Uimhreacha 26
26
Daonáireamh
1Tar éis na plá labhair an Tiarna le Maois agus le hEileázár mac Árón, an sagart, agus dúirt: 2“Déan daonáireamh de réir sleachta ar chomhthionól chlann Iosrael go léir–gach fear fiche bliain dʼaois agus breis agus é ar a chumas airm a iompar.” 3Labhair Maois agus Eileázár an sagart leis na daoine ar mhachairí Mhóáb i ngar don Iordáin sall ó Ireachó. 4Rinneadar an t‑áireamh (faoi mar a dʼordaigh an Tiarna do Mhaois agus do chlann Iosrael ag teacht dóibh on Éigipt): Fir fiche bliain dʼaois agus breis: 5Reúbaen céadghin Iosrael: clann Reúbaen: do Hanóc, sliocht Hanóc; do Phalú, sliocht Phalú; 6do Haezron, sliocht Haezron; do Chairmi, sliocht Chairmi. 7Sin iad sleachta Reúbaen. Daichead trí mhíle seacht gcéad agus a tríocha fear a líon.
8Clann Phalú: Eilíáb. 9Clann Eilíáb: Namúael, agus Dátán agus Aibíorám. An bheirt seo Dátán agus Aibíorám, daoine ar a raibh meas ag an bpobal, is iad a thug dúshlán Mhaois agus Árón; bhaineadar le lucht leanúna Chorach a thug dúshlán an Tiarna. 10Dʼoscail an talamh a chraos agus shlog sé iad–díthíodh Corach agus a lucht leanúna nuair a dʼalp an tine dhá chéad go leith fear. Ba rabhadh iad. 11Níor scriosadh ámh clann Chorach.
12Clann Shímeon de réir sleachta: do Namúael, sliocht Namúael; do Iáimín, sliocht Iáimín; do Iáicín, sliocht Iáicín. 13Do Zearach, sliocht Zearach; do Sheáúl, sliocht Sheáúl. 14Sin iad sleachta Shímeon. Dhá mhíle fichead agus dá chéad fear a líon.
15Clann Ghád de réir sleachta: do Zifeón, sliocht Zifeón; do Haigí, sliocht Haigí; do Shiúiní, sliocht Shiúiní; 16do Oznaí, sliocht Oznaí; do Éirí, sliocht Éirí; 17do Aród, sliocht Aród; do Aíréilí, sliocht Aíréilí. 18Sin iad sleachta chlann Ghád. Daichead míle cúig céad fear a líon.
19Clann Iúdá: Éar agus Ónán: cailleadh Éar agus Ónán i dtír Chanán. 20Clann Iúdá de réir sleachta; do Shéalá, sliocht Shéalá; do Bhearna, sliocht Bhearnan; do Zearach, sliocht Zearach. 21Seo iad clann Bhearnan: do Heazron, sliocht Heazron; do Hámúl, sliocht Hámúl. 22Sin iad sleachta chlann Iúdá. Seachtó cúig mhíle agus cúig céad fear a líon.
23Clann Íosácár de réir sleachta: do Thólá, sliocht Thóla; do Phuvá, sliocht Phuvá; 24do Iáisiúb, sliocht Iáisiúb; do Shiomron, sliocht Shiomron. 25Sin iad sleachta chlann Íosácár. Seasca ceathair míle trí chéad fear a líon.
26Clann Zabúlun de réir sleachta: do Sheirid, sliocht Sheirid; do Éalón, sliocht Éalon; do Iachlael, sliocht Iachlael. 27Sin iad sleachta Zabúlun. Trí fichid míle cúig céad fear a líon. 28Clann Iósaef de réir sleachta: Manaise agus Eafráim. 29Clann Mhanaise: do Mháicír, sliocht Mháicír; ba é Máicír athair Ghileád. Do Ghileád, sliocht Ghileád. 30Seo iad sleachta Ghileád: do Íeizir, sliocht Íeizir; do Héilic, sliocht Héilic; 31do Aisriéil, sliocht Aisriéil; do Sheicim, sliocht Sheicim; 32do Shimíodá, sliocht Shimíodá; do Héifir, sliocht Héifir. 33Ní raibh aon mhac ach iníonacha ag Zalofachád, mac Héifir; seo iad ainmneacha iníonacha Zalofachád–Machlá agus Noá agus Hoglá agus Milceá agus Tirzeá. 34Sin iad sleachta Mhanaise; caoga dó míle seacht gcéad fear a líon.
35Seo iad clann Eafráim de réir sleachta: do Shiútala, sliocht Shiútala; do Bheicir, sliocht Bheicir; do Thachan, sliocht Thachan. 36Seo iad clann Shiútala. Do Éarán, sliocht Éarán. 37Sin iad sleachta Eafráim. Tríocha dó míle cúig céad fear a líon. Ba iadsan clann Iósaef de réir sleachta.
38Clann Bhiniáimin de réir sleachta: do Bheala, sliocht Bheala; do Aisbéal, sliocht Aisbéal; do Aichíorám, sliocht Aichíorám. 39Do Sheafúfám, sliocht Sheafúfám; do Húfám, sliocht Húfám. 40Ba iad Ard agus Námán clann Bheala; do Ard, sliocht Ard; do Námán, sliocht Námán. 41Sin iad clann Bhiniáimin de réir sleachta. Daichead cúig míle sé chéad fear a líon.
42Clann Dhán de réir sleachta: do Shiúchám, sliocht Shiúchám. Sin iad clann Dhán de réir sleachta. 43Seasca ceathair míle ceithre chéad fear líon iomlán sleachta Shiúchám.
44Clann Áiséar de réir sleachta: do Imneá, sliocht Imneá; do Isví, sliocht Isví; do Bheiríá, sliocht Bheiríá. 45Do chlann Bheiríá: do Héibir, sliocht Héibir; do Mhailcíéil, sliocht Mhailcíéil. 46Séarach a ba ainm dʼiníon Áiséar. 47Sin iad sleachta Áiséar. Caoga trí mhíle ceithre chéad fear a líon.
48Clann Naftáilí de réir sleachta: do Iachzael, sliocht Iachzael; do Ghúiní, sliocht Ghúiní. 49Do Iéizir, sliocht Iéizir; do Shiléim, sliocht Shiléim. 50Sin iad sleachta Naftáilí, de réir sleachta. Daichead cúig mhíle cúig céad fear líon chlann Naftáilí.
51Deichniúr ar fhichid, ar sheacht gcéad, ar mhíle, ar shé chéad míle, líon iomlán chlann Iosrael.
52Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt leis: 53“Tá an talamh le roinnt mar oidhreacht orthu seo de réir líon na ndaoine cláraithe. 54Do threabhchas líonmhar, tabhair oidhreacht mhór; do threabhchas beag, oidhreacht bheag; bíodh an oidhreacht a thabharfar do gach treibh de réir a líon cláraithe. 55Ní foláir roinnt na talún a dhéanamh áfach ar cranna; faigheadh gach duine a oidhreacht de réir líon na n‑ainmneacha i dtreibheanna na bpatrarc. 56Tá oidhreacht na dtreibheanna le roinnt ar cranna, gach dream le cuid a fháil de réir a lín–beag, nó mór.”
Daonáireamh na Léivíteach
57Seo iad de réir fine na Léivítigh a cláraíodh: do Ghéirseon, fine Ghéirseon; do Chohát, fine Chohát; do Mharáraí, fine Mharáraí. 58Seo iad sleachta na Léivíteach; sliocht Libní, sliocht Haebrón, sliocht Mhailí, sliocht Mhúisí, sliocht Chorach. Ba é Cohát athair Amrám. 59Ba é Ióceibid iníon Léiví, a rugadh dó san Éigipt, ainm bhean Amrám; agus rug sí dʼAmrám Árón agus Maois agus Miriám a ndeirfiúr. 60Ba é Árón athair Nádáb agus Aibíchiú, Eileázár, agus Íteámár. 61Cailleadh Nádáb agus Aibíchiú nuair a dʼofráladar tine mhídhleathach i láthair an Tiarna. 62Cláraíodh trí mhíle fichead fireannach ar fad dʼaois mí nó breis; níor áiríodh iad le clann Iosrael mar nach bhfuaireadar oidhreacht i measc chlann Iosrael.
63Sin iad na fir a ríomhaigh Maois agus Eileázár an sagart a rinne an daonáireamh seo ar chlann Iosrael ar mhachairí Mhóáb láimh leis an Iordáin sall ó Ireachó. 64Ní raibh orthu fear díobh siúd a chláraigh Maois agus Árón sagart, nuair dʼáiríodar clann Iosrael i bhfásach Shíonái. 65Óir dúirt an Tiarna ina dtaobh-san: “Geobhaidh siad bás san fhásach.” Níor fágadh fear díobh seachas Cálaeb mac Iafuna, agus Iósua mac Nún.
Currently Selected:
Uimhreacha 26: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.