicil airgid–seicil an tsanctóra is é sin–agus iad araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann; 80mias óir deich seicil lán de thúis; 81tarbh óg reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe; 82pocán gabhair don íobairt pheaca, 83agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán, agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Aichíora mac Aenán.
84Ba iad seo na hofrálacha a rinne ceannairí Iosrael do thíolacadh na haltóra an lá a ungadh í: dhá phláta déag airgid, dhá bháisín déag airgid, dhá mhias déag óir; 85mheáigh gach pláta airgid céad agus a tríocha seicil, agus gach báisín seachtó seicil; agus bhí dhá mhíle ceithre chéad seicil–seicil an tsanctóra–dʼairgead sna soithí sin ar fad. 86Mheáigh an dá mhias déag óir lán de thúis deich seicil–seicil an tsanctóra–an ceann, agus bhí céad agus a fiche seicil dʼór sna báisíní sin ar fad.
87Seo é líon iomlán na n‑ainmhithe don uileloscadh: dhá tharbh déag, dhá reithe dhéag, dhá uan fireanna bliana, lena n‑abhlanna; dhá phocán déag dʼíobairt pheaca. 88Agus líon iomlán na n‑ainmhithe don íobairt chomaoineach: ceithre tharbh fichead, trí fichid reithe, trí fichid pocán gabhair, trí fichid uan bliana fireann. Ba iadsan na hofrálacha do thíolacadh na haltóra tar éis í a ungadh.
89Nuair a chuaigh Maois isteach i mBoth na Teagmhála chun labhairt leis, chuala sé an guth a labhair leis ó lastuas de chathaoir na trócaire a bhí ar áirc na Fianaise ó idir an dá cheiribín. Ansin is ea a labhair sé leis.
Currently Selected:
Uimhreacha 7: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.