Irimia 4
4
Ionradh ón Tuaisceart
1“Más mian leat filleadh, a Iosrael,
–is é an Tiarna a labhraíonn–
Is ormsa nár mhór duit filleadh.
Cuir deireadh le do ghráiniúlacht
agus ní bheidh aon chall agat mé a sheachaint.
2Má mhionnaíonn tú: ‘Go maire an Tiarna’
go fírinneach, go fíréanta agus go macánta,
beannóidh na ciníocha iad féin ionat,
agus is ionat a bheidh a nglóir.”
3Óir is mar seo a deir an Tiarna
le fir Iúdá agus le háitritheoirí Iarúsailéim:
“Glanaigí go maith bhur bhfearann branair,
ná síolchuirigí i measc spíonta.
4Timpeallghearraigí sibh féin don Tiarna,
bainigí díbh forchraiceann bhur gcroí,
(a fheara Iúdá, agus a áitritheoirí Iarúsailéim),
ar fhaitíos go léimfeadh mʼfhearg amach ar nós tine,
agus go loscfadh agus nach bhféadfadh aon duine í a mhúchadh,
mar gheall ar olc bhur ngníomhartha.
5Foilsígí é in Iúdá, fógraígí é in Iarúsailéim!
Séidigí an stoc faoin tuaith,
fógraígí os ard agus abraigí:
‘Cruinnígí! teannaigí leis na bailte daingne!’
6Déanaigí eolas an bhealaigh go Síón;
teithigí, ná déanaigí moill!
Tugaimse olc oraibh ón Tuaisceart,
milleadh mór.
7Tá an leon aníos óna dhoire,
tá scriosadóir na gciníocha ar a shlí,
tá sé tagtha óna bhaile
chun do fhearann a bhánú.
Déanfar conamar de do bhailte
gan duine ná deoraí iontu.
8Crioslaígí sibh féin mar sin le sacéadach,
caoinigí agus uailligí,
mar níor iompaíodh fearg bhorb an Tiarna ar ais uainn.
9An lá sin–is é an Tiarna a labhraíonn–
clisfidh croí an rí
agus croí na bprionsaí mar an gcéanna;
beidh uafás ar na sagairt,
beidh mearbhall ar na fáithe.”
10[Déarfaidh daoine] ansin, “Ó, a Thiarna Dia,
nach mór a mheall tú sinn á rá:
‘Beidh síocháin agaibh’,
ar an uair féin atá an claíomh ag ár scornach!”
11San am sin déarfar
leis an bpobal seo agus le Iarúsailéim:
“Séideann gaoth dhóiteach as na harda loma san fhásach
ar iníon mo phobail,
agus ní do cháitheadh ná do ghlanadh í.
12Tá gaoth [bhagartha] ag teacht ar mʼordú.
Anois is mé féin atá ar tí
breithiúnas a thabhairt orthu!”
13Féach, tá sé ag teannadh chun tosaigh ar nós na néalta,
is cosúil le camghaoth a charbaid,
is mire a eachra ná iolair,
is mairg dúinn, táimid caillte!
14Nigh do chroí ó urchóid
ionas go sábháilfear thú, a Iarúsailéim.
Cá fhad a lonnfaidh i do chroí do smaointe mailíseacha?
15Óir foilsíonn guth as Dán,
ag faisnéis ainnise ó shléibhte Eafráim.
16Fógair a theacht le Iúdá, abair é in Iarúsailéim:
‘Tá [naimhde] ag teacht as an imigéin;
ardaíonn siad a ngáir chatha in aghaidh bailte Iúdá.
17Tá siad timpeall Iarúsailéim agus máguaird
fearacht lucht coimhéadta goirt,
de bhrí go raibh sí easumhal domsa–an Tiarna a labhraíonn.
18Thug dʼiompar féin agus do ghníomhartha na nithe seo ort.
Is í seo do chinniúint, agus is searbh í.
Cé mar a shroicheann sé do chroí istigh!”
19Tá mé faoi chrá. Tá mé ag lúbarnaíl le pian.
Á, ballaí mo chroí!–Tá mo chroí á shníomh.
Ní fhéadaim gan labhairt, óir chuala mé
fuaim an stoic agus dreasú an chatha.
20Níl de scéala ach anachain ar muin anachaine;
déantar fásach den dúiche ar fad;
scriostar mo bhothanna go tobann,
mo dhídean, in imeacht nóiméid.
21Cá fhad a chaithfidh mé an meirge a fheiceáil,
agus guth an stoic a cloisteáil?
22“Is mar seo atá sé óir tá mo phobal dallaigeanta;
níl aithne acu orm.
Is clann dúr iad, gan aon cheann orthu.
Tá siad glic go leor chun olc a dhéanamh,
ach do dhéanamh maitheasa níl tuiscint acu.”
23Dʼfhéach mé ar an talamh, agus ní raibh ann ach folús;
ar na spéartha, agus ní raibh solas iontu.
24Dhearc mé ar na sléibhte, agus bhíodar ar crith;
bhí na harda trí chéile ar bogadh.
25Dʼamharc mé, agus, féach, ní raibh duine ann,
agus theith éanlaith uile an aeir.
26Dʼamharc mé, agus, féach, bhí an dúiche choillteach ina fásach,
bhí a bailte uile scriosta,
i bhfianaise an Tiarna, i bhfianaise a fheirge fíochmhaire.
27Óir is mar seo a deir an Tiarna:
“Scriosfar an tír ar fad,
cuirfidh mise críoch leis den turas deireanach;
28Is uime seo a chaoinfidh an talamh
agus éireoidh na spéartha thuas dubh.
Óir tá sé ráite agam, is é atá curtha romham,
ní thiocfaidh malairt intinne dom, ní rachaidh mé ar gcúl.”
29Leis an scairt: “Marcshlua agus boghdóirí”
teitheann an tír ar fad;
tugann dream amháin na doirí orthu,
dreapann dream eile suas ar na creaga;
tréigtear [an tír uile],
ní fhágtar duine ann.
30Agus tusa, céard tá ar intinn agat a dhéanamh?
Bíodh go gcóiríonn tú thú féin faoi scarlóid,
go maisíonn thú féin le hornáidí órga,
go léiríonn do shúile le dathú,
is go díomhaoin a dhéanann tú thú féin sciamhach.
Tarcaisníonn dʼaos grá thú,
is é do bhás a shantaíonn siad.
31Cluinimse an screadaíl a dhéanfadh bean ag druidim le clann,
íona na mná a bheireann a céad leanbh;
is é screadaíl iníon Shíón é,
a croí ina béal aici, a lámha uaithi amach:
“Uch, a thrua mise! i gceartlár lucht marfa.”
Currently Selected:
Irimia 4: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.