1
Míocá 4:5
An Bíobla Naofa 1981
ABN
Óir gluaiseann gach uile cheann de na ciníocha ar aghaidh in ainm a dhé féin ach siúlfaimidne in ainm an Tiarna, ár nDia, go brách is choíche.
Compare
Explore Míocá 4:5
2
Míocá 4:2
Is iomaí pobal a rachaidh ann agus a déarfaidh: “Seo linn, téimis suas go sliabh an Tiarna, go teach Dhia Iacóib, chun go múine sé dúinn a shlite agus go siúlaimis a bhealaí. Óir ó Shíón rachaidh an dlí amach, agus ó Iarúsailéim briathar an Tiarna.”
Explore Míocá 4:2
3
Míocá 4:1
Titfidh sé amach san am atá le teacht go mbeidh an sliabh a bhfuil teach an Tiarna air os cionn na sléibhte agus go dtógfar níos airde ná na cnoic é. Tiocfaidh na ciníocha ina sruth go dtí é.
Explore Míocá 4:1
4
Míocá 4:3
Beidh smacht aige ar na ciníocha agus déanfaidh sé réiteach idir an iomad pobal atá i bhfad i gcéin, agus buailfidh siad a gclaimhte amach ina socanna céachta agus a sleánna ina gcorráin. Ní thógfaidh na ciníocha an claíomh in aghaidh a chéile a thuilleadh, ná ní chleachtfaidh siad cogadh níos mó.
Explore Míocá 4:3