YouVersion Logo
Search Icon

Irimia 5

5
An tIonradh Tuillte
1Gabh anonn agus anall trí shráideanna Iarúsailéim,
féach anois, agus bíodh a fhios agat,
cuardaigh a cearnóga;
má éiríonn leat fear a fháil,
oiread agus fear a dhéanann an ceart
agus a iarrann an fhírinne,
tabharfaidh mise ansin maithiúnas di,
[a deir an Tiarna]. 2Ach bíodh go n‑abrann siad: “Go maire an Tiarna,”
ina dhiaidh sin mionnaíonn siad go bréagach.
3A Thiarna, nach é mian do shúl an fhírinne?
Bhuail tú iad, ach ní raibh doilíos orthu.
Bhasc tú iad, ach níor ghlac siad ceartú.
Rinne siad a n‑aighthe níos crua ná carraig.
Dhiúltaigh siad aithrí a dhéanamh.
4“Is iad na miondaoine amháin nach bhfuil aon chiall acu,”
arsa mise, “mar níl a fhios acu slí an Tiarna,
ná reacht a nDé.
5Rachaidh mé go dtí na daoine a bhfuil an chumhacht acu
agus labharfaidh mé leo,
óir beidh a fhios acu sin slí an Tiarna agus reacht a nDé.”
Ach bhí an chuing briste,
na cuibhreacha réabtha acu siúd freisin.
6Sin é an fáth go maraíonn leon as an bhforaois iad,
go ndéanann mac tíre an fhásaigh slad orthu,
go bhfuil liopard i bhfolach ag faire ar a mbailte;
cibé duine a ghabhann amach astu sractar ó chéile é–
mar is do-áirithe a gcionta,
is ag dul i méid atá a séanadh.
7“Cad chuige go maithfinn duit é?
Thréig do chlann mhac mé,
agus mhionnaigh siad i ndéithe nach déithe iad in aon chor.
Choinnigh mé bia leo, agus ghabh siad le hadhaltranas.
Ghnáthaigh siad tithe na meirdreach.
8Bhíodar ina staileanna macnasacha, iad beathaithe,
gach aon duine acu ag seitreach i ndiaidh bean a chomharsan.
9An é nach smachtóidh mise iad mar gheall ar na nithe sin–an Tiarna a labhraíonn–
nach n‑agróidh mise mo dhíoltas
ar a leithéid seo de náisiún?
10Dreapaigí suas ar a sraitheanna: Scriosaigí!
Críochnaígí ar fad í!
Bainigí anuas di a briongláin,
ní leis an Tiarna iad.
11Go deimhin is go fealltach a dʼfheall sí orm,
an teach seo Iosrael–an Tiarna a labhraíonn.
12Shéan siad an Tiarna; dúirt siad: ‘Ní dhéanfaidh sé dada;
ní thiocfaidh aon olc chugainn,
claíomh ná gorta ní fheicfimid.
13Níl na fáithe ach ag cur gaoithe,
níl an briathar iontu.’
14Ar an ábhar sin–a deir an Tiarna, Dia na Slua–
Is mar seo a dhéanfar leo
as ucht é sin a rá:
déanfaidh mise mʼfhocail ina thine ar do bhéal,
agus an pobal seo ina bhrosna,
le go loscfaidh an tine iad.
15Tabharfaidh mé anois oraibh uile, cine ón imigéin
a theach Iosrael–is é an Tiarna a labhraíonn–
is náisiún dochloíte é, náisiún seanda,
náisiún nach aithnid duitse a theanga,
ní thuigeann tú focal a deir siad.
16Tá a mbolgán saighead amhail uaigh oscailte;
is laochra cróga iad uile.
17Slogfaidh siad an fómhar agat agus an t‑arán,
slogfaidh siad do mhic agus dʼiníonacha,
slogfaidh do thréada agus do shealbháin,
dʼfhíniúna agus do chrainn figí,
scriosfaidh siad do bhailte daingne
ina bhfuil do dhóchas.
18“Ach sna laethanta sin féin–an Tiarna a labhraíonn–ní scriosfaidh mé ar fad sibh. 19Agus nuair a déarfaidh siad: ‘Cad chuige a ndearna an Tiarna, ár nDia, na nithe seo linn?’ freagróidh tusa mar seo iad: ‘Faoi mar a thréig sibhse mise agus a rinne sibh fónamh do dhéithe iasachta ar bhur dtailte féin, mar an gcéanna caithfidh sibh fónamh do dhaoine iasachta i ndúiche nach libh féin.’ ”
Gorta
20Foilsígí é seo i dteach Iacóib, fógair é in Iúdá, á rá:
21“Éistigí seo anois, a phobal dallintinneach gan tuiscint,
–ag a bhfuil súile agus nach bhfeiceann,
cluasa agus nach gcluineann.
22Nach bhfuil aon eagla oraibh romhamsa?
–an Tiarna a labhraíonn–
An é nach gcreathnóidh sibh i mo láthairse,
mise a chuir an gaineamh ina theorainn don fharraige,
ina chlaí buan nach bhfuil aon dul thairis;
tiomáineann na tonnta ach ní bheireann bua,
tonngháireann siad, níl dul thairis acu.
23Ach tá croí ainrianta, easumhal ag an bpobal seo;
dʼéirigh siad amach–is maith chuige sin iad!
24Ní dúirt siad ina gcroí: ‘Seo anois, bíodh eagla an Tiarna, ár nDia orainn;
tugann sé fearthainn go luath, agus go déanach gach bliain go tráthúil,
coimeádann dúinn seachtainí cinnte an fhómhair.’
25Thóg bhur gcionta nithe maithe uaibh,
ghiorraigh bhur bpeacaí na fabhair seo.
26Is ea, tá drochdhaoine le fáil i measc mo phobail;
spréann siad a líonta;
fearacht éanairí cuireann siad dol,
agus gabhann daoine.
27Mar a bheadh cliabhán ann lán dʼéanlaith
amhlaidh sin tá a dtithe lán de chreach;
dʼéirigh siad mór agus saibhir dá bharr,
28dʼéirigh siad méith agus sleamhain.
Go deimhin níl teorainn leo le holcas,
níl meas acu ar an gceart,
ní trua leo cás an dílleachta,
cúis na mbocht, ní chosnaíonn siad.
29An é nach gcaithfidh mé nithe dá shórt a chúiteamh leo
–an Tiarna a labhraíonn–
ná mo dhíoltas a agairt
ar a leithéid seo de náisiún?”
30Tá nithe aduafara, uafásacha á ndéanamh sa tír;
31tairngreann na fáithe go bréagach,
teagascann na sagairt ar a gcomhairle féin.
Agus is maith le mo phobal é.
Ach i ndeireadh na cúise, céard a dhéanfaidh sibh?

Currently Selected:

Irimia 5: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in