YouVersion Logo
Search Icon

Uimhreacha 33

33
Céimeanna an Aistir
1Seo iad céimeanna chlann Iosrael ar mbealach amach as an Éigipt ina sluaite faoi cheannas Mhaois agus Árón. 2Bhreacadh Maois i scríbhinn na háiteanna óna dtosaídís nuair a chuiridís chun bealaigh faoi ordú an Tiarna. Seo iad a gcéimeanna de réir na n‑áiteanna ónar thosaíodar. 3Dʼfhágadar Ramasaes an chéad mhí. Ba ar an gcúigiú lá déag den chéad mhí, an lá tar éis na Cásca, a chuir clann Iosrael chun bealaigh go caithréimeach os comhair súile na nÉigipteach go léir. 4Bhí na hÉigiptigh ag adhlacadh ar mharaigh an Tiarna dá muintir féin, gach céadghin leo; bhí breith tugtha ag an Tiarna ar a ndéithe.
5Chuir clann Iosrael chun bealaigh ó Ramasaes agus shuíodar a gcampa i Sucót. 6Ansin chuireadar chun bealaigh ó Shucót agus shuíodar a gcampa in Éatám ar imeall an fhásaigh 7Chuireadar chun bealaigh ó Éatám agus dʼfhilleadar go Pí Haichíorót atá soir ó Bhálzafón, agus shuíodar a gcampa i Migdeol. 8Chuireadar chun bealaigh ó Phí Haichíorót agus ghabhadar thar farraige isteach san fhásach; tar éis aistear trí lá a dhéanamh i bhfásach Éatám, shuíodar a gcampa i Márá. 9Chuireadar chun bealaigh ó Mhárá agus shroicheadar Éilím; bhí deich dtobar fíoruisce agus seachtó crann pailme in Éilím agus shuíodar a gcampa ann. 10Chuireadar chun bealaigh ó Éilím agus shuíodar a gcampa ag Muir na nGiolcach. 11Chuireadar chun bealaigh ó Mhuir na nGiolcach agus shuíodar a gcampa i bhfásach Shín. 12Chuireadar chun bealaigh ó fhásach Shín agus shuíodar a gcampa i nDofcá. 13Chuireadar chun bealaigh ó Dhofcá agus shuíodar a gcampa in Álúis. 14Chuireadar chun bealaigh ó Álúis agus shuíodar a gcampa i Rifídím mar nach raibh aon uisce ag an bpobal le hól ann. 15Chuireadar chun bealaigh ó Rifídím agus shuíodar a gcampa i bhfásach Shíonái. 16Chuireadar chun bealaigh ó fhásach Shíonái agus shuíodar a gcampa i gCiobrot Hatavá. 17Chuireadar chun bealaigh ó Chiobrot Hatavá agus shuíodar a gcampa i Hazaerot. 18Chuireadar chun bealaigh ó Hazaerot agus shuíodar a gcampa i Ritmeá. 19Chuireadar chun bealaigh ó Ritmeá agus shuíodar a gcampa i Riomon Peiriz. 20Chuireadar chun bealaigh ó Riomon Peiriz agus shuíodar a gcampa i Libneá. 21Chuireadar chun bealaigh ó Libneá agus shuíodar a gcampa i Riosá. 22Chuireadar chun bealaigh ó Riosá agus shuíodar a gcampa i gCahaelátá. 23Chuireadar chun bealaigh ó Chahaelátá agus shuíodar a gcampa ag Sliabh Sheifir. 24Chuireadar chun bealaigh ó Shliabh Sheifir agus shuíodar a gcampa i Harádá. 25Chuireadar chun bealaigh ó Harádá agus shuíodar a gcampa i Macaelot. 26Chuireadar chun bealaigh ó Mhacaelot agus shuíodar a gcampa i dTáchat. 27‘Chuireadar chun bealaigh ó Tháchat agus shuíodar a gcampa i dTárach. 28Chuireadar chun bealaigh ó Thárach agus shuíodar a gcampa i Mitceá. 29Chuireadar chun bealaigh ó Mhitceá agus shuíodar a gcampa i Haismioná. 30Chuireadar chun bealaigh ó Haismioná agus shuíodar a gcampa i Mosaerót. 31Chuireadar chun bealaigh ó Mhosaerót agus shuíodar a gcampa i mBeiné Iacán. 32Chuireadar chun bealaigh ó Bheiné Iacán agus shuíodar a gcampa i Hor Haigidgeád. 33Chuireadar chun bealaigh ó Hor Haigidgeád agus shuíodar a gcampa in Iotbátá. 34Chuireadar chun bealaigh ó Iotbátá agus shuíodar a gcampa in Abroná. 35Chuireadar chun bealaigh ó Abroná agus shuíodar a gcampa in Eizion Geibir. 36Chuireadar chun bealaigh ó Eizion Geibir agus shuíodar a gcampa i bhfásach Zin, Cáidéis is é sin. 37Chuireadar chun bealaigh ó Cháidéis agus shuíodar a gcampa i Sliabh Hor, ar imeall chríoch Eadóm.
38Ghabh Árón an sagart suas Sliabh Hor faoi ordú an Tiarna agus fuair sé bás ansiúd sa daicheadú bliain tar éis dʼIosrael teacht as an Éigipt, sa chúigiú mí agus ar an gcéad lá den chúigiú mí sin. 39Bhí Árón céad agus a fiche trí bliain dʼaois nuair a dʼéag sé ar Shliabh Hor. 40An Canánach, rí Arád, a chónaigh sa Neigib i dtír Chanán, chuala sé i dtaobh clann Iosrael a theacht. 41Chuireadar chun bealaigh ó Shliabh Hor agus shuíodar a gcampa i Zalmoná. 42Chuireadar chun bealaigh ó Zalmoná agus shuíodar a gcampa i bPúnon. 43Chuireadar chun bealaigh ó Phúnon agus shuíodar a gcampa in Obot. 44Chuireadar chun bealaigh ó Obot agus shuíodar a gcampa in Ié Abáraím i gcríocha Mhóáb. 45Chuireadar chun bealaigh ó Iím agus shuíodar a gcampa i nDíobon Gád. 46Chuireadar chun bealaigh ó Dhíobon Gád agus shuíodar a gcampa in Almon Dibleátáím. 47Chuireadar chun bealaigh ó Almon Dibleátáím agus shuíodar a gcampa i Sléibhte Abáraím, sall ó Neabó. 48Chuireadar chun bealaigh ó Shléibhte Abáraím agus shuíodar a gcampa i machairí Mhóáb láimh leis an Iordáin os comhair Ireachó sall. 49Shuíodar a gcampa láimh leis an Iordáin idir Béit-ha-Isimiot agus Ábael-ha-Sitím ar mhachairí Mhóáb.
Roinnt Chanán
50Labhair an Tiarna le Maois ar mhachairí Mhóáb láimh leis an Iordáin sall ó Ireachó, agus dúirt: 51“Abair le clann Iosrael: ‘Nuair a ghabhann sibh thar an Iordáin isteach i dtír Chanán, 52ansin ní foláir daoibh an mhuintir go léir atá ina gcónaí sa tír a thiomáint amach romhaibh, agus a gclocha greanta go léir a scrios, agus a ndealbha leáite a scrios, agus a n‑áiteanna arda go léir a scartáil. 53Gabhaigí seilbh ar an tír agus cuirigí fúibh ann, óir thug mé an tír daoibh mar shealúchas. 54Ní foláir daoibh é a roinnt ar cranna idir bhur bhfiní. Dʼfhine mór tugaigí oidhreacht bhreise, agus dʼfhine beag oidhreacht níos lú. Mar a dtitfidh an crann, do gach duine, sin é a bheidh aige. Bíodh bhur n‑oidhreacht agaibh de réir na dtreibheanna sinseartha. 55Mura dtiomáineann sibh dúchasaigh na tíre amach romhaibh, ansin iad siúd a fhágfaidh sibh ann, beidh siad mar dhealga in bhur súile agus mar bhioranna in bhur gcliatháin; ciapfaidh siad sibh sa tír ina mbeidh cónaí oraibh, 56agus tabharfaidh mé oraibhse an íde a mheasas a thabhairt orthusan.’ ”

Currently Selected:

Uimhreacha 33: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Uimhreacha 33