YouVersion Logo
Search Icon

Uimhreacha 32

32
An Alliordáin á hAitreabh
1Bhí táinte móra de bha breátha ag clann Reúbaen agus ag clann Ghád. Chonaiceadar anois gurb an-áit do stoc dúiche Iazaer agus dúiche Ghileád. 2Chuaigh más ea clann Ghád agus clann Reúbaen go dtí Maois agus Eileázár an sagart agus go dtí ceannairí an chomhthionóil agus dúradar leo: 3“Dúiche Atárot agus Díobon agus Iazaer agus Nimreá agus Heisbeon agus Eileálae agus Seabám agus Neabó agus Beon, 4an dúiche a ghabh an Tiarna i bhfianaise chomhthionól Iosrael, is breá an talamh é do thógail stoic, agus tá stoc ag do shearbhóntaí. 5Más fiú sinn do chairdeas,” ar siad, “tabhair an talamh seo i seilbh do shearbhóntaí; ná cuir dʼiallach orainn dul thar Iordáin.”
6Dúirt Maois le clann Ghád agus clann Reúbaen: “Tá bhur mbráithre ag dul chun cogaidh–an bhfuil sibh sásta fanacht mar a bhfuil sibh? 7Cad ab áil libh ag cur drochmhisneach ar chlann Iosrael dul isteach sa tír a thug an Tiarna dóibh? 8Sin é mar a rinne bhur n‑aithreacha nuair a sheol mé iad ó Cháidéis Bairnéa dʼfhonn an tír a bhrath. 9Ghabhadar suas go Gleann Eisciol agus thaiscéaladar an tír, ach dʼfhágadar clann Iosrael gan de mhisneach acu dul isteach sa tír a thug an Tiarna dóibh. 10Uime sin las fraoch feirge an Tiarna an lá sin agus mhionnaigh sé mar leanas: 11‘Ambasa nach bhfaighidh aon fhear den dream a tháinig amach as an Éigipt, atá fiche bliain nó breis, radharc ar an tír a gheallas dʼAbrahám, dʼÍosác, agus do Iacób. Óir níor leanadar mé go dílis– 12seachas Cálaeb mac Iafuna an Cinizeach agus Iósua mac Nún mar leanadar seo an Tiarna go dílis.’ 13Las fraoch feirge an Tiarna in aghaidh Iosrael agus chuir sé le fán iad san fhásach ar feadh daichead bliain, go dtí gur díothaíodh an ghlúin a pheacaigh i láthair an Tiarna. 14Seo sibhse anois ag éirí in áit bhur n‑aithreacha, a chraobh de cheap na bpeacaí ag cur le fraoch feirge lasánta an Tiarna in aghaidh Iosrael! 15Má iompaíonn sibh agus gan é a leanúint, fágfaidh sé níos sia fós san fhásach iad, agus tabharfaidh sibh díth ar an bpobal seo ar fad.”
16Thángadar ina chóngar agus dúradar: “Bʼáil linn cróite a thógáil anseo dár dtréada agus cathracha dár miondaoine; 17ach tógfaimid féin airm inár lámha le dul ar aghaidh roimh chlann Iosrael go dtí go dtabharfaimid iad chun na háite atá in áirithe dóibh; fanfaidh ár miondaoine sna cathracha daingne, slán ó mhuintir na tíre. 18Ní fhillfimid ar ár mbaile go mbeidh gach duine de chlann Iosrael i seilbh a oidhreachta. 19Óir beimidne gan oidhreacht leosan ar an taobh eile den Iordáin nó níos sia ar aghaidh, mar is anseo, lastoir den Iordáin, a bhaineamar amach ár n‑oidhreacht.” 20Dúirt Maois leo ansin: “Má dhéanann sibh de réir bhur mbriathra, agus arm a thógáil in bhur lámha le dul ar aghaidh sa chath roimh an Tiarna, 21agus má ghabhann gach duine agaibh a iompraíonn arm thar an Iordáin roimh an Tiarna, nó go dtiomáinfidh sé a naimhde go léir amach roimhe, 22ansin, nuair a bheidh an tír ar a láimh ag an Tiarna, ní miste sibh a fhilleadh; beidh sibh saor ó bhur ndualgas don Tiarna agus do Iosrael; agus beidh an tír seo mar sheilbh oidhreachta agaibh i láthair an Tiarna. 23Ach mura ndéanann sibh amhlaidh, beidh peaca á dhéanamh agaibh in aghaidh an Tiarna, agus is deimhin go dtiocfaidh bhur bpeaca oraibh. 24Déanaigí cathracha dá bhrí sin do bhur miondaoine agus cróite do bhur dtréada; ach déanaigí beart leis de réir bhur mbriathra.”
25Dúirt clann Ghád agus clann Reúbaen le Maois: “Déanfaidh do shearbhóntaí mar a ordaíonn tú, a thiarna. 26Fanfaidh ár miondaoine, ár mná, ár dtréada, agus ár dtáinte go léir ansiúd i gcathracha Ghileád, 27ach do shearbhóntaí, gach fear le harm cogaidh ina láimh, rachaidh siad sall chun catha roimh an Tiarna amach mar a dʼordaigh tú, a thiarna.”
28Ansin thug Maois treoracha ina dtaobh do Eileázár an sagart, do Iósua mac Nún, agus do cheannairí theaghlaigh athartha threibheanna Iosrael. 29Dúirt Maois leo: “Má ghabhann gach fear a iompraíonn arm de chlann Ghád agus de chlann Reúbaen thar an Iordáin libh chun troid roimh an Tiarna amach, nuair a bheidh an tír faoi smacht agaibh, ansin tugaigí tír Ghileád ina seilbh. 30Ach mura dtéann siad anonn faoi airm libh, ansin ní foláir dóibh a n‑oidhreacht a bheith in bhur measc i dtír Chanán.” 31Dʼfhreagair clann Ghád agus clann Reúbaen: “Déanfaimid ar ordaigh an Tiarna do do shearbhóntaí. 32Rachaimid anonn faoi airm go tír Chanán roimh an Tiarna amach, ach ní foláir daoibh seilbh a fhágáil againn ar ár n‑oidhreacht lastall den Iordáin.” 33Thug Maois dóibh–do chlann Ghád agus do chlann Reúbaen agus do leath-threibh Mhanaise mac Iósaef–riocht Shíochón rí na nAmórach, ríocht Óg rí Bháiseán, an fearann agus a chathracha agus a chríocha, agus cathracha na dúiche timpeall.
34Thóg clann Ghád Díobon agus Atárot agus Aróéir, 35agus Atrot Siófán agus Iazaer agus Iogbahá, 36agus Béit Nimreá agus Béit Harán, cathracha daingne, agus cróite dá dtréada.
37Thóg clann Reúbaen Heisbeon agus Eileálae agus Ciriátáím 38agus Neabó agus Bál Meón (athraíodh a n‑ainmneacha seo) agus Sibmeá. Thugadar ainmneacha ar na cathracha a thógadar. 39Chuaigh clann Mháicír, mac Mhanaise, go Gileád. Ghabhadar seilbh air agus thiomáineadar amach na hAmóraigh a bhí ansiúd. 40Thug Maois Gileád do Mháicír, mac Mhanaise, agus chuir sé faoi ann. 41Chuaigh Iáír, mac Mhanaise, agus ghabh Bailte Hám agus thug Bailte Iáír orthu óna ainm féin. 42Chuaigh Nobach agus ghabh Canát agus na bailte ina thimpeall agus thug Nobach, a ainm féin, air.

Currently Selected:

Uimhreacha 32: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in