YouVersion Logo
Search Icon

Iób 37

37
1Suaitheann sé seo mo chroí féin,
Agus preabann sé anonn ionam.
2Éist le glór a ghutha,
Agus leis an tormán a thagann as a bhéal.
3Scaoileann sé a thintreach ar feadh stua na spéire,
Agus sroicheann sí go himeall na cruinne.
4Búireann a ghuth ina diaidh,
Agus torann maorga a thoirní.
Ní chuireann sé srian lena [thintreach],
Go dtí nach mbíonn a ghlór le clos a thuilleadh.
5Is éachtach mar a bhúireann Dia le tormán a ghutha,
Agus is iontach na bearta dothuigthe a dhéanann sé.
6Óir deir sé leis an sneachta: “Tit ar an talamh!”
Agus leis an tulca báistí: “Treise ort!”
7Cuireann sé an clabhsúr ar shaothar gach duine,
I dtreo gurb eol do chách a oibreacha.
8Téann gach ainmhí ar ais ina bpluais,
Agus i bhfolach ina bpruchóg.
9Tagann an t‑anfa óna áras theas,
Agus tugann an ghaoth aduaidh an fuacht léi.
10Sí anáil Dé a thugann an leac oighir,
Agus fágann sin na linnte lána téachta.
11Cuireann sé an taise mar ualach ar na néalta;
Agus scaipeann na scamaill toirní a thintreach.
12Treoraíonn sé féin a gcúrsa timpeall,
Agus stiúraíonn sé a n‑athruithe sa séasúr.
Géilleann siad dá orduithe go beacht
Ar fud an domhain mhóir,
13Cibé acu a [sheolann sé iad] dʼfhonn ciníocha na cruinne a phionósú,
Nó dʼfhonn oibreacha trócaire a chur i gcrích.
14Éist leis sin uile, a Iób!
Stad agus machnaigh ar iontais Dé go léir!
15An eol duit conas a dhéanann Dia iad a smachtú,
Agus conas a spréachann a néal an tintreach uaidh?
16An eol duit conas a dhéanann sé na scamaill a chothromú,
Agus cad í an intlíocht lena ndéanann sé an t‑iontas seo?
17Tusa a mbíonn dʼéadach te le do chneas,
Agus an talamh ina chnap faoin ngaoth aneas,
18An féidir leat cabhrú leis stua na spéire a leathadh
Agus é chomh crua le scáthán de mhiotal leáite?
19Múin dúinn cad tá le rá againn
Mar nach féidir dúinn ár gcás a chur in iúl toisc an dorchadais.
20An gcuirfear in iúl gur mian liom labhairt?
An ndéanfar duine a shlogadh nuair a labhróidh sé?
21Téann an solas ar ceal ar uaire
Ar chúl na scamall dorcha;
Ach tagann an ghaoth agus scuabann ar shiúl iad,
22Agus leathann gile ón aird thuaidh.
Tá maorgacht eaglach uime ag Dia;
23Tá seisean, an tUilechumhachtach, i bhfad uainn.
Is éachtach é a chumhacht agus a chothroime
Agus ní chiapann sé an té a bhíonn ag cosaint a chirt.
24Ní ionadh gurb eagal le daoine é,
Agus go bhfuil urraim ag an muintir chiallmhar croí dó.

Currently Selected:

Iób 37: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in