Iósua 12
12
Achoimre
1Siad seo ríthe na tíre a chloígh clann Iosrael agus ar ghabhadar seilbh ar a gcríocha lastall den Iordáin agus i dtreo an oirthir, ó shileán Arnón go Sliabh Hearmón, agus an tArabá ar fad lastoir: 2Síochon rí na nAmórach a bhí ag cur faoi i Heisbeón, agus ag rialú ó Aroéir ar imeall Ghleann Arnón–agus com an ghleanna san áireamh–thar leath Ghileád chomh fada le habhainn an Iaboc, teorainn na nAmónach; 3agus soir thar an Arabá go Muir Chinearót ar thaobh, agus go Muir an Arabá, Muir an tSalainn, i dtreo Bhéit Isimiot chomh fada le spoir shliabh Phisceá ar an taobh theas; 4Óg rí Bháiseán, duine dʼiarmhar na Rafáím, a bhí ag cur faoi in Aisteárót agus in Eidreí; 5bhí sé i gceannas ar Shliabh Hearmón agus ar Shalacá agus ar Bháiseán go léir go teorainn na nGeasúrach agus na Mácátach, agus ar leath Ghileád go teorainn Shíochon rí Heisbeón. 6Chloígh Maois óglach an Tiarna agus clann Iosrael iadsan; agus thug Maois óglach an Tiarna a dtailte ina seilbh do na Reúbaenaigh agus do na Gádaigh, agus do leath-threibh Mhanaise.
7Seo iad ríthe na dúiche a chloígh Iósua agus clann Iosrael laistiar den Iordáin ó Bhál Gád i nGleann na Liobáine go Sliabh Hálác, in airde i dtreo Shaeír; agus bhronn Iósua a bhfearainn ar threibheanna Iosrael mar chuid roinne: 8sna hardáin agus na hísleáin; san Arabá agus ar na sleasa; san fhásach agus sa Neigib, i gcríocha na Hiteach, na nAmórach, na gCanánach, na bPirizeach, agus na Iabúsach: 9rí Ireachó, duine; rí Háí le hais Bhéitéil, duine; 10rí Iarúsailéim, duine; rí Heabrón, duine; 11rí Iarmút, duine; rí Láicís, duine; 12rí Eaglón, duine; rí Gheizir, duine; 13rí Dheibír, duine; rí Gheidir, duine; 14rí Hormá, duine; rí Arád, duine; 15rí Libneá, duine; rí Adulám, duine; 16rí Mhacaedá, duine; rí Bhéitéil, duine; 17rí Thapúach, duine; rí Héifir, duine; 18rí Afaec, duine; rí Laiseárón, duine; 19rí Mhádón, duine; rí Házór, duine; 20rí Shimearón, duine; rí Aicseáf, duine; 21rí Thánac, duine; rí Mhigideo, duine; 22rí Cheidis, duine; rí Iocnán i gCairmeil, duine; 23rí Dhór ar shleasa sléibhte Dhór, duine; rí Ghóím sa Ghailíl, duine; 24rí Thirzeá, duine. Líon iomlán na ríthe sin: triúr déag ar fhichid.
Currently Selected:
Iósua 12: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.