YouVersion Logo
Search Icon

Uimhreacha 34

34
1Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: 2“Tabhair an t‑ordú seo leanas do chlann Iosrael: ‘Nuair a rachaidh sibh isteach i dtír Chanán, seo iad na críocha a bheidh mar oidhreacht agaibh; seo é tír Chanán á rianú ag a theorainneacha: 3Sínfidh deisceart bhur gcríoch ó fhásach Zin ar theorainn Eadóm. Tosóidh teorainn theas bhur dtíre ag imeall Mhuir an tSalainn thoir 4agus casfaidh sí ó dheas i dtreo Ard na Scairpeanna agus trasna go Zin agus ag stad laisteas de Cháidéis Bairnéa; rachaidh sí as sin i dtreo Hazar Adár agus ar aghaidh go Azmon. 5Casfaidh an teorainn ó Azmon i dtreo Shileán na hÉigipte agus stadfaidh sí ag an Muir. 6Beidh an Mhuir Mhór ar bhur bhfeorainn agus is í a bheidh mar theorainn thiar agaibh. 7Sé seo a bheidh mar theorainn thuaidh agaibh: tarraing líne duit féin ón Muir Mhór go Sliabh Hor; 8ansin ó Shliabh Hor tarraing líne go Bealach Hamát, agus beidh deireadh na teorann ag Zadád. 9As sin sínfidh an teorainn ar aghaidh go Ziofron agus beidh deireadh léi ag Hazar Éarnán. Sin í bhur dteorainn thuaidh. 10Ansin cinntígí bhur dteorainn thoir ó Hazar Éanan go Seafám. 11Rachaidh an teorainn ó dheas ó Sheafám go Ribleá lastoir de Áín. Níos sia ó dheas fanfaidh sí lastoir de Mhuir Chinirit. 12Ansin leanfaidh an teorainn an Iordáin agus beidh deireadh léi ag Muir an tSalainn. Sin é agaibh bhur dtír lena theorainneacha mórthimpeall.’ ”
13Ansin thug Maois ordú do chlann Iosrael á rá: “Sin é an tír atá le roinnt ar cranna agaibh, an tír a dʼaithin an Tiarna a thabhairt do na naoi dtreibheanna go leith; 14óir treibh chlann Reúbaen gona bhfiní sinseartha, agus treibh chlann Ghád gona bhfiní sinseartha, tá a n‑oidhreacht faighte acu cheana féin; mar an gcéanna le leath threibh Mhanaise. 15Tá a n‑oidhreacht faighte ag an dá threibh go leith sin cheana féin lastall den Iordáin ar aghaidh Ireachó sall, soir i dtreo éirí gréine.”
Na Taoisigh a Roinnfidh
16Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: 17“Seo iad ainmneacha na dtaoiseach a roinnfidh an fearann oraibh mar oidhreacht: Eileázár an sagart agus Iósua mac Nún; 18tógaigí taoiseach as gach treibh chun an fearann a roinnt mar oidhreacht. 19Seo iad ainmneacha na bhfear sin:
Do threibh Iúdá, Cálaeb mac Iafuna.
20Do threibh chlann Shímeon, Seamúéil mac Aimíohúd.
21Do threibh Bhiniáimin, Eilídeád mac Chisleon.
22Do threibh chlann Dhán, mar thaoiseach, Bucaí mac Ioglaí.
23Do chlann Iósaef: do threibh chlann Mhanaise, mar thaoiseach, Hainíéil mac Éafod.
24Do threibh chlann Eafráim, mar thaoiseach, Camúéil mac Shifteán.
25Do threibh chlann Zabúlun, mar thaoiseach, Eilíozáfán mac Pharnác.
26Do threibh chlann Íosácár, mar thaoiseach, Pailtíéil mac Azán.
27Do threibh chlann Áiséar, mar thaoiseach, Aichíhiúd mac Shealomaí.
28Do threibh chlann Naftáilí, mar thaoiseach, Padahael mac Aimíohúd.”
29Sin iad na fir dár ordaigh an Tiarna tír Chanán a roinnt mar oidhreacht ar chlann Iosrael.

Currently Selected:

Uimhreacha 34: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Uimhreacha 34