1
Iósua 10:13
An Bíobla Naofa 1981
ABN
Agus dʼfhan an ghrian socair agus an ghealach ina stad, Nó go raibh díoltas déanta ag an bpobal ar a naimhde. Nach bhfuil seo scríofa i Leabhar na bhFíréan? Dʼfhan an ghrian ina stad i lár na spéire agus chuir moill ar a dul faoi ar feadh lae iomláin, geall leis.
Compare
Explore Iósua 10:13
2
Iósua 10:12
Ansin labhair Iósua leis an Tiarna an lá céanna ceannann a thug an Tiarna na hAmóraigh ar láimh do chlann Iosrael; chan Iósua i láthair chlann Iosrael: “A ghrian, fan socair os cionn Ghibeón, Agus, a ghealach, os cionn Ghleann Aiálón.”
Explore Iósua 10:12
3
Iósua 10:14
Ní raibh lá mar é riamh ná ó shin i leith nuair a ghéill an Tiarna do ghuth duine mar bhí an Tiarna ag troid ar son Iosrael.
Explore Iósua 10:14
4
Iósua 10:8
Dúirt an Tiarna le Iósua: “Ná bíodh aon eagla ort rompu seo, mar thug mé i do láimh duit iad; ní fhéadfaidh oiread agus duine díobh an fód a sheasamh i do choinne.”
Explore Iósua 10:8
5
Iósua 10:25
Lean Iósua air: “Ná bíodh eagla ná beaguchtach oraibh; bíodh misneach agaibh agus neart ionaibh mar sin í an íde a thabharfaidh an Tiarna ar na naimhde go léir a throidfidh in bhur n‑aghaidh.”
Explore Iósua 10:25
Home
Bible
Plans
Videos