Uimhreacha 23
23
Céalmhainí Bhalám
1Dúirt Balám le Bálác: “Tóg seacht n‑altóirí anseo dom agus tabhair anseo chugam seacht dtarbh agus seacht reithe.” 2Rinne Bálác mar a dʼiarr Balám agus dʼofráil Bálác agus Balám tarbh agus reithe ar gach altóir. 3Dúirt Balám ansin le Bálác: “Seas láimh le dʼíobairt uileloiscthe. Rachaidh mé ar aghaidh; bʼfhéidir go gceadóidh an Tiarna dom teagmháil leis. Cibé rud a nochtfaidh sé dom, inseoidh mé duit.” Ar aghaidh leis go barr maolchnoic.
4Tháinig Dia i gcoinne Bhalám agus dúirt Balám leis: “Dheasaigh mé na seacht n‑altóirí agus dʼofráil mé tarbh agus reithe ar gach altóir díobh ina n‑íobairt loiscthe.” 5Chuir an Tiarna ansin focal ina bhéal agus dúirt leis: “Ar ais leat go Bálác agus sin é a déarfaidh tú leis.” 6Chuaigh Balám ar ais chuige agus bʼshiúd é ansiúd é ina sheasamh ag a íobairt uileloiscthe agus taoisigh Mhóáb go léir ina thimpeall. 7Ansin reac sé a laoi agus dúirt:
“Thug Bálác leis mé ó Arám,
rí Mhóáb ó shléibhte an oirthir.
‘Tar agus cuir mallacht ar Iacób dom,
agus déan aoir ar Iosrael.’
8Conas is féidir dom mallacht a chur ar an te nár chuir Dia mallacht air?
Conas is féidir dom aoir a dhéanamh ar an te nach ndearna Dia aoir air?
9Feicim é ó bharr na sléibhte,
agus ó mhaoileann na gcnoc a fhairim é:
Pobal ag maireachtáil leo féin,
nach n‑áiríonn iad féin ar na ciníocha.
10Cé dʼfhéadfadh luaithreach Iacóib a ríomh?
Cé dʼfhéadfadh deannach shlua Iosrael a áireamh?
Gurbh é bás an fhíréin mo bhás-sa!
Gurbh í a gcríoch siúd mo chríochsa.”
11Dúirt Bálác le Balám: “Cad é seo a rinne tú orm? Thug mé liom thú chun mallacht a chur ar mo naimhde, agus seo tú gan ar siúl agat ach ag cur beannachtaí orthu!” 12Dʼfhreagair Balám: “Nach bhfuil sé de cheangal orm féachaint chuige a gcuireann an Tiarna i mo bhéal a labhairt?” 13Dúirt Bálác leis: “Tar liom go láthair eile óna bhféadfaidh tú iad a fheiceáil. Níl radharc agat ón áit seo ach ar imeall an tslua seo, níl radharc agat orthu go léir. Cuir mallacht orthu ón áit sin thall.” 14Thug sé leis é go Gort na Spiairí i dtreo mhullach Phisceá. Thóg sé seacht n‑altóirí ansiúd agus dʼofráil sé tarbh agus reithe ar gach altóir. 15Dúirt Balám le Bálác: “Seas taobh le dʼíobairt uileloiscthe; buailfear liomsa anseo thall.” 16Tháinig Dia i gcoinne Bhalám agus chuir focal ina bhéal agus dúirt leis: “Ar ais leat go Bálác agus sin é a déarfaidh tú leis.” 17Chuaigh Balám ar ais chuige agus bʼshiúd é ansiúd é ina sheasamh ag a íobairt uileloiscthe agus taoisigh Mhóáb go léir ina thimpeall. Chuir Bálác ceist air: “Cad dúirt an Tiarna?” 18Ansin reac Balám a laoi agus dúirt:
“Éirigh, a Bhálác, agus éist!
Tabhair cluas dom, a mhic Zipeor.
19Ní duine é Dia go n‑inseodh sé bréag,
ná ní mac le hÁdhamh é go dtiocfadh ar mhalairt aigne.
An dual dó ‘sea’ a rá, gan an beart a dhéanamh,
a bhriathar a thabhairt, ach gan é a chomhlíonadh?
20Seo mise le hordú orm beannacht a thabhairt;
beannacht a thabharfaidh [mé] agus ní dhéanfaidh mé a chur ar ceal.
21Ní fhaca mé urchóid in Iacób.
Níor luigh mé súil ar chruatan in Iosrael.
Tá an Tiarna a nDia faru,
22Tugann Dia as an Éigipt amach iad;
is cuma dóibh é nó adharca cama dhamh díleann.
23Níl briocht in Iacób;
ná tuar asarlaíochta in Iosrael.
Fág go ndeir daoine le Iacób,
agus go ndeir siad le hIosrael: ‘Cén t‑iontas a rinne Dia?’
24seo pobal, amhail banleon ag éirí,
ar tinneall mar leon ar tí léim,
agus nach luíonn go n‑alpann a chreach,
agus go slogann fuil ar mharaigh sé.”
25Dúirt Bálác le Balám: “Ná cuir mallacht orthu, más sea, ach ná cuir beannacht ach chomh beag.” 26Dʼfhreagair Balám Bálác: “Ná dúirt mé leat, cibé rud a deir an Tiarna, go gcaithfidh mé rud a dhéanamh air?” 27“Téanam más ea,” arsa Bálác le Balám, “béarfaidh mé go láthair eile thú. Bʼfhéidir gur toil le Dia iad a mhallú ón áit sin.” 28Rug Bálác Balám go barr Pheór atá go hard os cionn an fhásaigh. 29Ansin dúirt Balám le Bálác: “Tóg seacht n‑altóirí anseo dom, agus tabhair anseo chugam seacht dtarbh agus seacht reithe.” 30Rinne Bálác mar a dʼiarr Balám agus dʼofráil tarbh agus reithe ar gach altóir.
Currently Selected:
Uimhreacha 23: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.