Iób 38
38
Labhraíonn an tiarna
A Chéad Aitheasc: Eagna an Chruthaitheora
1Dʼfhreagair an Tiarna Iób ansin as an anfa gaoithe agus dúirt:
2Cé hé seo atá ag dorchú mo bheartas
Le focail gan stuaim gan éifeacht?
3Cuir do chrios faoi do choim go fearúil;
Cuirfidh mise na ceisteanna anois agus tabhairse na freagraí dom!
4Cá raibh tú nuair a leag mé síos máithreacha na cruinne?
Inis dom é, os rud é go bhfuil tú chomh heolgaiseach!
5Cé chinntigh a tomhais, mar is eol duit sin, ar ndóigh?
Agus cé shín an dorú ar a fad?
6Cad air a bhfuil ceapa a colúin ina luí?
Agus cé a chuir a cloch chúinne ina leaba,
7Nuair a bhí réaltaí uile na maidine ag canadh le lúcháir,
Agus clann Dé go léir ag glao le háthas?
8Cé a dʼiaigh an mhuir isteach le comhlaí,
Nuair a bhrúcht sí amach as an mbroinn?
9Nuair a chuir mé an néal mar éide uirthi,
Agus an scamall dubh mar bhindealán uimpi.
10Chuir mé teorainn léi,
Agus shocraigh mé barraí agus doirse di.
11Agus dúirt mé: “An fad seo a thiocfaidh tú, ach gan teacht thairis seo;
Anseo a theilgfear do thonnta uaibhreacha droim ar ais.”
12Ar thug tú ordú don mhaidin riamh i do shaol?
Ar thaispeáin tú a háit dʼfháinne an lae?
13Chun go mbéarfadh sé greim ar imill an domhain
Agus go ndéanfaí na héagráifigh a chroitheadh as,
14Agus sa chaoi go dtugtar a chruth chun léire mar a bhuailtear cló ar chré le séala,
Agus go ndéantar é a dhathú mar bhrat,
15Agus go mbaintear a solas de na héagráifigh,
Agus go mbristear an ghéag a ardaíodh chun buille a bhualadh.
16An ndeachaigh tú síos i ndoimhne na farraige?
Agus ar shiúil tú i ndiamhra an aigéin?
17Ar nochtadh duit doirse an éaga
Nó an bhfaca tú geataí scáil an bháis?
18Ar mheas tú leithead na talún?
Inis, más fios duit, a fairsinge dom.
19Cá bhfuil an tslí chun áit an tsolais?
Agus dála an dorchadais, cá háit a bhfuil sé?
20Nach tusa a thugann leat chun a fhearannais é?
Nach agatsa atá fios na slí chun a thísean?
21Is duitse is eol, ó rugadh an uair sin thú,
Agus ós mór é líon do bhlianta.
22Ar ghabh tú isteach i dtaiscí an tsneachta?
Nó an bhfaca tú stórais an chloch shneachta
23Atá a taisciú agam le haghaidh uain na hanacra,
I gcomhair lá an chatha agus an chogaidh?
24Cá bhfuil an bealach go gabhal na tintrí
Mar a scaipeann sí a lasair ar fud an domhain?
25Cé ghearr canáil don tuile
Agus bealach don toirneach?
26Le go dtitfeadh uisce ar fhearann gan áitreabh daoine,
Ar an bhfásach atá gan duine ann,
27I dtreo go sásaítear an díthreabh uaigneach,
Agus go n‑eascrann an féar glas ón talamh a bhí tirim.
28An bhfuil athair ag an mbáisteach?
Nó cé a ghin na cruinneaga drúchta?
29Cén bhroinn as a dtagann an leac oighir?
Nó cé ghineann sioc liath na spéire,
30Nuair a chruann na huiscí ina gcarraig,
Agus a théachtann dromchla na bóchna?
31An féidir duit an Treighdín a ghléasadh ina fhearas,
Nó a cuibhreach a bhaint de Shlat an Rí?
32An dtig leat réalta na maidine a sheoladh ar a cúrsa ráithe ar ráithe,
Nó an Camchéachta is a chuingir a threorú ar a mbealach?
33An eol duit reachta na spéire?
An féidir duit a réim a shuíomh ar talamh?
34An dtig leat do ghuth a ardú chun na néalta,
Agus iallach a chur ar na tuilte teanntaithe uisce [do thoil a dhéanamh]?
35An dtiocfaidh na splancanna tintrí ag géilleadh do do bhriathar
Agus a rá: “Anseo dúinn!”?
36Cé a chuir an eagna sna néalta,
Nó a thug tuiscint do mo scamall cumhdaigh?
37Cé a dʼfhéadfadh na néalta a áireamh le críonnacht?
Cé a dʼfhéadfadh seithí uisce na bhflaitheas a chur ar leathmhaing,
38Nuair a dhlúthaíonn an smúit ina dlúmh,
Agus a chruann na fóid le chéile ina mbalc?
39An féidir duit a chreach a fhiach don leon,
Nó goile na leon óg a shásamh,
40Agus iad ina luí ina bpluais
Nó i luíochán ina mothar?
41Cé a dhéanann soláthar don bhadhbh,
Nuair a scréachann a gearrcaigh chun Dé
Agus a [scrogaill sínte] in airde acu le hocras?
Currently Selected:
Iób 38: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.