Is mar seo a deir an Tiarna:
“Ná déanadh an fear críonna glóir as a chríonnacht,
ná maíodh an fear cumasach as a chumas,
ná an fear saibhir as a shaibhreas!
Ach an té a dhéanfadh glóir, déanfadh sé glóir as seo:
go dtuigeann agus go n‑aithníonn sé mise.
Óir is mé an Tiarna, rialaím ar talamh,
le cineáltas, le ceart agus le fíréantacht;
'sea, is iontu seo atá mo dhúil–an Tiarna a labhraíonn.”