YouVersion Logo
Search Icon

Uimhreacha 27

27
Oidhreacht Iníonacha
1Tháinig chun tosaigh iníonacha Zalofachád mac Héifir, mac Ghileád, mac Mháicír, mac Mhanaise; bhain sé le sleachta Mhanaise, mac Iósaef. Ba iad seo ainmneacha a iníonacha: Machlá agus Noá, agus Hoglá agus Milceá agus Tirzeá. 2Sheasadar i láthair Mhaois agus Eileázár an sagart, agus i láthair na gceannairí agus an chomhthionóil ag doras Bhoth na Teagmhála, agus dúirt: 3“Fuair ár n‑athairne bás san fhásach; níor bhain sé leis an dream a bhí i gcogar ceilge in aghaidh an Tiarna, complacht Chorach; fuair sé bás de bharr a pheaca féin gan clann mhac air. 4Cén fáth go gcaillfí ainm ár n‑athar ar a fhine? Ó bhí sé gan mhac, tabhair sealúchas éigin dúinne i measc a bhráithre gaoil.”
5Chuir Maois a gcúis i láthair an Tiarna. 6Dúirt an Tiarna le Maois: 7“Tá an ceart ag iníonacha Zalofachád; tabhair seilbh dóibh ar oidhreacht i measc bhráithre gaoil a n‑athar, agus fág oidhreacht a n‑athar fúthu. 8Agus abair le clann Iosrael: ‘Má fhaigheann duine bás gan mhac, ansin téadh a oidhreacht chun a iníne. 9Mura mbíonn iníon aige, téadh a oidhreacht chun a dheartháireacha. 10Mura mbíonn deartháireacha aige, téadh a oidhreacht chun deartháireacha a athar. 11Mura mbíonn deartháireacha ag a athair, téadh a oidhreacht chun an té is goire gaol dó ar a fhine; bíodh sí aige. Bíodh sin mar reacht agus mar dhlí ag clann Iosrael, mar a dʼordaigh an Tiarna do Mhaois.’ ”
Iósua le Bheith i gCeannas
12Dúirt an Tiarna le Maois: “Suas leat faoin sliabh seo Abáraím agus féach uait ar an bhfearann atá tugtha agam do chlann Iosrael. 13Nuair a bheidh lán do shúl faighte agat de, cruinneofar thú chun do mhuintire, dála Árón do dheartháir. 14Óir nuair a bhí an pobal ag monabhar i mʼaghaidh, rinne sibh araon ceannairc i bhfásach Zin in aghaidh mʼordú daoibh mo naofacht a fhoilsiú os comhair a súl de bhíthin an uisce.” (Uisce Mhiríbeá Cháidéis i bhfásach Zin atá i gceist.)
15Dúirt Maois leis an Tiarna: 16“Go gcuire an Tiarna, Dia na spiorad, a chuireann anam san uile dhúil bheo, fear i gceannas an chomhthionóil, 17fear a rachaidh rompu ag dul amach dóibh agus ag teacht isteach, fear a sheolfaidh amach iad agus a sheolfaidh isteach iad, i dtreo nach mbeadh comhthionól an Tiarna mar chaoirigh gan aoire.” 18Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Tóg Iósua mac Nún, fear ina lonnaíonn an spiorad, agus leag do lámha air; 19ansin beir leat é i láthair Eileázár, an sagart, agus i láthair an chomhthionóil go léir, agus tabhair dʼorduithe dó ina láthair. 20Roinn cuid de dʼúdarás leis dʼfhonn go ngéillfeadh comhthionól uile chlann Iosrael dó. 21Seasadh sé i láthair Eileázár an sagart, agus déanadh seisean ceistiú ina thaobh i láthair an Tiarna de réir ghnás an Úirím. De réir a fhocail a rachaidh siad amach, agus de réir a fhocail a thiocfaidh siad isteach–sea eisean agus clann Iosrael fairis, an comhthionól go léir.” 22Rinne Maois mar a dʼordaigh an Tiarna. Rug sé leis Iósua agus chuir é faoi bhráid Eileázár agus an chomhthionóil go léir. 23Leag sé a lámha air agus thug orduithe dó mar a dʼaithin an Tiarna trí Mhaois.

Currently Selected:

Uimhreacha 27: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Uimhreacha 27