Uimhreacha 30
30
Móideanna
1Labhair Maois le ceannairí threibheanna chlann Iosrael agus dúirt: “Seo mar a dʼordaigh an Tiarna:
2Nuair a thugann duine móid, nó nuair a thugann sé geall faoi bhrí na mionn, ná briseadh sé a fhocal; cibé rud a gheall sé le focal béil, comhlíonadh sé é. 3Má thugann bean móid don Tiarna, nó má thugann sí a briathar gill ina hóige agus í fós i dteach a hathar, 4agus má chluineann seisean i dtaobh na móide nó an ghill lenar cheangail sí í féin, gan aon ní a rá léi, ansin bíodh an mhóid a thug sí, cibé sórt í, bailí agus bíodh an geall a thug sí, cibé sórt é, bailí. 5Ach má chuireann a hathair ina coinne an lá a chluineann sé ina taobh, ní bheidh aon mhóid a thug sí bailí, ná aon gheall lenar cheangail sí í féin. Maithfidh an Tiarna di mar gur chuir a hathair ina coinne. 6Má phósann sí agus í faoi cheangal móide nó focail éaganta gill a thug sí, 7agus má chluineann a fear ina thaobh gan aon ní a rá léi an lá a chluineann, ansin bíodh a móideanna bailí agus bíodh na geallta a thug sí bailí. 8Ach an lá a chluineann an fear é, má chuireann sé ina choinne os ard, ansin cuirfidh sé an mhóid a thug sí, nó an focal éaganta gill lenar cheangail sí í féin, ar ceal. Maithfidh an Tiarna di é.
9Ach móid baintrí, nó mná scartha, nó aon gheall a thug sí, tá siad bailí.
10Má thug sí móid i dteach a fir, nó má thug sí geall faoi bhrí na mionn, 11agus gur chuala a fear faoi, gan aon ní a rá léi, agus gan cur ina choinne, ansin bíodh a móideanna go léir bailí is bíodh gach geall lenar cheangail sí í féin bailí. 12Ach má chuireann a fear ar ceal iad an lá a chluineann sé iad, ní bheidh brí ag focal a béil, móid ná geall. Ó chuir a fear ar ceal iad, maithfidh an Tiarna di iad. 13Aon mhóid nó mionn a luíonn ar bhean, is féidir dá fear é a dhaingniú nó é a chealú. 14Ach mura mbíonn rud éigin ráite aige faoi cheann lae, ciallaíonn seo go bhfuil a móid, cibé sórt í, nó a geall, cibé sórt é, á dhaingniú aige. Tugann sé bailíocht dóibh mura ndeir sé rud éigin an lá a chuala sé fúthu. 15Ach más níos sia ná sin tar éis iad a chlos a chuireann sé ar ceal iad, ansin bíodh ualach pheaca a mhná air.”
16Sin iad na reachtanna a dʼaithin an Tiarna do Mhaois i dtaobh mar atá idir fear agus a bhean, agus idir athair agus a iníon fad tá sí óg agus ag maireachtáil faoi dhíon a hathar.
Currently Selected:
Uimhreacha 30: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.