YouVersion Logo
Search Icon

Uimhreacha 22

22
Balám
1Ansin chuir clann Iosrael chun siúil agus shuíodar a gcampa i machairí Mhóáb, lastall den Iordáin, os comhair Ireachó.
2Chonaic Bálác mac Zipeor gach a raibh déanta ag Iosrael leis na hAmóraigh. 3Agus tháinig scéin ar Mhóáb roimh an bpobal seo ar a líonmhaire; bhí eagla ar Mhóáb roimh chlann Iosrael. 4Dúirt sé le seanóirí Mhidián: “Seo an mathshlua seo ag crinneadh gach ní inár dtimpeall mar a chrinnfeadh damh féar na mbánta.” Ba é Bálác mac Zipeor rí Mhóáb an t‑am sin. 5Sheol sé teachtairí ag gairm Balám mac Bheór, i bPatór ar an Abhainn, i dtír chlann Amau, á rá: “Féach tá an dream seo tagtha as an Éigipt agus tá lámh tugtha acu thar chlár na talún; tá curtha fúthu acu ar mo thairseach. 6Tar, le do thoil, agus cuir mallacht ar an dream seo dom, mar tá siad róthréan dom. Ansin bʼfhéidir go bhféadfainn an lámh in uachtar a fháil orthu agus iad a thiomáint as an tír. Óir is maith is eol dom gur beannaithe an té ar a gcuireann tú do bheannacht, agus gur mallaithe an té ar a gcuireann tú do mhallacht.”
7Chuir seanóirí Mhóáb agus seanóirí Mhidián chun siúil agus na sintiúis don asarlaíocht acu, agus thángadar go Balám agus thug dó teachtaireacht Bhálác. 8“Fanaigí anseo thar oíche,” ar sé leo, “agus tabharfaidh mé freagra ar ais chugaibh de réir mar a déarfaidh an Tiarna liom.” Dʼfhan prionsaí Mhóáb le Balám. 9Tháinig Dia go Balám agus dúirt: “Cé hiad na fir seo ag fanúint farat?” 10Dʼfhreagair Balám Dia: “Bálác mac Zipeor rí Mhóáb, chuir sé an teachtaireacht seo chugam: 11‘Féach tá an dream seo tagtha as an Éigipt agus tá lámh tugtha acu thar chlár na talún. Tar agus cuir do mhallacht orthu dom; ansin bʼfhéidir go bhféadfainn cath a chur orthu agus iad a thiomáint amach.’ ” 12Dúirt Dia le Balám: “Ná téigh leo. Na cuir mallacht ar an muintir seo óir tá siad beannaithe.” 13Dʼéirigh Balám lá arna mhárach agus dúirt leis na taoisigh a chuir Bálác chuige: “Téigí ar ais go dtí bhur dtír féin óir ní ligfeadh an Tiarna dom dul libh.” 14Dʼéirigh taoisigh Mhóáb dá bhrí sin agus dʼfhilleadar go Bálác agus dúradar: “Ní toil le Balám teacht linn.”
15Sheol Bálác a thuilleadh prionsaí, níos líonmhaire agus níos céimiúla ná an chéad dream. 16Thángadar go Balám agus dúradar leis: “Seo teachtaireacht ó Bhálác mac Zipeor: ‘Ná diúltaigh, impím ort, teacht chugam. 17Caithfidh mé onóracha leat agus déanfaidh mé cibé rud a déarfaidh tú liom. Tar agus cuir mallacht ar an muintir seo dom.’ ” 18Ach dʼfhreagair Balám teachtaí Bhálác: “Dá dtabharfadh Bálác lán a thí dʼór agus dʼairgead dom, ní fhéadfainn aithne an Tiarna mo Dhia a shárú in aon ní beag ná mór. 19Ach fanaigí féin leis anseo thar oíche, le bhur dtoil, agus gheobhaidh mé amach cad eile atá ag an Tiarna le rá liom.” 20Tháinig Dia go Balám i gcaitheamh na hoíche, agus dúirt leis: “Nár tháinig na fir seo ag glaoch ort? Éirigh agus téigh leo. Ach ná déan aon ní thar mar a déarfaidh mé leat.” 21Dʼéirigh Balám ar maidin agus chuir an diallait ar a láir asail agus chuir chun siúil le taoisigh Mhóáb.
22Las fearg an Tiarna de bharr a imeachta, agus sheas aingeal sa tslí air ar an mbealach á bhac. Bhí sé ar muin a asail agus a bheirt shearbhónta in éineacht leis. 23Chonaic an t‑asal aingeal an Tiarna ina sheasamh ar an mbóthar, agus claíomh nocht ina láimh, agus dʼimigh an t‑asal i leataobh ón mbóthar agus seo leis trí na bánta. Ach bhuail Balám an t‑asal á chur ar ais ar an mbóthar. 24Ansin sheas aingeal an Tiarna ar chosán cúng idir na fíniúna, le balla ar a dheis agus balla ar a chlé. 25Chonaic an t‑asal aingeal an Tiarna agus dhruid sé le balla agus bhrúigh sé cos Bhalám i gcoinne an bhalla agus bhuail Balám arís é. 26Ar aghaidh le haingeal an Tiarna ansin agus sheas in áit a bhí chomh cúng nach raibh aon slí chun gabháil thart ar dheis ná ar chlé. 27Nuair a chonaic an t‑asal aingeal an Tiarna, luigh sé síos faoi Bhalám, agus tháinig racht feirge ar Bhalám agus bhuail sé é lena bhata. 28Ansin dʼoscail an Tiarna béal an asail agus dúirt sé le Balám: “Cad tá déanta agam ort, a rá is gur bhuail tú mé trí huaire mar seo?” 29Dúirt Balám leis an asal: “Tá tú ag déanamh ceap magaidh díom! Nár bhreá liom claíomh a bheith agam i mo ghlaic, mar go mbeifeá marbh agam faoin am seo!” 30Dúirt an t‑asal le Balám: “Nach mise dʼasal? Nach orm a rinne tú marcaíocht ó dʼóige go dtí seo? I gcaitheamh an ama sin go léir ar theip mé riamh ort ag freastal ort?” “Ní dhearna tú,” ar sé.
31Ansin dʼoscail an Tiarna súile Bhalám. Chonaic sé aingeal an Tiarna ina sheasamh ar an mbóthar agus claíomh nocht ina láimh, agus chrom sé síos agus thit ar a bhéal agus ar a fhiacla. 32Dúirt aingeal an Tiarna leis: “Cad a bʼáil leat ag bualadh dʼasail trí huaire mar sin? Seo mise féin tagtha do do chosc mar is claon é do bhealach romham. 33Chonaic an t‑asal mé agus chas i leataobh mar sin uaim trí huaire. Ba mhaith an mhaise duit gur chas sé i leataobh nó bheifeá marbh agam faoin am seo, fág go scaoilfinn a anam leis.” 34Ansin dúirt Balám le haingeal an Tiarna: “Rinne mé peaca. Ní raibh a fhios agam go raibh tú i do sheasamh sa tslí orm. Anois más ea, má tá tú i bhfearg liom, rachaidh mé ar ais.” 35Dʼfhreagair aingeal an Tiarna Balám: “Téigh in éineacht leis na fir seo, ach ná habair aon ní ach mar a déarfaidh mé leat.” Dʼimigh Balám ar aghaidh dá bhrí sin le taoisigh Bhálác.
36Nuair a chuala Bálác go raibh Balám tagtha, chuaigh sé amach ina choinne i dtreo Ár Mhóáb ag teorainn an Arnón, ar an imeall is sia ó bhaile den teorainn. 37Dúirt Bálác le Balám: “Nár chuir mé teachtairí ag glaoch ort? Cén fáth nár tháinig tú chugam? An amhlaidh a mheas tú nach bhféadfainn, bʼfhéidir, onóir a chaitheamh leat?” 38Dʼfhreagair Balám Bálác: “Seo anseo anois agat mé! An bhfuil cead cainte ar bith agam leat anois? An focal a chuireann Dia i mo bhéal, sin é nach foláir dom a labhairt.” 39Dʼimigh Balám ansin in éineacht le Bálác agus thángadar go Ciriat Huzót. 40Mharaigh Bálác eallach agus caoirigh, agus thug sé codanna do Bhalám agus do na taoisigh a bhí in éineacht leis. 41Lá ar na mhárach rug Bálác Balám suas go Bámót Bál agus ón áit sin bhí radharc aige ar an gcuid ba chongaraí den phobal.

Currently Selected:

Uimhreacha 22: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Uimhreacha 22