Irimia 8
8
Bagairtí agus Caointe
1“Nuair a thiocfaidh an t‑am sin–an Tiarna a labhraíonn–tabharfar amach as a n‑uaigheanna cnámha ríthe Iúdá, cnámha na bprionsaí, na sagart, na bhfáithe agus áitritheoirí Iarúsailéim. 2Déanfar iad a spré i bhfianaise na gréine, na gealaí, agus slua neimhe uile, a bʼionúin leo agus dá ndearna siad fónamh, a lean siad, a n‑iarr siad comhairle orthu, agus a dʼadhar siad. Ní chruinneofar ná ní adhlacfar arís iad ach beidh siad chun aoiligh ar chraiceann na talún. 3Agus béarfar bás de rogha ar bheatha leis an méid a bheidh fágtha den droch-mhuintir seo uile, cibé áit a ndíbreoidh mise iad, a deir Tiarna na Slua.
4“Déarfaidh tú leo: Is mar seo a deir an Tiarna:
Má thiteann tú, nach féidir leat éirí arís?
má théann tú amú, nach bhféadann tú filleadh athuair?
5Cad chuige go leanann an pobal seo de bheith ag séanadh,
i gcónaí ag séanadh?
Leanann siad den seachrán agus diúltaíonn siad filleadh.
6Dʼéist mise go haireach,
níl an chaint cheart acu;
ní dhearna aon duine aithrí ina olc
á rá: ‘Céard tá déanta agam?’
Mar a réabann an t‑each chun catha
is mar sin a théann gach aon duine amú ag leanacht a chúrsa féin.
7Fiú amháin an chorr bhán sa spéir
bíonn fios a haimsire aici;
comhairíonn an turtúr, an fháinleog, an chorr ghlas,
am a dteachta.
Ach ní fheadar mo dhaoine rialú an Tiarna.
8Nach dána an mhaise daoibh a rá: ‘Táimid críonna,
agus is againn atá dlí an Tiarna’?
Féach, cé mar a falsaíodh é
le peann bréagach na scríobhaithe.
9Beidh náire ar na daoine críonna,
beidh mearbhail orthu agus díomá.
Féach, cé mar a dhiúltaigh siad do bhriathar an Tiarna!
Cén tairbhe dóibh mar sin a gcríonnacht?
10Tabharfaidh mé mar sin a mná céile do fhir eile,
a bhfearainn do shealbhóirí nua,
óir gach aon díobh ón té is lú go dtí an té is mó,
santaíonn sé an brabach mí-ionraic;
an sagart agus an fáidh araon,
cleachtaíonn siad caimiléireacht.
11Is gan mhairg a chóiríonn siad créacht mo phobail
á rá: ‘Síocháin! Síocháin!’
agus níl aon síocháin ann.
12Náire ba chóir a bheith orthu
mar gheall ar a n‑imeachtaí gránna.
Beag an baol! Níl ciall do náire acu,
ní mó is féidir leo lasadh.
Ar an ábhar sin, mar a thiteann daoine eile,
titfidh siadsan freisin;
teilgfear anuas iad nuair a thiocfaidh mise ar cuairt acu,
a deir an Tiarna.
13Ba mhaith liom dul a bhaint fómhair ann, a deir an Tiarna.
Ach níl fíonchaora ar an bhfíniúin,
ná figí ar an gcrann figí
agus na duilleoga féin, tá siad feoite.
Mar sin é óir thug mise sladairí orthu
le slad a dhéanamh orthu.”
14Cruinnígí! Déanaimis isteach sna bailte daingne
agus faighimis bás iontu,
mar cinntíonn an Tiarna ár nDia an bás dúinn;
tugann sé uisce nimhe dúinn le hól,
óir pheacaíomar ina aghaidh.
15Bhí súil againn le síocháin
–ach níor tháinig maith ar bith,
le haimsir shlánaithe, ach féach an scéin!
16“Tá cuachaíl a n‑eachra le clos ó Dhán;
creathnaíonn an tuath uile
le fuaim sheitreach a staileanna.
Tagann siad a mhilleadh na tíre agus a bhfuil inti,
na mbailte agus gach a gcónaíonn iontu.
17Is ea, cuirim chugaibh anois
péisteanna agus nathracha nimhe
nach ngéilleann dʼorthaí;
bainfidh siad greim asaibh–
an Tiarna a labhraíonn–[a bheidh gan leigheas].”
18Tá dólás orm, titeann mo chroí ionam.
19Éist! Tá guth iníon mo dhaoine ag éamh
ó cheann ceann na tíre,
“Nach bhfuil an Tiarna a thuilleadh i Síón?
Nach bhfuil a Rí inti níos mó?”
(Cad chuige ar bhrostaigh siad mise chun feirge
lena n‑íola greanta,
leis na náideanna iasachta seo?)
An Gorta
20Chuaigh an fómhar tharainn,
tá deireadh leis an samhradh,
agus níor tugadh tarrtháil orainn!
21Mar gheall ar ghortú iníon mo dhaoine
tá mise gortaithe freisin,
is dubhach liom mo shaol, beireann eagla greim orm.
22Nach bhfuil íocshláinte feasta i nGileád?
Nach bhfuil aon lia ann?
Cad chuige mar sin nach ndéanann sé aon dul ar aghaidh,
an leigheas seo iníon mo dhaoine?
23Cé a dhéanfaidh foinse de mo cheann,
agus de mo shúile tobar deor,
a bhfuil de mhairbh as iníon mo dhaoine?
Currently Selected:
Irimia 8: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.