Uimhreacha 31
31
An Chreach
1Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: 2“Déan clann Iosrael a dhíolt ar na Midiánaigh. Ansin cruinneofar chun do mhuintire thú.” 3Dúirt Maois leis an bpobal: “Gabhadh cuid agaibh airm chugaibh, dʼfhonn cogadh a chur ar an Midiánach agus díoltas an Tiarna a imirt ar an Midiánach. 4Seolaigí míle fear as gach treibh dʼIosrael chun an chatha.” 5Ar an gcuma sin fuarthas, ó shluaite Iosrael, dhá mhíle dhéag fear le harm troda, míle ó gach treibh. 6Sheol Maois chun cogaidh iad míle as gach treibh agus Píneachás mac Eileázár an sagart leo ag iompar na soithí naofa agus na dtrumpaí chun an gháir a thógáil. 7Dʼfhearadar cogadh ar Mhidián mar a dʼordaigh an Tiarna agus chuireadar gach mac máthar chun báis. 8Mharaíodar chomh maith, de bharr ar an ár, rithe Mhidián–Eiví, Reicim, Zúr, Húr agus Reaba, cúig rí Mhidián. Dʼimríodar bás de rinn claímh leis ar Bhalám mac Bheór. 9Ghabh clann Iosrael mná agus miondaoine Mhidián ina gcimí, agus rugadar leo mar chreach a dtáinte, a dtréada agus a maoin go léir. 10Chuireadar tine leis na cathracha go léir inar chónaíodar, agus lena n‑áitribh go léir. 11Rugadar leo a gcreach go léir, a raibh gafa acu idir dhuine agus bheithíoch, 12agus thugadar idir chimí agus bhraid agus chreach, go Maois agus go Eileázár an sagart agus go comhthionól chlann Iosrael go léir sa champa ar mhachairí Mhóáb láimh leis an Iordáin, sall ó Ireachó.
13Chuaigh Maois agus Eileázár an sagart, agus ceannairí uile an chomhthionóil amach lasmuigh den champa ina gcoinne. 14Bhí fearg ar Mhaois le ceannasaithe an airm, ceannairí na mílte, agus ceannairí na gcéadta, a dʼfhill ón bhfeachtas míleata sin. 15Chuir Maois an cheist: “Cén fáth a ndearna sibh anacal anama ar na mná go léir?” 16“Féach,” ar sé, “is iadsan an dream ceannann céanna a thug ar chlann Iosrael, trí chomhairle Bhalám, dul amú agus an Tiarna a shéanadh i ngnó úd Pheór, agus sin é mar a bhuail an phlá comhthionól an Tiarna. 17Cuirigí chun báis dá bhrí sin gach leanbh mic ar na miondaoine. Cuirigí chun báis chomh maith gach bean a luigh le fear. 18Déanaigí anacal anama ar gach ógbhean nár luigh le fear, agus tógaigí chugaibh féin iad. 19Maidir libh féin, aon duine agaibh a mharaigh fear nó a bhain le corpán, lonnaíodh sé lasmuigh den champa ar feadh seacht lá; déanaigí sibh féin agus bhur gcimí a íonghlanadh ar an tríú agus ar an seachtú lá; 20íonghlanaigí chomh maith bhur n‑éidí–gach ball éadaigh de leathar nó de rón gabhair, agus gach ní déanta dʼadhmad.” 21Dúirt Eileázár an sagart leis na saighdiúirí a tháinig abhaile ón bhfeachtas seo: “Reacht den dlí,” ar sé, “is ea é seo a dʼaithin an Tiarna do Mhaois. 22Ach an t‑ór, an t‑airgead, an cré-umha, an t‑iarann, an stán agus an luaidhe– 23gach rud a sheasann tine, ní foláir é a chur tríd an tine agus beidh sé glan, ach ní foláir é a ghlanadh leis le huisce an ghlanta. Cibé rud nach seasfadh tine, ní foláir daoibh é a chur trí uisce. 24Nígí bhur gcuid éadaigh ar an seachtú lá agus beidh sibh glan ansin. Ní miste daoibh filleadh ar an gcampa ansin.”
25Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: 26“Déan-sa, tú féin agus Eileázár an sagart, agus ceannairí theaghlaigh athartha an chomhthionóil, an chreach a ríomhadh idir dhuine agus ainmhí. 27Ansin roinn an chreach ina dhá leath idir lucht troda an fheachtais agus an chuid eile den chomhthionól. 28Cuir i leataobh mar chuid ranna don Tiarna as roinn na muintire a chuaigh amach ag troid san fheachtas, ceann as gach cúig céad cime agus damh agus asal agus caora. 29Tóg iadsan as an leathroinn is dual dóibh agus tabhair iad do Eileázár an sagart mar íobairt don Tiarna. 30As an leath atá ag dul do chlann Iosrael tóg ceann as gach caoga cime, agus damh, agus asal agus caora agus ainmhí ar bith eile, agus tabhair iad do na Léivítigh ar a bhfuil cúram thaibearnacal an Tiarna.” 31Rinne Maois agus Eileázár an sagart mar a dʼaithin an Tiarna do Mhaois. 32Anois ba é seo méid na creiche a dʼfhan den bhraid a ghabh na saighdiúirí: sé chéad seachtó cúig mhíle de mhionairnéis, 33seachtó dó míle eallach, 34seasca haon míle asal, 35agus, de chimí, tríocha dó míle bean ar fad nár luigh le fear. 36Agus an leath ba chion na muintire a ghlac páirt sa chogadh seo é: trí chéad tríocha seacht míle cúig céad de mhionairnéis 37dar chuid an Tiarna trí chéad seachtó cúig, 38tríocha sé mhíle eallach dar chuid an Tiarna seachtó dó, 39tríocha míle cúig céad asal dar chuid an Tiarna seasca haon, 40sé mhíle dhéag cime dar chuid an Tiarna tríocha dó. 41Thug Maois do Eileázár an sagart an chuid a cuireadh i leataobh don Tiarna de réir treoracha an Tiarna do Mhaois.
42Maidir leis an leath ba dhual do chlann Iosrael, rud a chuir Maois ar leithrigh ó chuid na gcogthach, 43is é seo an méid a bhí sa leath leis an gcomhthionól: trí chead tríocha seacht mhíle cúig céad de mhionairnéis, 44tríocha sé mhíle eallach, 45tríocha míle cúig céad asal, 46sé mhíle dhéag cime. 47As an leath seo, cion chlann Iosrael, thóg Maois ceann as gach caoga cime agus ainmhí, agus thug iad do na Léivítigh ar a raibh cúram thaibearnacal an Tiarna, de réir treoracha an Tiarna do Mhaois.
48Ceannasaithe na sluaite a throid, ceannairí na mílte agus ceannairí na gcéadta, thángadar go Maois 49agus dúradar le Maois: “Chomhairigh do searbhóntaí na saighdiúirí faoina gceannas; níl fear ar iarraidh uainn. 50Thugamar dá bhrí sin mar ofráil don Tiarna na seoda óir a fuaireamar–slabhraí rí agus géag, fáinní, cluasáin, agus dealga–chun go ndéanfaí gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar ár son i láthair an Tiarna.” 51Ghlac Maois agus Eileázár an sagart leis an ór seo, leis na seoda seo, uathu. 52Agus an t‑ór go léir a dʼofráladar don Tiarna sé méid a bhí ann sé mhíle dhéag, seacht gcéad agus caoga seicil; na ceannairí míle agus na ceannairí céad, is iad a bhronn. 53Rug gach saighdiúir a chreach féin leis. 54Ach thóg Maois agus Eileázár an sagart an t‑ór ó na ceannairí míle agus na ceannairí céad, agus thugadar leo isteach i mBoth na Teagmhála é mar chuimhneachán ar chlann Iosrael i bhfianaise an Tiarna.
Currently Selected:
Uimhreacha 31: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.