Iób 36
36
Tá Ciall le Pionós Iób
1Lean Eilíhiú air ag caint agus dúirt:
2Bí foighneach go fóill, agus taispeánfaidh mé duit,
Óir tá breis le rá agam ar son Dé.
3Beidh argóintí liom ag teacht ón imigéin
Agus mé á dheimhniú go bhfuil mo cruthaitheoir sa cheart.
4Níl bréag i mo ráite, bí deimhin de,
Tá duine atá foirfe ina chuid eolais ag plé leat.
5Ní dhiúltaíonn Dia don té atá glan ó chroí;
6Ná ní fhágann an peacach i mbláth a chumhachta.
Tugann sé a chuid don bhocht,
7Agus cosnaíonn cearta an fhíréin.
Nuair a ardaíonn sé ríthe chun na corónach,
Agus go dtagann díomas orthu de bharr a réime gan chrích,
8Cuireann sé i ngéibheann geimhleach iad,
Go daingean i mbraighdeanas an anró.
9Fógraíonn sé a mbearta dóibh,
Agus peacaí an uabhair a rinne siad.
10Cuireann sé cogar ina gcluais,
Á áiteamh orthu casadh ó chosán a bpeacaí.
11Má éisteann siad agus rud a dhéanamh air,
Bíonn an rath ar dheireadh a saoil,
Agus a mblianta deiridh go sochma.
12Ach mura ndéanann siad, maraítear le faobhar claímh iad,
Agus buaileann an bás iad gan choinne.
13Déanann na héagráifigh ó chroí an fhearg a chothú
Agus ní ghlaonn siad ag lorg cabhrach nuair a chraplann sé iad.
14Faigheann siad bás ina n‑óige,
Nó caitheann siad saol náireach;
15Ach saorann sé an mhuintir umhal lena n‑ainnise,
Agus osclaíonn a gcluasa le cruatan.
16Tá faoiseamh á bheartú aige duitse freisin;
Bhí cónaí ort tráth i só gan teorainn,
Agus sólais mhéithe ar do bhord.
17Ach ní dhearna tú na coirpigh a dhaoradh;
Rinne tú slad ar chearta na ndílleachtaí.
18Seachain agus ná mealladh maoin thú,
Agus ná déanadh breabanna teanna thú a chur amú.
19Cúisigh lucht na maoine chomh maith leis na boicht,
Lucht an lámh láidir chomh maith leis an dream lag.
20Ná satail ar na daoine nach aithnid duit
Dʼfhonn do ghaolta a chur ina n‑áit.
21Seachain agus ná claon leis an olc,
Mar sin é is cúis dáiríre le dʼanró.
Moladh do Dhia
22Féach! tá Dia á mhóradh lena neart,
Cé is teagascóir mar é?
23Cé a dúirt leis riamh céard a bhí le déanamh aige?
Nó go raibh sé de dhánaíocht ann a rá: “Rinne tú éagóir”?
24Féach chuige go mórfaidh tú a oibreacha;
Bhí siad go minic ina n‑ábhar molta ag daoine.
25Is soiléir iad don saol mór,
Agus tá radharc orthu ón imigéin.
26Is éachtach é Dia, agus sáraíonn sé ár n‑eolas;
Níl áireamh ar líon a bhlianta.
27Eisean a chuireann srian leis an mbáisteach
Agus déanann sé na ceathanna a scaipeadh ina gceo;
28Bíonn na scamaill á sceitheadh
Ina dtuilte ar an gcine daonna.
29Cé a thuigfeadh conas a leathann sé na scamaill,
Nó a bhriseann an toirneach óna phailliún?
30Leathann sé a cheo ina thimpeall,
Agus clúdaíonn sé barr na gcnoc.
31Leosan a dhéanann sé na pobail a chothú,
Agus a dháileann sé bia go fial.
32Cnuasaíonn sé an tintreach ina mhám,
Agus tugann treoir di i leith na sprice.
33Tugann an toirneach rabhadh é bheith ag teacht;
Faigheann an fhearg an lámh in uachtar ar an urchóid.
Currently Selected:
Iób 36: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.