YouVersion Logo
Search Icon

Uimhreacha 24

24
1Nuair a chonaic Balám gur thoil leis an Tiarna beannacht a chur ar Iosrael, níor imigh sé, faoi mar a rinne roimhe sin, ar thóir tuartha, ach thug a aghaidh ar an bhfásach. 2Dʼardaigh Balám a shúile agus chonaic Iosrael suite ina gcampa, treibh ar threibh. Luigh spiorad Dé air 3agus chan sé a laoi, agus dúirt:
“Céalmhaine Bhalám mac Bheór,
céalmhaine an té ar gruama é a radharc,
4céalmhaine an té a chluineann briathar Dé.
Feiceann sé a dtugann an tUilechumhachtach dó le feiceáil;
faigheann sé freagra ó Dhia, agus osclaítear a shúile.
5Nach álainn iad do bhothanna, a Iacóib!
nach álainn iad dʼáitribh, a Iosrael.
6Is cuma iad nó gleannta a shíneann i gcéin,
nó luibhghoirt ar insí abhann,
nó crainn aló a chlannaigh an Tiarna,
nó crainn chéadrais láimh leis na huiscí!
7[Tá laoch ag eascar as a síol
agus ag rialú ar chiníocha gan áireamh.]
Is mó ná Agag a rí,
agus uaisleofar a mhórgacht.
8Tugann Dia as an Éigipt amach é;
is cuma dó é nó adharca cama dhamh díleann.
Alpann sé conablach a naimhde,
agus déanann sé mionramh dá gcnámha
agus tollann iad lena shaigheada.
9Chúb sé chuige, agus luigh,
mar leon, mar bhanleon.
Cé leomhfadh é chur ina shuí?
Gura beannaithe lucht bhur mbeannaithe;
gura mallaithe lucht bhur mallaithe.”
10Tháinig reacht feirge ar Bhálác le Balám. Bhuail sé a bhosa ar a chéile agus dúirt le Balám: “Chuir mé fios ort chun mallacht a chur ar mo naimhde, agus seo anois beannacht curtha faoi thrí agat orthu! 11Imigh ort abhaile. Gheall mé onóir a chaitheamh leat go cinnte, ach tá sin bainte díot ag an Tiarna.” 12Thug Balám freagra ar Bhálác: “Ná dúirt mé leis na teachtairí a chuir tú chugam: 13‘Dá dtabharfadh Bálác lán a thí dʼór agus dʼairgead dom, ní fhéadfainn briathar an Tiarna a shárú agus rud a dhéanamh as mo stuaim féin, cibé acu maith nó olc é; a ndeir an Tiarna, sin é a déarfaidh mé.’ 14Anois ó táim ag filleadh ar mo mhuintir féin, lig dom rabhadh a thabhairt duit faoi cad a dhéanfaidh an mhuintir seo le do mhuintirse anseo amach.” 15Ansin chan sé a laoi, agus dúirt:
“Céalmhaine Bhalám mac Bheór,
céalmhaine an té ar gruama é a radharc,
16céalmhaine an té a chluineann briathar Dé,
agus ar fios dó eolas an Té is Airde.
Feiceann sé a dtugann an tUilechumhachtach dó le feiceáil;
faigheann sé freagra ó Dhia, agus osclaítear a shúile.
17Feicim é–ach ní anois é;
faighim radharc air–ach ní láimh liom é:
Faigheann réalta ó Iacób an cheannasaíocht;
Éiríonn slat ríoga as Iosrael.
Bascann sé malaí Mhóáb
agus cloigne uile chlann na geona.
18Cuirtear Eadóm as seilbh,
agus a naimhde, Saeír, mar an gcéanna, cuirtear as seilbh iad,
agus cuireann Iosrael a neart i ngníomh.
19Ceansaíonn Iacób a naimhde,
agus scriosann sé na teifigh ó Ár.”
20Ansin dʼfhéach Balám ar Amáiléic agus chan a laoi agus dúirt:
“Amáiléic a bhí ar thús na gciníocha,
ach dísceofar a shliocht go brách.”
21Ansin dʼfhéach sé ar na Céinigh agus chan a laoi, agus dúirt:
“Ba dhaingean é do theach, a Cháin,
agus do nead suite go hard sa charraig.
22Ach is le Beór an nead,
agus an fada a bheidh tú sciobtha i do chime ag Aisiúr?”
23[Ansin dʼfhéach sé ar Óg] agus chan sé a laoi agus dúirt:
“Tá lucht na farraige ag tóstal lastuaidh,
24longa ó chóstaí Chitím.
Cránn siad Aisiúr, cránn siad Éibir.
Déanfar eisean chomh maith a dhísciú go brách.”
25Ansin dʼéirigh Balám, agus dʼimigh leis abhaile. Dʼimigh Bálác leis chomh maith.

Currently Selected:

Uimhreacha 24: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Uimhreacha 24