Míocá 4
4
Glóir Iosrael Nua
Síón, Lár na Ríochta Nua
1Titfidh sé amach san am atá le teacht
go mbeidh an sliabh a bhfuil teach an Tiarna air
os cionn na sléibhte
agus go dtógfar níos airde ná na cnoic é.
Tiocfaidh na ciníocha ina sruth go dtí é.
2Is iomaí pobal a rachaidh ann agus a déarfaidh:
“Seo linn, téimis suas go sliabh an Tiarna,
go teach Dhia Iacóib,
chun go múine sé dúinn a shlite
agus go siúlaimis a bhealaí.
Óir ó Shíón rachaidh an dlí amach,
agus ó Iarúsailéim briathar an Tiarna.”
3Beidh smacht aige ar na ciníocha
agus déanfaidh sé réiteach idir an iomad pobal atá i bhfad i gcéin,
agus buailfidh siad a gclaimhte amach ina socanna céachta
agus a sleánna ina gcorráin.
Ní thógfaidh na ciníocha an claíomh in aghaidh a chéile a thuilleadh,
ná ní chleachtfaidh siad cogadh níos mó.
4Beidh an uile dhuine ina shuí faoina fhíniúin
agus faoina chrann fígí agus ní chuirfidh aon fhear eagla orthu.
Is é béal Tiarna na Slua a dúirt é.
5Óir gluaiseann gach uile cheann de na ciníocha ar aghaidh
in ainm a dhé féin
ach siúlfaimidne in ainm an Tiarna, ár nDia, go brách is choíche.
Athchruinniú an Tréada Scaipthe
6An lá sin–a deir an Tiarna,
cruinneoidh mé na caoirigh bhacacha;
baileoidh mé na cinn a ruaigeadh chun fáin
agus na cinn ar thug mé drochíde dóibh.
7Beidh na bacaigh sin ina bhfuílleach agam
agus déanfaidh mé náisiún láidir
den mhuintir atá tuirseach traochta.
Beidh an Tiarna féin ina rí orthu ar Shliabh Shíón
as seo amach agus go deo.
8Agus tusa, a thúir an tréada,
a chnocáin iníon Shíón,
tiocfaidh chugat ar ais
an tiarnas a bhí agat tráth
agus ríúlacht iníon Iarúsailéim.
An Deoraíocht Shlánaitheach
9Cén fáth a nglaonn tú amach chomh hard sin anois?
Nach bhfuil aon rí agat?
An amhlaidh a cailleadh do chomhairleoir
sa chaoi gur ghabh arraingeacha thú
mar bhean ina leaba luí seoil?
10Bí ag lúbarnaíl agus ag cneadach, a iníon Shíón,
mar bhean ina leaba luí seoil.
Óir beidh ort imeacht as an gcathair anois
agus cur fút faoin tuath.
Rachaidh tú go dtí an Bhablóin
ach slánófar ann thú.
Mar is ann a fhuasclóidh an Tiarna thú
ó lámha do naimhde.
Satlóidh Síón ar a Naimhde
11Tá a lán náisiún
ag cruinniú le chéile i dʼaghaidh anois.
Deir siad: “Go dtruaillítear í
ionas go bhfeicfidh ár súile féin bascadh Shíón.”
12Ach ní eol dóibh smaointe an Tiarna
agus ní mó ná sin a thuigeann siad a rún;
mar tá sé tar éis iad a bhailiú le chéile
mar phunanna ar urlár buailte.
13Éirigh, a iníon Shíón,
agus déan an bualadh.
Tabharfaidh mé adharca iarainn
agus crúba cré-umha duit
chun go mbascfaidh tú mórán ciníocha
agus go gcoisricfidh tú a gcreach don Tiarna
agus a saibhreas do Thiarna an domhain go léir.
Gradam an Rí a Éireoidh as Beithil
14[Gearr thú féin anois, a iníon chogúil]
táthar tar éis léigear a chur orainn
agus breitheamh Iosrael
a bhualadh sa leiceann le slat.
Currently Selected:
Míocá 4: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.