1
Uimhreacha 22:28
An Bíobla Naofa 1981
ABN
Ansin dʼoscail an Tiarna béal an asail agus dúirt sé le Balám: “Cad tá déanta agam ort, a rá is gur bhuail tú mé trí huaire mar seo?”
Compare
Explore Uimhreacha 22:28
2
Uimhreacha 22:31
Ansin dʼoscail an Tiarna súile Bhalám. Chonaic sé aingeal an Tiarna ina sheasamh ar an mbóthar agus claíomh nocht ina láimh, agus chrom sé síos agus thit ar a bhéal agus ar a fhiacla.
Explore Uimhreacha 22:31
3
Uimhreacha 22:32
Dúirt aingeal an Tiarna leis: “Cad a bʼáil leat ag bualadh dʼasail trí huaire mar sin? Seo mise féin tagtha do do chosc mar is claon é do bhealach romham.
Explore Uimhreacha 22:32
4
Uimhreacha 22:30
Dúirt an t‑asal le Balám: “Nach mise dʼasal? Nach orm a rinne tú marcaíocht ó dʼóige go dtí seo? I gcaitheamh an ama sin go léir ar theip mé riamh ort ag freastal ort?” “Ní dhearna tú,” ar sé.
Explore Uimhreacha 22:30
5
Uimhreacha 22:29
Dúirt Balám leis an asal: “Tá tú ag déanamh ceap magaidh díom! Nár bhreá liom claíomh a bheith agam i mo ghlaic, mar go mbeifeá marbh agam faoin am seo!”
Explore Uimhreacha 22:29
6
Uimhreacha 22:27
Nuair a chonaic an t‑asal aingeal an Tiarna, luigh sé síos faoi Bhalám, agus tháinig racht feirge ar Bhalám agus bhuail sé é lena bhata.
Explore Uimhreacha 22:27