Míocá 2
2
Daortar Lucht an tSaibhris
1Mairg don mhuintir a bhíonn ag meabhrú urchóide
agus ag beartú oilc ar a leaba.
Le céadsolas na maidine siúd chun gníomhartha iad
mar is acmhainn dóibh é.
2Santaíonn siad goirt agus gabhann siad iad;
cuireann siad a ndúil i dtithe agus glacann siad seilbh orthu;
déanann siad éagóir ar dhuine agus coigistíonn siad a theach;
creachann siad duine eile agus baineann siad de a oidhreacht.
3Dá dheasca sin labhraíonn an Tiarna leo mar seo:
Féach! In aghaidh na muintire seo táim ag meabhrú oilc
nach dtarraingeoidh sibh bhur muineál saor uaidh;
ní shiúlfaidh sibh ceann in airde feasta
a dhonacht is a bheidh an uain.
4An lá sin cumfar aoir agus canfar caoineadh fúibh mar seo:
“Táimid scriosta go hiomlán;
tá fearann mo phobail á thomhas le dorú
agus ní thabharfar ar ais dóibh é go deo;
tá ár gcuid talún á roinnt amach.”
5Sin é an fáth nach mbeidh aon duine agaibh
chun dorú a leagan daoibh
ar ghabháltas ar bith i gcomhthionól an Tiarna.
Aighneas idir an Fáidh agus na Peacaigh
6“Ná déanaigíse praeitseáil”–sin é a bpraeitseáil siúd–
“Ní ceart daoibh bheith ag rámhaillíocht mar seo;
ní thógfar an náire chun siúil go deo.”
7An amhlaidh atá alltacht ar theaghlach Iacóib?
An bhfuil briste ar an bhfoighne ag an Tiarna?
An é sin an rud is nós leis a dhéanamh?
Nach dea-chroíoch iad na briathra a labhraíonn sé
lena phobal féin Iosrael?
8Mar sin féin, ní sibhse mo phobal;
éiríonn sibh suas ina choinne mar naimhde;
baineann sibh a fhallaing den duine síochánta
agus déanann sibh cime cogaidh den taistealaí neamhamhrasach.
9Díbríonn sibh bantracht mo phobail
amach as a dtithe breátha
agus baineann sibh dá leanaí
an gradam a bhronn mise orthu.
10“Éirígí! Amach libh! [a deir sibh leo].
Ní ionad sosa daoibhse é seo!”
Agus éilíonn sibh bannaí míchuíosacha orthu
ar rudaí suaracha.
11Fear a bheadh ag tóraíocht baoise agus bréag
agus á rá go cealgach: “Geallaimse daoibh fíon agus flúirse dí”
–sin é an sort duine a bheadh ina fháidh
ag na daoine seo.
Athchruinniú Iosrael
12Go cinnte dearfa cruinneoidh mé Iacób go léir;
baileoidh mé fuílleach Iosrael le chéile;
déanfaidh mé aon bhuíon amháin díobh
mar chaoirigh i loc
nó mar thréad ar féarach
sa chaoi go mbeidh na sluaite ann ag déanamh gleo.
13Ag gluaiseacht rompu amach
beidh an té a dhéanfaidh bearna dóibh.
Brisfidh siad an geata agus imeoidh siad amach tríd.
Gabhfaidh an rí rompu;
is é an Tiarna féin a bheidh mar cheannaire orthu.
Currently Selected:
Míocá 2: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.