Nihimiá 7
7
1Nuair a bhí an balla tógtha agus na comhlaí go léir ar a lúdracha agam, ceapadh gardaí i bhfeighil na ngeataí (seachas na cantairí agus na Léivítigh). 2Chuir mé riaradh Iarúsailéim faoi chúram mo dhearthár Hanáiní agus Hanainiá, ceannasaí an dúnfoirt, mar ba dhuine iontaofa é agus eagla Dé air thar mar is gnáth. 3Dúirt [mé] leo: “Ná osclaítear geataí Iarúsailéim nó go dtaga teas sa ghrian, agus dúntar agus daingnítear na doirse fad tá [sí fós ard]. Ceapaigí fir as áitritheoirí Iarúsailéim le bheith ina lucht garda, cuid acu i láithreacha faire agus cuid eile acu os comhair a dtí féin.”
Daonra
4Ba mhór agus bʼfhairsing í an chathair ach ba bheag é a líon daoine, gan aon tithe nua tógtha. 5Bhuail mo Dhia isteach i mo cheann ansin tionól a chur ar na huachtaráin, ar na feidhmeannaigh, agus ar an bpobal dʼfhonn áireamh a dhéanamh ar na daoine de réir finí. Dʼaimsigh mé clár ginealach na muintire úd a dʼfhill den chéad iarracht agus seo mar a fuair mé scríofa ann:
6Seo iad muintir an chúige a dʼfhill ó bhraighdeanas agus ó dheoraíocht. Tar éis a ndíbeartha ag Nabúcadnazar rí na Bablóine, dʼfhill siad ar ais go Iarúsailéim agus go Iúdá, gach duine chun a bhaile féin. 7Dʼfhill siad le Zarubáibil, Iéisiúa, Nihimiá, Azairiá, Ráimiá, Nachamánaí, Mordacaí, Bilseán, Mispirit, Bigví, Nahúm, Báná.
Liosta na bhfear do phobal Iosrael: 8clann mhac Pharois, dhá mhíle céad seachtó a dó; 9clann mhac Sheafaitiá, trí chéad seachtó a dó; 10clann mhac Árach, sé chéad caoga a dó; 11clann mhac Phachat Móáb, sé sin clann mhac Iéisiúa agus Ióáb, dhá mhíle ocht gcéad agus a hocht déag; 12clann mhac Éalám, míle dhá chéad caoga a ceathair; 13clann mhac Zatú, ocht gcéad agus daichead a cúig; 14clann mhac Zacái, seacht gcéad agus a seasca; 15clann mhac Bhionúi, sé chéad agus daichead a hocht; 16clann mhac Bhaebái, sé chéad fiche a hocht; 17clann mhac Azgád, dhá mhíle trí chéad fiche a dó; 18clann mhac Adoiníceám, sé chéad seasca a seacht; 19clann mhac Bhigví, dh mhíle seasca a seacht; 20clann mhac Áidín, sé chéad caoga a cúig; 21clann mhac Átaer, Hiziciá is é sin, nócha a hocht; 22clann mhac Háisium, trí chéad fiche a hocht; 23clann mhac Bhaezái, trí chéad fiche a ceathair; 24clann mhac Háirif, céad agus a dó dhéag; 25fir Ghibeón, cúigear agus nócha; 26fir Bheithile agus Natofá, céad agus a hochtó cúig; 27fir Anatót, céad fiche a hocht; 28fir Bhéit Azmávat, daichead a dó; 29fir Chiriat Iáraím, Chipíreá agus Bhaerót, seacht gcéad daichead a trí; 30fir Rámá agus Gheaba, sé chéad fiche a haon; 31fir Mhicmeás, céad fiche a dó; 32fir Bhéitéil agus Háí, céad fiche a trí; 33fir Neabó, caoga a dó; 34clann Éalám eile, míle dhá chéad caoga a ceathair; 35clann mhac Háirím, trí chéad agus a fiche; 36fir Ireachó, trí chéad daichead a cúig; 37fir Lod, Háidíd agus Ónó, seacht gcéad fiche a haon; 38clann mhac Shaná, trí mhíle naoi gcéad agus a tríocha.
39Na sagairt: clann mhac Iadaiá, teaghlach Iéisiúa is é sin, naoi gcéad seachtó a trí; 40clann mhac Iméir, míle caoga a dó; 41clann mhac Phaischiúr, míle dhá chéad daichead a seacht; 42clann mhac Háirim, míle agus a seacht déag.
43Na Léivítigh: clann mhac Iéisiúa, Chaidmíéil, Bhionúi agus Hoidiá, seachtó a ceathair. 44Na cantairí: clann mhac Ásáf, céad daichead a hocht. 45Lucht faire na ngeataí: clann mhac Shealúm, clann mhac Átaer, clann mhac Thalmon, clann mhac Acúb, clann mhac Haitíteá, clann mhac Sheobái, céad tríocha a hocht. 46Na tíolacthaigh: clann mhac Zícheá, clann mhac Hasúpá, clann mhac Thabáót, 47clann mhac Chéaros, clann mhac Shuíahá, clann mhac Phádón, 48clann mhac Labáná, clann mhac Hagábá, clann mhac Shealmaí, 49clann mhac Hanán, clann mhac Ghidéil, clann mhac Ghachar, 50clann mhac Ráiá, clann mhac Reizín, clann mhac Nacódá, 51clann mhac Ghazam, clann mhac Uzá, clann mhac Phásaech, 52clann mhac Bhaesai, clann mhac Mheúiním, clann mhac Nifísím, 53clann mhac Bhacbúc, clann mhac Hacúfá, clann mhac Harchúr, 54clann mhac Bhazlút, clann mhac Mhicídeá, clann mhac Harsá, 55clann mhac Bharcós, clann mhac Shíseará, clann mhac Theamach, 56clann mhac Níziach, clann mhac Haitífeá.
57Clann mhac dhaoir Sholaimh: clann mhac Shotai, clann mhac Shoifeirit, clann mhac Pharúdá, 58clann mhac Iálá, clann mhac Dharcón, clann mhac Ghidéil, 59clann mhac Sheafaitiá, clann mhac Haitíl, clann mhac Phoiceirit-haz-Zabáím, clann mhac Amón. 60Líon iomlán na dtíolacthach agus clann mhac dhaoir Sholaimh: trí chéad nócha a dó.
61Tháinig an mhuintir seo leanas ó Théil Mealach, Téil Harsá, Carúb, Adón, Iméir–ach níorbh fhéidir dóibh a chruthú gur de bhunús Iosraelach a bhfiní ná a sinsir: 62clann mhac Dhaláiá, clann mhac Thóibíá, clann mhac Nacódá–sé chéad daichead a dó. 63Ar chlann na sagart: clann mhac Habaiá, clann mhac Hacóz, clann mhac Bhairzilí–fear a phós ceann dʼiníonacha Bhairzilí an Gileádach agus a ghlac a ainm. 64Rinne an mhuintir sin cuardach i gcláracha a gcraobh sinseartha, ach ní bhfuair siad lua orthu féin iontu i dtreo gur coimeádadh amach as an tsagartacht iad amhail is dá mba neamhghlan dóibh. 65Dúirt an gobharnóir leo gan na bianna coisricthe a chaitheamh nó go bhfaighfí sagart a rachadh i gcomhairle leis na hÚirím agus na Tuimím.
66Ba é líon an chomhthionóil go léir ná daichead dó míle trí chéad agus a seasca, 67seachas a ndaoir agus a ndaoirseacha, seacht míle trí chéad tríocha a seacht díobh ar fad; bhí dhá chéad daichead a cúig cantairí idir fhir agus mhná acu freisin. 68Bhí [seacht gcéad tríocha a sé chapall acu, agus dhá chéad daichead a cúig miúil,] 69 ceithre chéad tríocha a cúig camaill, sé mhíle seacht gcéad agus a fiche asal.
69 Thug cinn finí áirithe ofrálacha deonacha don tógáil. Thug a n gobharnóir míle drachma óir, leathchéad babhla, tríocha éide sagairt, agus cúig céad [míoná airgid] don chiste. 70 Agus thug cinn finí fiche míle drachma óir agus dhá mhíle míoná airgid don chiste tógála. 71 Sé an t‑iomlán a thug an chuid eile den phobal ná fiche míle drachma óir, dhá mhíle míoná agus seasca a seacht éide sagairt.
72 Chuir na sagairt, na Léivítigh, agus cuid den phobal fúthu in Iarúsailéim, agus gardaí na ngeataí, na cantairí, na tíolacthaigh agus na hIosraelaigh eile ina mbailte féin.
Currently Selected:
Nihimiá 7: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.