Iósua 13
13
An Tír á Roinnt
1Bhí Iósua sean agus anonn sna blianta um an dtaca seo. Dúirt an Tiarna leis: “Tá an aois agat anois agus tá tú anonn sna blianta, ach tá a lán den tír fós le gabháil. 2Seo é an fearann atá fós le gabháil: Críocha uile na bhFilistíneach, agus dúiche uile na nGeasúrach; 3Áirítear mar fhearann Canánach ó Shíochór atá lastoir den Éigipt ó tfhuaidh go teorainn Eacrón: (tá cúigear taoiseach ar na Filistínigh, taoiseach ag Gaza, ag Aisdeod, ag Aiscileon, ag Gat, agus ag Eacrón. Tá na Havaím 4laisteas). Dúiche uile na gCanánach ó Ará atá i seilbh na Síodónach go hAfaec agus go teorainn na nAmórach, 5agus críocha na nGeabalach agus an Liobáin go léir soir ó Bhál Gád ag bun Sliabh Hearmón go Bealach Hamát. 6An mhuintir go léir atá ag cur fúthu sna hardáin ón Liobáin siar go Misreafot Maím, na Síodónaigh go léir, tiomáinfidh mé amach iad roimh Iosrael; ach déansa an talamh a roinnt ar cranna ar chlann Iosrael mar oidhreacht, faoi mar a dʼordaigh mé duit. 7Ní cás duit anois dá bhrí sin an fearann seo a roinnt ar na naoi dtreibheanna agus ar leath-threibh Mhanaise. [Tabhair dóibh ón Iordáin siar chun na Farraige Móire; beidh an Fharraige Mhór mar theorainn acu.]”
Na Treibheanna Lastall den Iordáin
8Fuair na Reúbaenaigh agus na Gádaigh [mar aon le leath-threibh eile Mhanaise] an oidhreacht a thug Maois óglach an Tiarna dóibh lastall den Iordáin soir amach. Bhronn Maois óglach an Tiarna orthu 9an dúiche soir óAroéir ar imeall silteán Arnón, agus ón gcathair i lár an choma, agus ardchlár Mheadabá go léir chomh fada le Díobón; 10na cathracha go léir a bhí ag Síochon rí na nAmórach a rialaigh i Heisbeón chomh fada le teorainn na nAmónach, 11agus Gileád agus dúiche na nGeasúrach agus na Mácátach, Sliabh Hearmón go léir agus Báiseán go léir go Salacá; 12i mBáiseán, ríocht uile Óg a rialaigh in Aisteárót agus in Eidreí, agus arbh é iarmhar uaigneach na Rafáím é; chloígh Maois iadsan agus thiomáin as a seilbh iad. 13Níor dhíbir na hIosraelaigh na Geasúraigh ná na Mácátaigh; tá Geasúr agus Mácát ina gcuid dʼIosrael go dtí an lá inniu féin. 14Treibh Léiví amháin nach bhfuair oidhreacht; (na híobairtí loiscthe do) an Tiarna Iosrael a n‑oidhreacht faoi mar a dúirt sé leo.
15Thug Maois oidhreacht do threibh chlann Reúbaen de réir a bhfiní. 16Ba iad seo a gcríocha: ó Aroéir ar imeall silteáin Arnón, agus an chathair i lár an choma, ardchlár Mhaedabá go léir, 17le Heisbeón agus a cathracha go léir ar an ardchlár: Diobón, Bámót Bál, Béit Bál Meón, 18Iahaz, Caedaemót agus Maefat, 19Ciriataím, Suibmeá agus Zeirit Seahar ar ardáin an ghleanna; 20Béit Peór ar shleasa Phisceá, agus Béit Isimiot, 21cathracha an ardchláir go léir, is é sin, agus ríocht uile Shíochon rí na nAmónach, a rialaigh i Heisbeón; chloígh Maois eisean, agus taoisigh Mhidián–Eiví, Reicim, Zúr, Húr, agus Reaba, prionsaí le Síochon a bhí ag cur fúthu sa tír. 22Maidir le Balám mac Bheór, an fear feasa, mharaigh clann Iosrael le faobhar claímh é fara an muintir eile ar a ndearnadar eirleach. 23Shín fearann na Reúbaenach dá réir sin go dtí an Iordáin, a theorainn. Ba í sin oidhreacht na Reúbaenach de réir a bhfiní, leis na cathracha agus a mbailte máguaird.
24Thug Maois oidhreacht de réir a bhfiní chomh maith do threibh Ghád. 25Sé fearann a fuaireadar: Iazaer, cathracha uile Ghileád, leath-dhúiche na nAmónach, chomh fada le hAroéir sall os coinne Rabá, 26agus ó Heisbeón go Rámat Mizpe agus Batonaím, agus ó Mhachanaím go dúiche Lidibir, 27agus sa ghleann: Béit Hárám, Béit Nimreá, Sucót, agus Záfaón, an chuid eile de ríocht Shíochon rí Heisbeón. Ba í an Iordáin an teorainn go híochtar Muir Chinearat ar an taobh thoir den Iordáin. 28Sin í oidhreacht chlann Ghád de réir a bhfiní, leis na cathracha agus lena mbailte máguaird.
29(Do leath-threibh Mhanaise.) Thug Maois oidhreacht de réir a bhfiní do leath-threibh Mhanaise. 30Shín a bhfearann ó Mhachanaím thar Bháiseán go léir, ríocht Óg rí Bháiseán go léir; coilíneachtaí uile Iáír i mBáiseán, trí fichid cathair. 31Tugadh leath Ghileád, Aistearót, Eidreí, agus cathrachta ríoga Óg i mBáiseán do Mhácaír mac Mhanaise, do leath-chlann Mhácaír de réir a bhfiní.
32Sin mar a roinn Maois na fearainn ar bhánta Mhóáb, lastall den Iordáin os coinne Ireachó. 33Do threibh Léiví amháin níor thug Maois aon oidhreacht; an Tiarna, Dia Iosrael, a n‑oidhreacht faoi mar a dúirt sé leo.
Currently Selected:
Iósua 13: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.