Iósua 10
10
Comhaontú Amórach
1Tharla ansin gur insíodh do Adonaízidic rí Iarúsailéim gur ghabh Iósua Háí agus gur chuir sé an chathair faoi bhang, agus gur thug sé an íde chéanna uirthi féin agus ar a rí agus a thug ar Ireachó agus ar a rí; agus go ndearna lucht Ghibeón síocháin le clann Iosrael agus go rabhadar tagtha chun muintearais leo. 2Bhí sceimhle air dá bharrsan mar go raibh Gibeón chomh breá de chathair le ceann de chathracha an rí féin, í níos mó na Háí agus a saoránaigh go léir ina bhfir chogaidh. 3Ansin chuir Adonaízidic rí Iarúsailéim scéala chun Hóhám rí Heabrón, Pireám rí Iarmút, Iáfia rí Láicís agus Deibír rí Eaglón. 4“Taobhaigí liom,” ar sé, “agus tagaigí i gcabhair orm; déanaimis Gibeón a scrios mar go ndearna sí síocháin le Iósua agus le clann Iosrael.” 5Na cúig ríthe Amóracha .i. rí Iarúsailéim, rí Heabrón, rí Iarmút, rí Láicís, agus rí Eaglón–chruinníodar a sluaite le chéile agus ghluaiseadar chun bóthair lena n‑airm go léir; rinneadar léigear ar Ghibeón agus dʼionsaíodar é.
6Chuir muintir Ghibeón scéala chun Iósua ina champa i nGilgeál á rá: “Ná tréig do shearbhóntaí; brostaigh anseo aníos chugainn chun sinn a fhuascailt agus fóirithint orainn mar go bhfuil ríthe na nAmórach go léir atá ag cur fúthu sna hardáin cruinnithe le chéile inár n‑aghaidh.” 7Ghabh Iósua féin suas ó Ghilgeál dá réir sin, agus a lucht cogaidh go léir fairis, agus na gaiscígh go léir. 8Dúirt an Tiarna le Iósua: “Ná bíodh aon eagla ort rompu seo, mar thug mé i do láimh duit iad; ní fhéadfaidh oiread agus duine díobh an fód a sheasamh i do choinne.” 9Mháirseáil Iósua ó Ghilgeál ar feadh na hoíche dá bhrí sin agus tháinig sé orthu aniar aduaidh. 10Chuir an Tiarna i raon maidhme iad roimh chlann Iosrael agus rinneadar ár agus eirleach orthu i nGibeón. Chuir an Tiarna tóir orthu ar feadh chonaire Bhéit Horon agus bhí á gciapadh chomh fada le hAzaecá agus Macaedá. 11Dʼfhear an Tiarna clocha móra sneachta ón spéir anuas sa mhullach orthu agus iad ag teitheadh le fána ó Bhéit Horon ar feadh na slí go hAzaecá, agus mharaigh sin iad; is mó a fuair bás de bharr na gclocha sneachta ná de rinn claímh chlann Iosrael. 12Ansin labhair Iósua leis an Tiarna an lá céanna ceannann a thug an Tiarna na hAmóraigh ar láimh do chlann Iosrael; chan Iósua i láthair chlann Iosrael:
“A ghrian, fan socair os cionn Ghibeón,
Agus, a ghealach, os cionn Ghleann Aiálón.”
13Agus dʼfhan an ghrian socair agus an ghealach ina stad,
Nó go raibh díoltas déanta ag an bpobal ar a naimhde.
Nach bhfuil seo scríofa i Leabhar na bhFíréan? Dʼfhan an ghrian ina stad i lár na spéire agus chuir moill ar a dul faoi ar feadh lae iomláin, geall leis. 14Ní raibh lá mar é riamh ná ó shin i leith nuair a ghéill an Tiarna do ghuth duine mar bhí an Tiarna ag troid ar son Iosrael. 15Dʼfhill Iósua agus Iosrael go léir fairis ar ais ar an gcampa i nGilgeál.
Cúigear Rí in Uaimh
16Theith an cúigear rí úd agus chuadar i bhfolach in uaimh Mhacaedá. 17Tugadh scéala chun Iósua: “Fuarthas an cúigear rí agus iad i bhfolach in uaimh Mhacaedá.” 18“Cuirigí,” arsa Iósua, “leacacha móra le béal na huaimhe, agus díorma fear ar garda láimh léi. 19Ná fanaigí féin díomhaoin, ansiúd, áfach; téigí sa tóir ar bhur naimhde; sáraígí iad ina gconair theithe agus ná ligigí isteach ina gcathracha iad, mar tá an Tiarna bhur nDia tar éis iad a thabhairt ar láimh daoibh.” 20Nuair a bhí ár agus eirleach déanta orthu ag Iósua, agus ag saighdiúirí Iosrael agus gan ach iarmhar beag fágtha, theith fuíoll an áir chun a gcathracha daingne.
21Dʼfhill an pobal go léir slán folláin ar champa Iósua i Macaedá, agus níor leomhaigh aon duine iarracht a dhéanamh in aghaidh chlann Iosrael. 22Ansin dúirt Iósua: “Osclaigí béal na huaimhe agus tugaigí an cúigear rí úd amach chugam.” 23Rinneadar amhlaidh agus thugadar an cúigear rí úd amach as an uaimh chuige .i. rí Iarúsailéim, rí Heabrón, rí Iarmút, rí Láicis, agus rí Eaglón. 24Nuair a bhíodarsan tugtha amach go Iósua acu, ghair Iósua ar fhir Iosrael go léir agus dúirt le taoisigh na bhfear cogaidh a throid ina theannta: “Druidigí isteach agus cuirigí bhur gcosa ar bhráide na ríthe seo.” Ansin dhruideadar isteach leo agus leag a gcosa ar a mbráide. 25Lean Iósua air: “Ná bíodh eagla ná beaguchtach oraibh; bíodh misneach agaibh agus neart ionaibh mar sin í an íde a thabharfaidh an Tiarna ar na naimhde go léir a throidfidh in bhur n‑aghaidh.” 26Ansin bhuail Iósua an buille báis orthu agus mharaigh iad agus chroch iad ar chúig crainn, agus fágadh crochta ar na crainn iad go tráthnóna. 27Le dul faoi na gréine, ar ordú Iósua, thógadar anuas de na crainn iad agus chaitheadar isteach san uaimh iad mar a ndeachadar i bhfolach. Chuireadar leacacha móra ag béal na huaimhe, agus tá siad ansiúd go dtí an lá inniu féin.
An Deisceart á Ghabháil
28Ghabh Iósua Macaedá an lá céanna agus dʼimir sé faobhar claímh ar an gcathair agus ar a rí. Chuir sé iad go léir faoin mbang, agus gach duine beo a bhí inti, gan ligean le haon duine. Thug sé an íde chéanna ar rí Mhacaedá agus a thug ar rí Ireachó. 29Ghabh Iósua ar aghaidh ansin ó Mhacaedá go Libneá agus sluaite Iosrael go léir fairis agus dʼionsaigh sé Libneá. 30Thug an Tiarna í seo ar láimh dʼIosrael chomh maith, í féin agus a rí; dʼimríodar faobhar claímh uirthi agus ar gach duine inti, gan duine beo a fhágáil inti; agus thugadar an íde chéanna ar a rí agus a thugadar ar rí Ireachó. 31Ghluais Iósua ar aghaidh ó Libneá go Láicís agus sluaite Iosrael go léir fairis; chuir sé léigear uirthi agus dʼionsaigh í. 32Agus thug an Tiarna Láicís ar láimh dʼIosrael agus ghabhadar í ar an dara lá; dʼimríodar faobhar claímh uirthi agus ar gach duine inti mar a rinneadar le Libneá.
33Ansin tháinig Horám rí Gheizir aníos i gcabhair ar Láicís, ach threascair Iósua é féin agus a mhuintir agus níor fágadh duine beo. 34Ghluais Iósua ar aghaidh agus sluaite Iosrael go léir fairis ó Láicís go hEaglón; chuireadar léigear uirthi agus dʼionsaíodar í. 35Ghabhadar í an lá céanna agus dʼimríodar faobhar claímh uirthi. Chuir sé gach duine inti faoin mbang an lá sin mar a rinne le Láicís. 36Ansin ghluais Iósua ar aghaidh ó Eaglón go Heabrón agus sluaite Iosrael go léir fairis. Dʼionsaíodar í, 37ghabhadar í agus dʼimríodar faobhar claímh uirthi féin, ar a rí agus ar gach láthair a bhain léi, agus ar gach duine inti; agus, faoi mar a rinne sé le hEaglón, níor fhág sé fear inste scéil inti; chuir sé faoin mbang í le gach dúil bheo inti.
38Ansin chas Iósua i leataobh in aghaidh Dheibír, agus sluaite Iosrael go léir fairis, agus dʼionsaigh sé í. 39Ghabh sé í féin agus a rí agus na láithreacha go léir a bhain léi; dʼimríodar faobhar claímh orthu agus chuireadar gach dúil bheo inti faoin mbang; níor fhág sé fear inste scéil. Thug sé an íde chéanna ar Dheibír agus ar a rí agus a thug ar Heabrón agus a thug ar Libneá agus ar a rí.
40Fuair Iósua an lámh in uachtar ar an gcuma sin ar an tír ar fad–na hardáin, an Neigib, na hísleáin, na fánaí, agus a ríthe go léir; níor fhág sé duine beo, agus chuir sé gach dúil bheo faoin mbang mar a dʼordaigh an Tiarna, Dia Iosrael. 41Chloígh Iósua iad ó Cháidéis Bairnéa go Gaza, dúiche uile Ghoisin chomh fada le Gibeón. 42Ghabh Iósua na ríthe sin go léir agus a bhfearainn dʼaon iarracht amháin mar go raibh an Tiarna, Dia Iosrael, ag troid ar son Iosrael. 43Ansin dʼfhill Iósua, agus sluaite Iosrael go léir fairis, ar an gcampa ag Gilgeál.
Currently Selected:
Iósua 10: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.