YouVersion Logo
Search Icon

Uimhreacha 29

29
Féile na Stoc agus Féilte Eile
1Ar an gcéad lá den seachtú mí, bíodh tionól sollúnta agaibh, ná déanaigí aon obair throm. Sé lá séidte na stoc agaibh é. 2Ofrálaigí mar íobairt loiscthe, mar chumhracht thaitneamhach leis an Tiarna: tarbh óg, reithe agus seacht n‑uan fireann bliana gan mháchail. 3Mar abhlann de phlúr mín measctha le hola ag gabháil léi bíodh trí dheachú éafá don tarbh, dhá dheachú don reithe, 4agus deachú do gach ceann de na seacht n‑uan. 5Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca, chun gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar bhur son. 6Ní foláir an méid sin go léir a dhéanamh de bhreis ar íobairt uileloiscthe na ré nua agus a habhlann, an íobairt uileloiscthe shíoraí agus a habhlann, agus na híobairtí dí a ghabhann leo de réir dlí–cumhracht thaitneamhach, ofráil dhóite don Tiarna.
7Ar an deichiú lá den seachtú mí seo, bíodh tionól sollúnta agaibh; déanaigí troscadh agus ná déanaigí aon obair throm. 8Ní foláir daoibh a ofráil mar íobairt uileloiscthe don Tiarna, mar chumhracht thaitneamhach: tarbh óg, reithe, seacht dtogha uain bhliana fhireanna gan mháchail. 9Leo mar abhlann de phlúr mín measctha le hola, bíodh trí dheachú éafá don tarbh, dhá dheachú don reithe, 10agus deachú an ceann do na seacht n‑uain. 11Ní foláir pocán gabhair a ofráil don íobairt pheaca. Tá an méid seo le bheith de bhreis ar an íobairt pheaca dʼfhéile an leorghnímh, agus ar an íobairt uileloiscthe lena n‑abhlann agus lena n‑íobairtí dí.
12Ar an gcúigiú lá déag den seachtú mí bíodh tionól sollúnta agaibh; ná déanaigí obair throm agus ceiliúraigí féile don Tiarna ar feadh seacht lá. 13Ní foláir daoibh a ofráil mar íobairt uileloiscthe, ofráil dhóite, agus mar chumhracht thaitneamhach leis an Tiarna: trí tharbh déag óga, dhá reithe, ceithre uan déag fireann bliana gan mháchail. 14Mar abhlann de phlúr mín measctha le hola ag gabháil leo, bíodh trí dheachú dʼéafá an ceann don trí tharbh déag, dhá dheachú an ceann don dá reithe, 15agus deachú an ceann don cheithre uan déag. 16Bíodh pocán gabhair chomh maith mar íobairt pheaca. Tá an méid seo le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí.
17Ar an dara lá: dhá tharbh déag óga, dhá reithe, ceithre uan déag fireann bliana gan mháchail; 18na habhlanna agus na híobairtí dí a ghabhann leo mar atá dlite de réir líon na dtarbh, na reithí agus na n‑uan. 19Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca. Tá an méid seo le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí.
20Ar an tríú lá: aon tarbh déag óg, dhá reithe, ceithre uan déag fireann bliana gan mháchail; 21na habhlanna agus na híobairtí dí a ghabhann leo mar atá dlite de réir líon na dtarbh, na reithí agus na n‑uan. 22Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca. Tá an méid seo le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí.
23Ar an gceathrú lá: deich dtarbh, dhá reithe, ceithre uan déag fireann bliana gan mháchail; 24na habhlanna agus na híobairtí doirte a ghabhann leo mar atá dlite de réir líon na dtarbh, na reithí agus na n‑uan. 25Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca. Tá an méid seo le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí.
26Ar an gcúigiú lá: naoi dtarbh, dhá reithe, ceithre uan déag fireann bliana gan mháchail; 27na habhlanna agus na híobairtí dí a ghabhann leo mar atá dlite de réir líon na dtarbh, na reithí agus na n‑uan. 28Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca. Tá an méid seo go léir le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí.
29Ar an séú lá: ocht dtarbh, dhá reithe, ceithre uan déag fireann bliana gan mháchail; 30na habhlanna agus na híobairtí doirte a ghabhann leo mar atá dlite de réir líon na dtarbh, na reithí agus na n‑uan. 31Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca. Tá an méid seo go léir le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí.
32Ar an seachtú lá: seacht dtarbh, dhá reithe, ceithre uan déag fireann bliana, gan mháchail; 33na habhlanna agus na híobairtí dí a ghabhann leo mar atá dlite de réir líon na dtarbh, na reithí, agus na n‑uan. 34Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca. Tá an méid seo go léir le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí.
35Ar an ochtú lá bíodh tionól sollúnta agaibh; ná déanaigí aon obair throm, 36ach ofrálaigí íobairt uileloiscthe, íobairt dhóite, cumhracht thaitneamhach leis an Tiarna: tarbh, reithe, seacht n‑uan fireann bliana gan mháchail; 37na habhlanna agus na híobairtí doirte a ghabhann leo mar atá dlite de réir líon na dtarbh, na reithí, agus na n‑uan. 38Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca. Tá an méid seo go léir le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí.
39Sin a bhfuil le déanamh agaibh don Tiarna ar bhur bhféilte sollúnta; de bhreis ar bhur n‑ofrálacha móide agus deona, bhur n‑íobairtí uileloiscthe, bhur n‑abhlanna agus bhur n‑íobairtí dí agus bhur n‑íobairtí comaoineach.”
40Dʼinis Maois do chlann Iosrael go beacht gach ar ordaigh an Tiarna dó.

Currently Selected:

Uimhreacha 29: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Uimhreacha 29