Uimhreacha 25
25
Iosrael i bPeór
1Chuir Iosrael fúthu i Sitím, agus chrom na daoine ar striapachas a dhéanamh le hógmhná Mhóáb. 2Thugadarsan cuireadh don phobal go féastaí a ndéithe, agus chaith an pobal an bia agus shléachtadar dá ndeithe. 3Ghabh Iosrael faoi chuing Bhál Peór ar an gcuma sin agus las fraoch feirge an Tiarna ina n‑aghaidh. 4Dúirt an Tiarna le Maois: “Tóg ceannairí uile an phobail, agus caith le faill i lár an lae ghéigil ghil i bhfianaise an Tiarna iad; ansin iompóidh cuthach feirge an Tiarna ó Iosrael.” 5Dúirt Maois leis na breithiúna in Iosrael: “Ní foláir do gach duine agaibh iad siúd dá mhuintir a chuaigh faoi chuing Bhál Peór a chur chun báis.”
6Seo fear de chlann Iosrael ag gabháil an treo agus an bhean Mhidiánach á tabhairt isteach ina theaghlach aige, os comhair súile Mhaois agus chomhthionól uile chlann Iosrael agus iad ag lógóireacht ag doras Bhoth na Teagmhála. 7Píneachás mac Eileázár mhic Árón, an sagart, nuair a chonaic sé é sin, dʼéirigh sé, dʼfhág an comhthionól, agus rug ar shleá, 8agus chuaigh ar tí an Iosraelaigh isteach sa seomra cúil agus sháigh sé an tsleá go feirc sa bhléin iontu araon, an tIosraelach fir agus an bhean. Stad an phlá a bhuail clann Iosrael ar an gcaoi sin. 9Bhí ceithre mhíle fichead marbh den phlá cheana féin, dá ainneoin sin.
10Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: 11“Píneachás, sagart, mac Eileázár mhic Árón, chuir sé mo chuthach de chlann Iosrael, óir is aige amháin a bhí dúthracht mar mo dhúthrachtsa; uime sin níor scrios mé clann Iosrael de bharr mo dhúthrachta. 12Fógair é seo dá bhrí sin: ‘Seo mé ag bronnadh mo chonradh mar chúiteamh airsean; 13agus beidh sé in chonradh sagartachta síoraí aigesean agus ag a shliocht dá éis, óir bhí dúthracht aige i mbun a Dhé, agus rinne sé leorghníomh do phobal Iosrael.’ ” 14An tIosraelach a maraíodh–an té úd is é sin a maraíodh leis an mbean Mhidiánach–Zimrí mac Sálú a ba ainm dó, ceannaire ar theaghlach sinseartha de chuid Shímeon. 15An Midiánach mná a maraíodh, Cozbaí iníon Zúr–taoiseach sleachta, teaghlach sinseartha i Midián–a ba ainm di.
16Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: 17“Buair na Midiánaigh agus buail iad. 18Óir bhuair siad thú lena gcluain i ngnó Pheór, agus i ngnó Chozbaí a siúr, iníon taoisigh i Midián, an bhean a maraíodh an lá a bhuail an phlá de bharr Pheór.”
Currently Selected:
Uimhreacha 25: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.