1
Irimia 8:22
An Bíobla Naofa 1981
ABN
Nach bhfuil íocshláinte feasta i nGileád? Nach bhfuil aon lia ann? Cad chuige mar sin nach ndéanann sé aon dul ar aghaidh, an leigheas seo iníon mo dhaoine?
Compare
Explore Irimia 8:22
2
Irimia 8:4
“Déarfaidh tú leo: Is mar seo a deir an Tiarna: Má thiteann tú, nach féidir leat éirí arís? má théann tú amú, nach bhféadann tú filleadh athuair?
Explore Irimia 8:4
3
Irimia 8:7
Fiú amháin an chorr bhán sa spéir bíonn fios a haimsire aici; comhairíonn an turtúr, an fháinleog, an chorr ghlas, am a dteachta. Ach ní fheadar mo dhaoine rialú an Tiarna.
Explore Irimia 8:7
4
Irimia 8:6
Dʼéist mise go haireach, níl an chaint cheart acu; ní dhearna aon duine aithrí ina olc á rá: ‘Céard tá déanta agam?’ Mar a réabann an t‑each chun catha is mar sin a théann gach aon duine amú ag leanacht a chúrsa féin.
Explore Irimia 8:6
5
Irimia 8:9
Beidh náire ar na daoine críonna, beidh mearbhail orthu agus díomá. Féach, cé mar a dhiúltaigh siad do bhriathar an Tiarna! Cén tairbhe dóibh mar sin a gcríonnacht?
Explore Irimia 8:9