Iósua 11
11
An Tuaisceart á Ghabháil
1Nuair a chuala Iáibín rí Házór na nithe sin chuir sé scéala fúthu go Ióbab rí Mhádón agus go rí Shimreon agus go rí Aicseáf, 2agus go dtí na ríthe sna hardáin thuaidh agus sa ghleann laisteas de Chinearót agus sna hísleáin agus sna leitreacha siar ó Dhór; 3go dtí na Canánaigh thoir agus thiar, na hAmóraigh, na Hitigh, na Pirizigh, na Iabúsaigh sna sléibhte, agus na Hivigh faoi scáth Hearmón i Mizpeá. 4Chuireadar chun bealaigh lena sluaite go léir, iad líonmhar mar ghaineamh na trá, le capaill agus carbaid gan áireamh. 5Tháinig na ríthe seo go láthair choinne agus chomhdhála agus shuíodar a gcampaí le hais a chéile ag uiscí Mhaeróm chun troid in aghaidh Iosrael. 6Dúirt an Tiarna le Iósua: “Ná bíodh aon eagla ort rompu siúd, mar an taca seo amárach fágfaidh mé iad go léir treascartha os comhair a súl ag Iosrael; déan speireacha a n‑each a ghearradh agus tine a chur lena gcarbaid.” 7Tháinig Iósua agus a ghaiscígh go léir gan choinne orthu ag uiscí Mhaeróm, agus thugadar fúthu. 8Thug an Tiarna ar láimh dʼIosrael iad; bhriseadar orthu agus chuadar sa tóir orthu siar chomh fada le Síodón Mhór agus Misreafot Maím agus soir chomh fada le Gleann Mhizpeá. Bhíodar á bpleancadh go dtí nár fágadh fear inste scéil díobh. 9Rinne Iósua leo mar a dʼordaigh an Tiarna; ghearr sé speireacha a n‑each agus dhóigh sé a gcarbaid. 10Dʼfhill Iósua ansin agus ghabh sé Házór agus dʼimir faobhar claímh ar a rí. Bhí ceannas ag Házór ar na ríochtaí sin go léir tráth. 11Chuireadar chun báis de rinn claímh gach dúil bheo inti, agus iad faoin mbang. Níor fágadh duine inti le hanáil na beatha ann agus ansin loisc sé Házór. 12Ghabh Iósua cathracha na ríthe sin go léir agus a ríthe go léir; dʼimir sé faobhar claímh orthu agus iad curtha faoin mbang, faoi mar a dʼordaigh Maois óglach an Tiarna. 13Níor loisc Iosrael aon chathair díobh siúd go léir ar a dtulaigh, seachas Házór amháin a chuir Iósua trí thine. 14Thug muintir Iosrael leo mar chreach éadáil agus eallach na gcathracha sin; dʼimríodar faobhar claímh ar gach daonnaí, agus scriosadar iad go léir; níor fhágadar fiú duine agus anáil na beatha ann.
15Gach ar ordaigh an Tiarna do Mhaois a óglach, thug seisean mar ordú do Iósua, agus chuir Iósua i gcrích é, gan faillí a dhéanamh ar aon ní dár ordaigh an Tiarna do Mhaois. 16Fuair Iósua seilbh ar an tír sin go léir, na hardáin, an Neigib go léir, agus fearann uile Ghoisin, na hísleáin, an tArabá, ardáin agus ísleáin Iosrael. 17Ó Shliabh Hálác a éiríonn i dtreo Shaeír chomh fada le Bál Gád in nGleann na Liobáine faoi scáth Hearmón, ghabh sé na ríthe go léir, threascair iad agus bhásaigh iad. 18Chuir Iósua cogadh ar na ríthe sin go léir ar feadh i bhfad. 19Ní dhearna cathair síocháin le clann Iosrael ach na Hivigh a mhair i nGibeón; i gcath a fuaireadar an lámh uachtair ar an gcuid eile go léir. 20Ba é deonú an Tiarna a gcroithe a chruadh chun go rachaidís chun catha in aghaidh Iosrael dʼfhonn go gcuirfí gan taise faoin mbang iad agus go scriosfaí iad mar a dʼordaigh an Tiarna do Mhaois. 21Ansin tháinig Iósua agus scrios sé na hAnácaím ó na hardáin, ó Heabrón, ó Dheibír, ó Anáb, ó ardáin Iúdá go léir agus ó ardáin Iosrael go léir; chuir sé iad féin agus a gcathracha faoin mbang. 22Níor fágadh aon Anácaím i bhfearainn chlann Iosrael ach ag Gaza, Gat, agus Aisdeod. 23Fuair Iósua seilbh ar an tír ar fad, faoi mar a dúirt an Tiarna le Maois, agus thug sé é dʼIosrael mar oidhreacht de réir mar a bhíodar roinnte ina dtreibheanna. Agus bhí sos ó chogadh ag an tír.
Currently Selected:
Iósua 11: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.