Irimia 9
9
Trualliú Iúdá
1Nach trua gan bothán fear taistil agam san fhásach,
2 go bhfágfaidh mé mo phobal,
go n‑imeoidh mé i bhfad uathu!
Óir is adhaltranaigh iad uile,
agus buíon daoine fealltacha.
3Claonann siad a dteanga ar nós bogha;
ní fírinne ach bréaga atá in uachtar sa tír;
téann siad ó olc go holc.
Diúltaíonn aithne a thabhairt don Tiarna.
4Bíodh gach aon duine san airdeall ar a chara;
ná taobhaigh le do dheartháir,
mar go deimhin is forghabhálaí gach deartháir,
is cúlghearrthóir dícheallach gach cara.
5Meallann gach aon acu a chéile,
ní labhraíonn siad an fhírinne.
Mhúin siad dá dteanga bréaga a rá,
tá siad truaillithe agus níl aithrí ag teacht leo.
6Leatrom ar muin leatroma! cealg ar muin ceilge!
Diúltaíonn siad aithne a thabhairt don Tiarna.
7Uime sin, is mar seo a deir Tiarna na Slua:
“Féach, dearbhóidh mé anois iad sa soitheach leáite
–nó céard eile a dhéanfaidh mé, mar gheall ar a n‑olcas?
8Is saighead mharfa a dteanga, labhraíonn siad go cealgach;
‘Síocháin’, a deir duine ó bhéal lena chomharsa
ach ina chroí cuireann sé luíochán roimhe.
9An é nach n‑agróidh mise na nithe seo orthu?
–is é an Tiarna a labhraíonn–
an é nach ndéanfaidh mise díoltas
ar a leithéid seo de náisiún?
Caoineadh
10Ar son na sléibhte tógaigí suas golgháire agus gubha,
agus ar son féarach an fhásaigh, caoineadh;
óir bánaíodh iad; ní ghabhann aon duine ann,
ní chluintear níos mó géimneach na dtréad.
Éanlaith an aeir agus na beithígh,
theith siad araon, níl siad ann.
11Déanfaidh mé Iarúsailéim ina carnán cloch,
ina huaimh seacál,
déanfaidh mé fásach gan áitreabh de bhailte Iúdá.”
12Cé hé an duine críonna a thuigfidh é seo? Cé leis a labhair béal an Tiarna féin le go bhfoilseodh sé: Cad chuige ar scriosadh an tír, agus go ndearnadh fásach di gan siúl aon duine inti? 13Dúirt an Tiarna: “Mar seo é, mar gur thréig siad mo dhlí a chuir mé rompu agus nár umhlaigh siad do mo ghuth agus nár lean é, 14ach gur lean siad comhairlí a ndrochchroí féin i ndiaidh na mBálaím mar a mhúin a n‑aithreacha dóibh. 15Mar sin, is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Anois beathóidh mé an pobal seo le mormónta, agus tabharfaidh mé uisce nimhiúil dóibh le hól. 16Scaipfidh mé i measc ciníocha iad narbh aithnid dá n‑aithreacha ná dóibh féin; agus cuirfidh mé an claíomh ina ndiaidh go scriosfaidh mé iad.”
17Seo mar a deir Tiarna na Slua:
“Thusa ansin! Glaoigh ar na mná caointe! Tagaidís!
Cuir fios ar na mná is fearr chuige! Tagaidís siúd!
18Déanaidís deifir go dtóga siad caoineadh dúinne!
Go sile ár súile le deora, go sceithe ár bhfabhraí le huisce!
19Sea, tá an caoineadh le clos as Síón,
‘Cé mar atáimid sladta!
Cé mar atáimid náirithe go deo!
Óir tá orainn imeacht as an tír, agus slán a fhágáil
ag teach agus treabh!’ ”
20Agus sibhse, a mhná, éistigí anois le briathar an Tiarna,
gábhadh bhur gcluasa focal a bhéal.
Múinigí do bhur n‑iníonacha caoineadh,
múinigí dá chéile olagón.
21Tháinig an bás suas chun ar bhfuinneog,
agus rinne a bhealach isteach inar bpáláis;
ghearr sé anuas na leanaí sa tsráid,
na fir óga ar an bhfaiche.
22Tá corpáin daoine ina luí
amhail aoileach ar aghaidh an mhachaire,
amhail punanna i ndiaidh an bhuanaí,
agus ní chruinníonn aon duine iad.
23Is mar seo a deir an Tiarna:
“Ná déanadh an fear críonna glóir as a chríonnacht,
ná maíodh an fear cumasach as a chumas,
ná an fear saibhir as a shaibhreas!
24Ach an té a dhéanfadh glóir, déanfadh sé glóir as seo:
go dtuigeann agus go n‑aithníonn sé mise.
Óir is mé an Tiarna, rialaím ar talamh,
le cineáltas, le ceart agus le fíréantacht;
'sea, is iontu seo atá mo dhúil–an Tiarna a labhraíonn.”
25“Féach, tá na laethanta ag teacht–an Tiarna a labhraíonn–agus gearrfaidh mé pionós ar a bhfuil de dhaoine atá timpeallghearrtha san fheoil amháin: 26An Éigipt, Iúdá, Clann Amón, Móáb agus na Bearracháin uile a chónaíonn san fhásach. Óir tá na ciníocha seo uile, agus fós teach Iosrael go hiomlán, gan timpeallghearradh sa chroí.”
Currently Selected:
Irimia 9: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.