YouVersion Logo
Search Icon

Iób 35

35
Oirchill Dé
1Lean Eilíhiú air lena aitheasc agus dúirt:
2An dóigh leat gur chóir duit
A rá: “Táimse fíréanta i láthair Dé”?
3Agus ceist a chur air: “Cad é sin duitse?
Cén dochar duitse é má dhéanaimse peaca?”
4Tabharfaidh mise freagra ort féin
Agus ar do chairde chomh maith.
5Féach suas chun na spéartha, agus feic;
Spiúnaigh na néalta go hard os do chionn.
6Má pheacaíonn tú, conas a sháraíonn tú é?
Más líonmhar iad do chionta cén dochar a dhéanann tú dó?
7Má bhíonn tú fíréanta, cad a bhronnann tú air?
Agus cad a fhaigheann sé ó do láimh?
8Do chomharsa a bhíonn thíos le dʼurchóid,
Agus is leis an duine daonna a bhaineann do dheabhearta.
9Glaonn daoine os ard de bharr géarleanúintí,
Agus bíonn siad ag cáiseamh de bharr forneart an tréin.
10Ach ní deir aon duine: “Cá bhfuil Dia, mo chruthaitheoir,
An té a thugann fóirithint san oíche,
11Agus a dhéanann sinn níos gaoismheara ná ainmhithe na cruinne.
Agus níos críonna ná éanlaith an aeir.”
12Glaonn siadsan, ach ní thugann sé freagra,
De bharr dhíomas na n‑urchóideach.
13Nach baoth a mheas go bhfuil Dia bodhar,
Agus nach dtugann an tUilechumhachtach aon ní faoi deara.
14Deir tú: “Ní fheiceann sé mé;
Tá mo chás curtha faoina bhráid, ach ní mór dom feitheamh fós!”
15Nó: “Ní chuireann a fhearg pionós i bhfeidhm,
Ná ní dhealraíonn sé gur eol dó ceannairc na ndaoine.”
16Is le barr baoise a osclaíonn Iób a bhéal,
Agus le teann aineolais a labhraíonn sé chomh fadálach sin.

Currently Selected:

Iób 35: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in