Nuair a bhí an balla tógtha agus na comhlaí go léir ar a lúdracha agam, ceapadh gardaí i bhfeighil na ngeataí (seachas na cantairí agus na Léivítigh). Chuir mé riaradh Iarúsailéim faoi chúram mo dhearthár Hanáiní agus Hanainiá, ceannasaí an dúnfoirt, mar ba dhuine iontaofa é agus eagla Dé air thar mar is gnáth.