Míocá 3
3
Daortar Urchóid na dTiarnaí
1Agus dúirt mé: Éistigí, a cheanna urra Iacóib,
a thaoiseacha theaghlach Iosrael!
Nach é bhur ndualgas é
eolas a bheith agaibh ar céard is ceart?
2Sibhse, a bhfuil fuath agaibh don mhaith agus grá agaibh don olc,
a stróiceann an craiceann de dhaoine
agus a bhaineann an fheoil dá gcnámha,
3a alpann feoil mo phobail;
is a bhaineann a gcraiceann díobh;
a bhriseann a gcnámha
agus a ghearrann ina bpíosaí iad mar fheoil i gcorcán
nó mar chonablach i gcoire.
4Éifidh siad ar an Tiarna an uair sin
ach ní thabharfaidh sé freagra orthu;
folóidh sé a aghaidh orthu
de bhrí go ndearna siad drochghníomhartha.
Daortar Saint na bhFáithe Mealltacha
5Is mar seo a labhraíonn an Tiarna i dtaobh na bhfáithe
a chuireann mo phobal ar seachrán;
fad a bhíonn rud éigin le cogaint
acu fógraíonn siad síocháin
ach fearann siad cogadh naofa ar an té
nach gcuireann dada ina mbéal.
6Dá dheasca sin titfidh an oíche oraibh;
ní bheidh a thuilleadh físeanna agaibh;
clúdóidh an dorchadas sibh
agus ní dhéanfaidh sibh fáistine feasta.
Is ea, rachaidh an ghrian faoi ar na fáithe
agus dorchóidh an lá orthu.
7Ansin beidh náire ar na físithe
agus ceann faoi ar an lucht fáistine.
Clúdóidh siad a mbéal
mar ní thabharfaidh Dia freagra orthu níos mó.
8Ach i dtaca liomsa de táimse lán de chumhacht
(agus de spiorad an Tiarna)
agus de cheart agus de mhisneach
chun a choir a thaispeáint do Iacób
agus a pheaca a léiriú do Iosrael.
Léirscriosfar Síón de bharr na hUasaicme
9Éistigí leis seo, a cheanna urra Iacóib,
a thaoiseacha theaghlach Iosrael,
a bhfuil dearg-ghráin agaibh ar an gceart,
a chuireann gach ní dá bhfuil cóir as a riocht,
10a thógann Síón le fuil
agus Iarúsailéim le héigeart.
11De thoradh breabanna tugann a cinn urra breithiúnas;
múineann a sagairt ar thuarastal
agus déanann a fáithe fáistine ar airgead geal.
Ach mar sin féin cuireann siad a muinín as an Tiarna
agus deir siad: “Nach bhfuil an Tiarna inár measc?
Ní thiocfaidh aon mhí-ádh orainn.”
12Dá dheasca sin déanfar gort treafa de Shíón
agus fothrach de Iarúsailéim
agus ardán crannach de Shliabh an Teampaill
mar gheall oraibhse.
Currently Selected:
Míocá 3: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.