Nihimiá 6
6
Críoch leis an mBalla
1Nuair a chuala Sanballat, Tóibíá agus Geisim an tArabach agus ár naimhde eile go raibh an balla atógtha agam, gan bearna fágtha ann–cé nach raibh na comhlaí curtha agam ar na geataí fós– 2chuir Sanballat agus Geisim teachtaireacht chugam: “Tar agus buail linn i gceann de na bailte i nGleann Ónó.” Bhí urchóid éigin beartaithe acu dom. 3Chuir mé teachtairí chucu dá bhrí sin á rá: “Tá beartas mór ar bun agam agus dá bhrí sin ní féidir dom dul síos. Stadfadh an obair dá bhfágfainn ann í agus dul síos chugaibh.” 4Chuir siad fios orm ceithre huaire ar an tslí sin, agus thug mé an freagra céanna orthu. 5Chuir Sanballat, ar an intinn chéanna, a sheirbhíseach chugam den chúigiú huair le litir oscailte. 6Seo mar a bhí scríofa inti: “Tá sé ina scéal reatha i measc na gciníocha, de réir mar a deir Geisim, go bhfuil ceannairc á beartú agatsa agus ag na Giúdaigh, agus gur chuige sin atá tú ag tógáil an bhalla, agus go bhfuil tú féin le bheith i do rí; 7gur thug tú treoracha dʼfháithe a fhógairt ar mhaithe leat in Iarúsailéim: ‘Tá rí ag Iúdá.’ Cloisfidh an rí na ráflaí seo go luath i dtreo go mbʼfhearr duit teacht, más ea, agus cúrsaí a phlé linn.” 8Chuir mé freagra ar ais chuige ar an méid sin: “Maidir lena bhfuil ráite agat, níor tharla aon ní dá leithéid; cumadóireacht as barr do chinn féin é go léir.” 9Óir bhíodar ag iarraidh eagla a chur orainn; dúirt siad leo féin: “Tuirseoidh a lámha ón obair, agus ní chuirfear críoch go brách léi.” Ach idir an dá linn bhí neart breise [á chur] i mo lámha agam.
10Thug mé cuaird ar Sheamaiá mac Dhaláiá mac Mhahaetabael mar go raibh cosc air teacht chugam. Dúirt sé:
“Buailimis le chéile i dTeampall Dé,
i ndiamhra an tsanctóra;
Dúnaimis doirse an tsanctóra,
Óir tá siad ag teacht ar tí do mharaithe,
Tá siad ag teacht ar tí do mharaithe anocht.”
11Ach dʼfhreagair mé: “An dteithfeadh mo leithéidse? An rachadh fear de mo sheasamhsa isteach sa sanctóir lena anam a shábháil? Ní rachaidh mé!” 12Thuig mé agus chonaic mé nach amhlaidh a chuir Dia é le hé sin a rá, ach gur fhógair sé an t‑oracal sin orm mar go raibh Tóibíá [agus Sanballat] á dhíol, 13le go ndéanfainn é sin le barr scanradh, agus go ndéanfainn peaca le go bhféadfaidís mo cháil a mhilleadh agus fonóid a dhéanamh fúm. 14Cuimhnigh, a Dhia, ar Thóibíá agus ar Shanballat de bharr a ndearna siad; agus ar Nóaidiá an banfháidh agus ar na fáithe eile a bhí ag iarraidh scanradh a chur orm.
15Bhí an balla réidh dá bhrí sin faoi cheann dhá lá déag agus daichead, ar an gcúigiú lá fichead dʼEalúl. 16Nuair a chuala ár naimhde ina thaobh, agus go bhfaca na ciníocha máguaird é, chuir sé alltacht orthu; bhí drochmheas acu ar ár naimhde agus dʼadmhaíodar gur le cabhair ár nDé a cuireadh an obair i gcrích.
17I rith an ama chéanna seo bhí a lán de mhaithe Iúdá ag cur litreacha go tiubh go Tóibíá, agus bhí litreacha ó Thóibíá ag teacht chucu; 18mar bhí mórán in Iarúsailéim faoi ghéillsine mionn dó mar ba chliamhain é do Sheacainiá mac Árach, agus bhí a mhac Iahóchánán pósta le hiníon Mhisiulám mac Bheiriceá. 19Bhídís fiú ag maíomh a dhea-ghníomhartha os mo chomhair féin, agus chuiridís tuairisc ar mo chuid cainte ar ais chuige. Agus lean Tóibíá air ag cur litreacha chugam le scanradh a chur orm.
Currently Selected:
Nihimiá 6: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.