Uimhreacha 28
28
Íobairtí
1Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: 2“Tabhair an t‑ordú seo leanas ó bhéal do chlann Iosrael. ‘An ofráil dom, mo bhia dʼíobairt uileloiscthe, an chumhracht a thaitníonn liom, féachaigí chuige go dtugann sibh chugam é in am tratha.’ 3Abair leo:
Seo iad na híobairtí loiscthe nach foláir daoibh a ofráil don Tiarna:
Dhá uan bhliana gan mháchail mar íobairt uileloiscthe shíoraí gach lá. 4Ní foláir daoibh an chéad uan a ofráil ar maidin, an dara ceann um eadra nóna, 5mar aon le habhlann de dheachú éafá de phlúr mín measctha le ceathrú hín den ola is fíre. 6Sin í an íobairt uileloiscthe shíoraí a bunaíodh ar Shliabh Shíonái, mar chumhracht thaitneamhach, mar íobairt dhóite don Tiarna. 7Mar íobairt dí ag gabháil leis, bíodh ceathrú hín an t‑uan; ní foláir an íobairt dí de dheoch chrua don Tiarna a dhoirteadh sa sanctóir. 8Ní foláir duit an dara huan a ofráil mar íobairt uileloiscthe um eadra nóna; déan dála na maidine maidir le habhlann agus le híobairt dí léi seo, íobairt dhóite, cumhracht thaitneamhach leis an Tiarna.
9Ar an tsabóid ní foláir duit dhá uan bhliana gan mháchail a ofráil, agus dhá dheachú éafá de phlúr mín measctha le hola mar abhlann, mar aon leis an íobairt dí a ghabhann leo. 10Tá íobairt uileloiscthe na sabóide le hofráil gach sabóid mar aon leis an íobairt uileloiscthe shíoraí agus an íobairt dí a ghabhann léi.
11I dtús gach míosa de bhur gcuid, ní foláir daoibh íobairt uileloiscthe a ofráil don Tiarna: dhá tharbh óga, reithe agus seacht n‑uan bliana gan mháchail. 12Le gach tarbh bíodh abhlann de thrí dheachú éafá de phlúr mín measctha le hola; le gach reithe, abhlann de dhá dheachú de phlúr mín measctha le hola; 13le gach uan, abhlann de dheachú de phlúr mín measctha le hola. Íobairt uileloiscthe í seo, cumhracht thaitneamhach agus íobairt dhóite don Tiarna. 14Sé a bheidh san íobairt dí a ghabhann léi: leath hín fíona do tharbh, trian hín do reithe, ceathrú hín dʼuan. Ní foláir íobairt dhóite mar sin a bheith gach mí ar mhí ar feadh míonna na bliana. 15Chomh maith leis an íobairt uileloiscthe shíoraí, ní foláir pocán gabhair a ofráil don Tiarna, mar íobairt pheaca, agus a íobairt dí a ghabháil leis.
16An ceathrú lá déag den chéad mhí Cáisc an Tiarna, 17agus is lá féile an cúigiú lá déag den mhí seo; itear arán slim ar feadh seacht lá. 18Ar an gcéad lá bíodh tionól sollúnta, agus ná déanaigí aon obair throm, 19ach ofrálaigí íobairt dhóite mar uileloscadh don Tiarna: dhá tharbh óga, reithe agus seacht n‑uan fireann bliana gan mháchail. 20Mar abhlann de phlúr mín measctha le hola, gábhadh leo trí dheachú éafá don tarbh, dhá dheachú don reithe, 21agus deachú an ceann don seacht n‑uan. 22Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca, chun gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar bhur son. 23Ní foláir an meid sin a dhéanamh de bhreis ar íobairt uileloiscthe na maidine, rud is íobairt uileloiscthe shíoraí. 24Ní foláir daoibh íobairt a dhéanamh mar sin gach lá ar feadh na seacht lá; is bia í, íobairt dhóite, agus cumhracht thaitneamhach leis an Tiarna. Tá sí le hofráil de bhreis ar an íobairt uileloiscthe agus ar an íobairt dí a ghabhann léi. 25Ar an seachtú lá bíodh tionól sollúnta agaibh, gan aon obair throm á dhéanamh.
26Lá na gcéadtorthaí, nuair a ofrálann sibh bhur n‑abhlann de ghrán nua don Tiarna, in bhur bhFéile Seachtainí, bíodh tionól sollúnta agaibh; ná déanaigí aon obair throm. 27Ofrálaigí íobairt uileloiscthe, cumhracht thaitneamhach leis an Tiarna: dhá tharbh óga, reithe agus seacht n‑uan fireann bliana; 28mar abhlann de phlúr mín measctha le hola ag gabháil léi bíodh trí dheachú dʼéafá do gach tarbh, 29dhá dheachú don reithe, agus deachú do gach ceann de na seacht n‑uan. 30Bíodh pocán gabhair chomh maith [don íobairt pheaca], chun gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar bhur son. 31Ní foláir an méid seo a dhéanamh de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí agus an abhlann a ghabhann léi. Bídís agaibh gan mháchail mar aon lena n‑íobairtí dí.
Currently Selected:
Uimhreacha 28: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.